Friday, June 13, 2008

Lispin Liospóin




Labhair Muintir na hÉireann. "NÍL" adúradar.

Ach, cad é nach bhfuil? Sin í an cheist, agus dá mbeadh an cheist curtha níos soiléire, chuile sheans gur "TÁ" an fhreagra a bheadh againn inniu.

Cé ar a bhfuil milleán na méise?

Mo léan gur líonmhaire iad seo ná na réalta ar bhratach na hEorpa féin.

Is leor cúpla sampla:

Rinne an Rialtas, agus a lucht tacaíochta sa chás seo, éacht san idirbheartaíocht Eorpach. Céard a rinne siad leis an bua mór seo? Cheileadar é. Chuireadar i dtaisce é. Agus nuair a bhí ortha é a nochtadh i ndeire na dála mar chosaint in aghaidh bréaga na bhfrithchonrathóirí bhí cuma giobalach gránna air. Bhi sé smálaithe ag fíricí na mbinsí fiosrúcháin, ag na bréaga abhí á hinsint ag polaiteoirí áirithe, agus ag aineolas lucht tacaíochta an chonartha faoina raibh ann.

Le fada an lá cuireadh an AE os comhair mhuintir na hÉireann mar tálaí airgid gan aon tagairt ná míniú ar chuspóirí an Aontais nó ar a raibh bainte amach aige sa chomhthéacs Eorpach agus domhanda go nuige seo. Ní haon ionadh mar sin nuair nach raibh breis airgid i gceist gur dhiúltaigh muintir na hÉireann don togra.

D'innis an lucht frithchonarthach glan bréaga, faoi chúrsaí mar cáin, ginmhilleadh, míleatachas agus neodracht. Scaoileadh leo agus d'éirigh leo toisc nach bhfuil a thuilleadh iontaoibhe ag muintir na hÉireann as a gcuid polaiteorí ná as an gcliarlathas. Agus an cliarlathas á luadh agam, ba chúis náire í acu siúd ligean don iris ainspianta úd "Alive" a theacht amach as mhainistir na nDoiminiceach.

Bertie Ahern, Dick Roche, Manuel Barroso, Valerie Giscard d'Estaing agus a thuilleadh mar iad as a ndearg díomas i leith mhuintir na hÉireann agus muintir na hEorpa uile. Bhí sé de dhualgas, dar leis an dream seo, ar an daoscarshlua vótáil ar son ruda nár thuigeadar agus ba hábhar tréasa agus gealtachta é cur in aghaidh an chonartha seo, dar leo. Bhí mé féin ag beartú vótáil ina choinne de bharr an chineál seo cacamais ach vótáil mé ar a shon ar deireadh mar mheas mé go raibh seo ar leas na hÉireann agus na hEorpa. Coinneoidh mé mo chic sa tóin don dream seo go hócáid cuí eile.

N'fheadar cad a thiocfaidh as an NÍL seo. Ní chuirfidh sé le héifeacht na hÉireann san Eoraip ná le héifeacht na hEorpa féin. Tá mórán measa agus tionchair cailte againn san AE agus is sinne a bhéas thíos leis.

Tá rud amháin cinnte, tá Stádas anois ina lán Stad, agus n'fheadar cé mhéad Gaeilgeoir a smaoinigh ar seo agus iad ag caitheamh vóta.


9 comments:

Anonymous said...

"Tá rud amháin cinnte, tá Stádas anois ina lán Stad, agus n'fheadar cé mhéad Gaeilgeoir a smaoinigh ar seo agus iad ag caitheamh vóta."--Póló

Mheas mé i gconaí gur glan-cur-amú airgid a bhí sa Stádas céanna. Tá meas agam ar Ó Cuiv, ach níor aontaigh mé leis. Tá's againn uilig gur féidir le turasóir taisteal ar fud na tíre seo agus gan focal Gaeilge a chloisint -- muna théann sé á lorg. Is trua an scéal é, ach tá sé fíor. Agus b'uafásach an costas aistriúcháin damanta sin a chur ar éinne -- muid fhéin ná an AE -- sa chás sin.

Maidir le Lisbon, ba 'mess' ceart an reifreann. Bhí sé glan soiléir nár thuig muintir na hÉireann uilig cad go díreach a bhí rompu sa chonartha, agus a locht sin ar an Rialtas. Lán stad. Is cuma mé a bheith 'pro' nó 'con', bhí an rud beagnach do-thuigthe don ghnáth-léitheoir agus níor bhacadar len é a mhíniú. Mheasadar go ndéanfaimís mar a duradar linn. Agus níor dhein.

Anonymous said...

A Shíle

Aontaím leat faoin Stádas. B'fhéidir gur rud amháin maith é seo a thiocfaidh as an reifreann.

Chuala mé Alan Dukes ag rá freisin go bhfuil móruaisle an tionscadail Eorpaigh go mór ar leith ón gcoismhuintir Eorpach agus go gcaithfear seo a leigheas. Mar a dúirt tú féin, bhí sé soiléir gur cheap an Rialtas (7rl) go leanfadh an daoscarshlua pé treoir a dtabharfaidís.

Má spreagann an reifreann an teacht le chéile seo, in Éirinn agus san Eoraip, beidh toradh fiúntach air.

Anonymous said...

Deir an Cnagaire go mbeidh deireadh le Stádas toisc toradh an reifrinn.

Ní hé seo tuairim an Aire Ó Cuív de réir urlabhraí na Roinne a dúirt:

'nach raibh impleachtaí diúltacha ar bith ann don Ghaeilge, go raibh a stádas socair agus nach ndéanfaí dochar don teanga'. (Irish Times 18/6/2008)

Anonymous said...

Aontaím le Póló faoi Fhorógra na Cásca. Ní chóir é a scaoileadh leis an bhfreasúra.

Bhaineamar ár saoirse amach chun a bheith deimhneach chomh maith le bheith diúltach.

Scaoileamar an brat náisiúnta leis na Provos tráth agus bhí ar Jack Charleton agus foireann socair na hÉireann é a bhaint ar ais uatha.

Ná déanaimís an botún céanna an dara huair.

Anonymous said...

A Shíle, chuir an stadás roint airgid ar fáil ón AE do chúrsaí Gaeilge agus ní haon díobháil é sin. Thug sé uchtach do Ghaeilgóirí ar an Mhór Roinn freisin....b'fhéidir nach gcreidfeá é ach táid ann. Bhuaileas le déanaí le fear i Lucsamburg a raibh Gaeilge líofa aige, ach bhí a fhios agam nach Éireannach a bhí ann...fear ón Eastóin a d'fhoglaim Gaeilge nuair a bhí sé ag freastal ar Ollscoil na Ríona i mBéal Feirsde. Pé scéal é cothaíonn an roint beag fostaíochta atá ar fáil ón aistriúchán an teanga.Ná bí ag caitheamh anuas air mar sin.

Póló said...

Mise is túisce a chaith anuas ar an dtionscadal amaideach seo.

Má's mian leis an Rialtas an Ghaeilge a chothú, bíodh acu, agus íocaidís deontais dá réir, fiú más as chistí an AE a thagann siad seo.

Ach is cineál "cheap shot" é an Stádas seo. Níl siad sásta an "acquis" a aistriú agus tá siad ag éileamh ar an AE acmhainní a chur ar fáil do dhaoine nach mbainfidh úsáid fadtéarmach astu.

Tiocfaidh an tionscadal seo aniar sa mhullach orainn agus ní chun ár leasa a bheidh sé.

Anonymous said...

Maidir leis na bréaga a scaipeadh i rith fheachtas an reifrinn, tháinig me ar seo inniu. Ní chuimhin liom gur cheistigh nó gur bhréagnaigh éinne na rudaí a dúradh faoi Giscard. A leithéid de fheachtas mí-éifeachtúil ní fhaca me ariamh.

Anonymous said...

Bhaineas an-taithneamh as do chuid anailíse ar thoradh an Reifrinn agus aontaím le cuid mhaith de. Ach mo ghreidhn do shoantacht i dtaobh na bphoiliteoiri atá againn – tar éis níos mó ná 40 bliain á bhfaire, tá tú fós ag súil le rud éigin ar nós físe nó feallsúnachta a theacht uatha : faoin dtráth seo, ba chóir go dtuigfeá ná gheobhfá ó mhuc ach gnúsacht! (Níl polaiteoirí na hEorpa mórán níos fearr na iad.)

Sé an dream ar a chuirfinn cuid mhaith den milleán ná na comhairleoiri, ach go háirithe iad siúd (poilitiúil agus oifigiúil) abhí ag an Rialtas. Is orthu sin abhí an dualgas straitéis a cheapadh agus a mholadh don Rialtas agus é a chur i gcrích – an bhfuil fianaise go raibh a leithéad de rud ann? D’réir mar a chím-se, bhí lucht tacaíochta Lisbon ‘ag rith in diaidh an chluiche’ fiú amháin sara dtosnaigh an imirt.

Póló said...

Lán cheart agat, a Gheit.

Tá mé saonta, nó b'fhéidir dóchasach, nó b'fhéidir go bhfuil mé ag súil go gcuirfidh muintir na hÉireann béasa ar a gcuid polaiteoirí roimh Lá an Bhreithiúnais.

'Siad na polaiteoirí is mó nach raibh ag coinneáil súil ar pháirc na himeartha.

Cuireann gnúsacht na muice scéal polaitiúil eile i gcuimhne dom, ach is scéal eile é sin.