Thursday, January 27, 2011

Stáisiún Connolly


Stáisiún Uí Chonghaile a tugtar air de ghnáth. N'fheadar cad as a dtáinigh Stáisiún Connolly.

Tá blas ait ar Ghaeilge an stáisiúin seo.

Féach thíos. Úsáid tuathalach bainte as an bhfocal iarnród fé dhó, cé gur railway agus track a luaitear sa leagan béarla.


Cad a déarfainn féin?

Clár an Ghréasán Iarnróid um Chomharthíocht agus Ráillí
, b'fhéidir.

6 comments:

aonghus said...

Tá níos mó i gceist le Track ná na ráillí.

Mar sin, cé go bhfuil cuma ciotach air, níl sé mícheart.

Bheadh níos mó céille ann dá gcuirfí an focal feabhsú nó a leithéidí leis, áfach.

Póló said...

@Aonghus

Tuigim nach bhfuil sé mícheart. Ach, mar a deir tú, tá sé ciotach. Agus tuigim go bhfuil track níos leithne ná rails.

Séard abhí i gceist agam ná go bhfuil gá idirdhealú a dhéanamh idir rail(way) agus track i nGaeilge. Ceist úsáide isea é seo, dar liom.

Cuma air nach bhfuil aon fhreagra ceart ar an gceist sin faoi láthair.

aonghus said...

Níl, mar chun é fháil ní mór seasamh lasmuigh den nath Béarla agus an smaoineamh aistriú!

Anonymous said...

"N'fheadar cad as a dtáinigh Stáisiún Connolly."

Monuar nach é sin a dhéarfadh aon chainteoir dúchais. Tá sé deacair bheith ceart i gcónaí agus nadúr an bhéarla ag úscadh uaidh.


Fearn

Póló said...

@Fearn

Chuile sheans go bhfuil an ceart agat. Mar sin féin, tá sé ait an leagan sin a fheiscint i scríbhinn.

Anonymous said...

Tá go dearbh! Ní mholfainn é.


Fearn