Monday, April 02, 2012

Tús maith múchta


Chonac seo ar an DART le déanaí. Cad is brí leis?

Droch-cháil ar fad ar Iarnród Éireann.

Féach freisin Cac na bPiarsach.

Gaeilge len bhíúr dtoil.


5 comments:

Anonymous said...

Aon seans gur chuir tú na húdarais chuí agus an coimisinéir Gaeilge ar an eolas?

Fearn

Póló said...

@Fearn

Sheolas eolas do Iarnród Éireann tré mheán Twitter. Cuirfidh mé r-phost ag an gCoimisinéir amárach (inniu).

GRMA

.

Anonymous said...

Maith an fear.
Coinnigh sinn ar an eolas maidir le freagairtí.
Ach nach bhfuil ceist sábháilteachta ann freisin? Cad é mar a rachadh duine le Gaeilge i nguais muna bhfuil léamh an fhógra aige? An gcuirfidh tú fios ar na húdarais sábháileachta fosta?

Fearn

Póló said...

@Fearn

(i) admháil faighte ón gCoiminiséir. Beidh sé i dteagmháil.

(ii) ní dóigh liom go mbeadh éinne ag brath ar an Ghaeilge maidir le sábháilteacht.

(iii) tá mo chuid déanta agam ó thaobh gearána de.

(iv) coinneoidh mé lucht mo léite ar an eolas.

Anonymous said...

(i) Mo sheacht mh'anam thú

(ii) Ní tusa an t-aon duine amháin a dhéarfadh é, bail ó Dhia ort. Ach féach a eascraíonn as: Muna bhfuil éinne ag brath uirthi, tuige a chaithfí lei mar "theanga ceart", fiú má bhíonn ceart dlí lei?

(iii)Tá go dearfa, bailíonn brobh beart, agus a bhuíochas agat. Ach ó loisc tú an t-orlach, nach loiscfá an choinneal.....?


(iv) maith thú!


Fearn