
Iarsma fheachtas Liospóin i bPáirc Belmont, Ráth Éanna, 13 Eanáir 2010.
An é go rabhthas ag súil le Liospóin III?
Pé scéal é, tá sé seo in aghaidh an dlí.
Cnagaire: a knocker; a cracker; a noggin, a quarter pint;
a land measure of 16 English acres (Aran). Dinneen, lth 212-3.


Ach, cad é nach bhfuil? Sin í an cheist, agus dá mbeadh an cheist curtha níos soiléire, chuile sheans gur "TÁ" an fhreagra a bheadh againn inniu.
Rinne an Rialtas, agus a lucht tacaíochta sa chás seo, éacht san idirbheartaíocht Eorpach. Céard a rinne siad leis an bua mór seo? Cheileadar é. Chuireadar i dtaisce é. Agus nuair a bhí ortha é a nochtadh i ndeire na dála mar chosaint in aghaidh bréaga na bhfrithchonrathóirí bhí cuma giobalach gránna air. Bhi sé smálaithe ag fíricí na mbinsí fiosrúcháin, ag na bréaga abhí á hinsint ag polaiteoirí áirithe, agus ag aineolas lucht tacaíochta an chonartha faoina raibh ann.
D'innis an lucht frithchonarthach glan bréaga, faoi chúrsaí mar cáin, ginmhilleadh, míleatachas agus neodracht. Scaoileadh leo agus d'éirigh leo toisc nach bhfuil a thuilleadh iontaoibhe ag muintir na hÉireann as a gcuid polaiteorí ná as an gcliarlathas. Agus an cliarlathas á luadh agam, ba chúis náire í acu siúd ligean don iris ainspianta úd "Alive" a theacht amach as mhainistir na nDoiminiceach.
Bhí sé de dhualgas, dar leis an dream seo, ar an daoscarshlua vótáil ar son ruda nár thuigeadar agus ba hábhar tréasa agus gealtachta é cur in aghaidh an chonartha seo, dar leo. Bhí mé féin ag beartú vótáil ina choinne de bharr an chineál seo cacamais ach vótáil mé ar a shon ar deireadh mar mheas mé go raibh seo ar leas na hÉireann agus na hEorpa. Coinneoidh mé mo chic sa tóin don dream seo go hócáid cuí eile.