Showing posts with label connolly. Show all posts
Showing posts with label connolly. Show all posts

Friday, June 28, 2013

Droichead gan Ainm


Cliceáil le híomhá níos mó a fháil

Tá tógáil an droichid nua ag dul ar aghaidh de réir a chéile.

Seo griangraf dóibh siúd nach mbíonn deis acu dul fán gcathair.


Cliceáil le híomhá níos mó a fháil

Siad seo na hainmneacha óna roghnófar ceann don droichead. Ceann ar bith as Gaeilge, de réir dealraimh.
Abbey Theatre Bridge
Bermingham, Willie
Connolly, James
Duff, Frank
Gregory, Lady
Gregory, Tony
Hackett, Rosie
Mills, Kay
Plunkett, James
Sigerson, George
Stoker, Bram
Swift, Jonathan
The Patriots Bridge
The Returned Home
Walton, Ernest
Wilde, Oscar
Yeats, W.B.

Thursday, January 27, 2011

Stáisiún Connolly


Stáisiún Uí Chonghaile a tugtar air de ghnáth. N'fheadar cad as a dtáinigh Stáisiún Connolly.

Tá blas ait ar Ghaeilge an stáisiúin seo.

Féach thíos. Úsáid tuathalach bainte as an bhfocal iarnród fé dhó, cé gur railway agus track a luaitear sa leagan béarla.


Cad a déarfainn féin?

Clár an Ghréasán Iarnróid um Chomharthíocht agus Ráillí
, b'fhéidir.