tag:blogger.com,1999:blog-165777288943170018.post6967561609545738206..comments2024-01-18T07:42:45.704+00:00Comments on An Cnagaire: Lispin LiospóinPólóhttp://www.blogger.com/profile/08661092894104384856noreply@blogger.comBlogger9125tag:blogger.com,1999:blog-165777288943170018.post-76347027897272546742008-07-04T01:18:00.000+01:002008-07-04T01:18:00.000+01:00Lán cheart agat, a Gheit.Tá mé saonta, nó b'fhéidi...Lán cheart agat, a Gheit.

Tá mé saonta, nó b'fhéidir dóchasach, nó b'fhéidir go bhfuil mé ag súil go gcuirfidh muintir na hÉireann béasa ar a gcuid polaiteoirí roimh Lá an Bhreithiúnais.

'Siad na polaiteoirí is mó nach raibh ag coinneáil súil ar pháirc na himeartha.

Cuireann gnúsacht na muice scéal polaitiúil eile i gcuimhne dom, ach is scéal eile é sin.Pólóhttps://www.blogger.com/profile/08661092894104384856noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-165777288943170018.post-87780385008608115132008-07-02T12:20:00.000+01:002008-07-02T12:20:00.000+01:00Bhaineas an-taithneamh as do chuid anailíse ar tho...Bhaineas an-taithneamh as do chuid anailíse ar thoradh an Reifrinn agus aontaím le cuid mhaith de. Ach mo ghreidhn do shoantacht i dtaobh na bphoiliteoiri atá againn – tar éis níos mó ná 40 bliain á bhfaire, tá tú fós ag súil le rud éigin ar nós físe nó feallsúnachta a theacht uatha : faoin dtráth seo, ba chóir go dtuigfeá ná gheobhfá ó mhuc ach gnúsacht! (Níl polaiteoirí na hEorpa mórán níos fearr na iad.)

Sé an dream ar a chuirfinn cuid mhaith den milleán ná na comhairleoiri, ach go háirithe iad siúd (poilitiúil agus oifigiúil) abhí ag an Rialtas. Is orthu sin abhí an dualgas straitéis a cheapadh agus a mholadh don Rialtas agus é a chur i gcrích – an bhfuil fianaise go raibh a leithéad de rud ann? D’réir mar a chím-se, bhí lucht tacaíochta Lisbon ‘ag rith in diaidh an chluiche’ fiú amháin sara dtosnaigh an imirt.Anonymousnoreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-165777288943170018.post-62342218639688115292008-06-28T18:11:00.000+01:002008-06-28T18:11:00.000+01:00Maidir leis na bréaga a scaipeadh i rith fheachtas...Maidir leis na bréaga a scaipeadh i rith fheachtas an reifrinn, tháinig me ar  seo inniu. Ní chuimhin liom gur cheistigh nó gur bhréagnaigh éinne na rudaí a dúradh faoi Giscard. A leithéid de fheachtas mí-éifeachtúil ní fhaca me ariamh.Anonymousnoreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-165777288943170018.post-38116062574689775292008-06-28T11:30:00.000+01:002008-06-28T11:30:00.000+01:00Mise is túisce a chaith anuas ar an dtionscadal am...Mise is túisce a chaith anuas ar an dtionscadal amaideach seo.

Má's mian leis an Rialtas an Ghaeilge a chothú, bíodh acu, agus íocaidís deontais dá réir, fiú más as chistí an AE a thagann siad seo.

Ach is cineál "cheap shot" é an Stádas seo. Níl siad sásta an "acquis" a aistriú agus tá siad ag éileamh ar an AE acmhainní a chur ar fáil do dhaoine nach mbainfidh úsáid fadtéarmach astu.

Tiocfaidh an tionscadal seo aniar sa mhullach orainn agus ní chun ár leasa a bheidh sé.Pólóhttps://www.blogger.com/profile/08661092894104384856noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-165777288943170018.post-56008425969720049502008-06-27T11:35:00.000+01:002008-06-27T11:35:00.000+01:00A Shíle, chuir an stadás roint airgid ar fáil ón...A Shíle, chuir an stadás roint airgid ar fáil ón AE do chúrsaí Gaeilge agus ní haon díobháil é sin. Thug sé uchtach do Ghaeilgóirí ar an Mhór Roinn freisin....b'fhéidir nach gcreidfeá é ach táid ann. Bhuaileas le déanaí le fear i Lucsamburg a raibh Gaeilge líofa aige, ach bhí a fhios agam nach Éireannach a bhí ann...fear ón Eastóin a d'fhoglaim Gaeilge nuair a bhí sé ag freastal ar Ollscoil na Ríona i mBéal Feirsde. Pé scéal é cothaíonn an roint beag fostaíochta atá ar fáil ón aistriúchán an teanga.Ná bí ag caitheamh anuas air mar sin.Anonymousnoreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-165777288943170018.post-44804393399370840302008-06-19T01:34:00.000+01:002008-06-19T01:34:00.000+01:00Aontaím le Póló faoi Fhorógra na Cásca. Ní chóir é...Aontaím le Póló faoi Fhorógra na Cásca. Ní chóir é a scaoileadh leis an bhfreasúra.

Bhaineamar ár saoirse amach chun a bheith deimhneach chomh maith le bheith diúltach.

Scaoileamar an brat náisiúnta leis na Provos tráth agus bhí ar Jack Charleton agus foireann socair na hÉireann é a bhaint ar ais uatha.

Ná déanaimís an botún céanna an dara huair.Anonymousnoreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-165777288943170018.post-36925078247308678152008-06-18T14:13:00.000+01:002008-06-18T14:13:00.000+01:00Deir an Cnagaire go mbeidh deireadh le Stádas tois...Deir an Cnagaire go mbeidh deireadh le Stádas toisc toradh an reifrinn.

Ní hé seo tuairim an Aire Ó Cuív de réir urlabhraí na Roinne a dúirt:

'nach raibh impleachtaí diúltacha ar bith ann don Ghaeilge, go raibh a stádas socair agus nach ndéanfaí dochar don teanga'. (Irish Times 18/6/2008)Anonymousnoreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-165777288943170018.post-23825961892134287722008-06-15T20:42:00.000+01:002008-06-15T20:42:00.000+01:00A ShíleAontaím leat faoin Stádas. B'fhéidir gur ru...A Shíle

Aontaím leat faoin Stádas. B'fhéidir gur rud amháin maith é seo a thiocfaidh as an reifreann.

Chuala mé Alan Dukes ag rá freisin go bhfuil móruaisle an tionscadail Eorpaigh go mór ar leith ón gcoismhuintir Eorpach agus go gcaithfear seo a leigheas. Mar a dúirt tú féin, bhí sé soiléir gur cheap an Rialtas (7rl) go leanfadh an daoscarshlua pé treoir a dtabharfaidís.

Má spreagann an reifreann an teacht le chéile seo, in Éirinn agus san Eoraip, beidh toradh fiúntach air.Anonymousnoreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-165777288943170018.post-14855111538484314652008-06-15T18:20:00.000+01:002008-06-15T18:20:00.000+01:00"Tá rud amháin cinnte, tá Stádas anois ina lán Sta..."Tá rud amháin cinnte, tá Stádas anois ina lán Stad, agus n'fheadar cé mhéad Gaeilgeoir a smaoinigh ar seo agus iad ag caitheamh vóta."--Póló

Mheas mé i gconaí gur glan-cur-amú airgid a bhí sa Stádas céanna. Tá meas agam ar Ó Cuiv, ach níor aontaigh mé leis. Tá's againn uilig gur féidir le turasóir taisteal ar fud na tíre seo agus gan focal Gaeilge a chloisint -- muna théann sé á lorg. Is trua an scéal é, ach tá sé fíor. Agus b'uafásach an costas aistriúcháin damanta sin a chur ar éinne -- muid fhéin ná an AE -- sa chás sin.

Maidir le Lisbon, ba 'mess' ceart an reifreann. Bhí sé glan soiléir nár thuig muintir na hÉireann uilig cad go díreach a bhí rompu sa chonartha, agus a locht sin ar an Rialtas. Lán stad. Is cuma mé a bheith 'pro' nó 'con', bhí an rud beagnach do-thuigthe don ghnáth-léitheoir agus níor bhacadar len é a mhíniú. Mheasadar go ndéanfaimís mar a duradar linn. Agus níor dhein.Anonymousnoreply@blogger.com