
Labhair Muintir na hÉireann. "NÍL" adúradar.

Ach, cad é nach bhfuil? Sin í an cheist, agus dá mbeadh an cheist curtha níos soiléire, chuile sheans gur "TÁ" an fhreagra a bheadh againn inniu.
Cé ar a bhfuil milleán na méise?
Mo léan gur líonmhaire iad seo ná na réalta ar bhratach na hEorpa féin.
Is leor cúpla sampla:

Rinne an
Rialtas, agus a lucht tacaíochta sa chás seo, éacht san idirbheartaíocht Eorpach. Céard a rinne siad leis an bua mór seo? Cheileadar é. Chuireadar i dtaisce é. Agus nuair a bhí ortha é a nochtadh i ndeire na dála mar chosaint in aghaidh bréaga na bhfrithchonrathóirí bhí cuma giobalach gránna air. Bhi sé smálaithe ag fíricí na mbinsí fiosrúcháin, ag na bréaga abhí á hinsint ag polaiteoirí áirithe, agus ag aineolas lucht tacaíochta an chonartha faoina raibh ann.
Le fada an lá cuireadh an AE os comhair mhuintir na hÉireann mar tálaí airgid gan aon tagairt ná míniú ar chuspóirí an Aontais nó ar a raibh bainte amach aige sa chomhthéacs Eorpach agus domhanda go nuige seo. Ní haon ionadh mar sin nuair nach raibh breis airgid i gceist gur dhiúltaigh muintir na hÉireann don togra.

D'innis an
lucht frithchonarthach glan bréaga, faoi chúrsaí mar cáin, ginmhilleadh, míleatachas agus neodracht. Scaoileadh leo agus d'éirigh leo toisc nach bhfuil a thuilleadh iontaoibhe ag muintir na hÉireann as a gcuid polaiteorí ná as an
gcliarlathas. Agus an cliarlathas á luadh agam, ba chúis náire í acu siúd ligean don iris ainspianta úd "Alive" a theacht amach as mhainistir na nDoiminiceach.
Bertie Ahern,
Dick Roche,
Manuel Barroso,
Valerie Giscard d'Estaing agus a thuilleadh mar iad as a ndearg díomas i leith mhuintir na hÉireann agus muintir na hEorpa uile.

Bhí sé de dhualgas, dar leis an dream seo, ar an daoscarshlua vótáil ar son ruda nár thuigeadar agus ba hábhar tréasa agus gealtachta é cur in aghaidh an chonartha seo, dar leo. Bhí mé féin ag beartú vótáil ina choinne de bharr an chineál seo cacamais ach vótáil mé ar a shon ar deireadh mar mheas mé go raibh seo ar leas na hÉireann agus na hEorpa. Coinneoidh mé mo chic sa tóin don dream seo go hócáid cuí eile.
N'fheadar cad a thiocfaidh as an NÍL seo. Ní chuirfidh sé le héifeacht na hÉireann san Eoraip ná le héifeacht na hEorpa féin. Tá mórán measa agus tionchair cailte againn san AE agus is sinne a bhéas thíos leis.
Tá rud amháin cinnte, tá
Stádas anois ina lán Stad, agus n'fheadar cé mhéad Gaeilgeoir a smaoinigh ar seo agus iad ag caitheamh vóta.