Déardaoin, Lúnasa 18, 2011

Willie Bocht









Aguisín


Bhíos sa stáisiún arís inniu agus thugas an ceann seo fá ndeara. An uimhir uatha céanna sa chló mór, ach ...


... an leagan ceart sa phictiúr,


Agus an ceann seo, ina bhfuil an dá leagan in aice a chéile. Ceann amháin sa phictiúr agus an ceann eile ar an ghnáthfhógra stáisiúin.




Aguisín

Tús Maith, Leath na hOibre


Jab déanta. An ceannteideal san iolra. Ach, féach faoin bpictiúr - mionteideal fós san uatha. Agus mar sin ar fud an stáisiúin.


Clúdach ceartaithe os cionn an leagan mí-cheart i gcás na mórtheidil.


Ach, féach ar bharr an staighre. Easba dréimire b'fhéidir?


Anois, an leath eile, le bhur dtoil.



Aguisín




Tá teora leis an bhfoigne, muis.



Aguisín



Thángthas ar dhréimire faoi dheireadh!

Anois na Piarsaigh bheaga, le bhur dtoil
.




Aguisín



Agus an ceann thuas á athchóiriú acu, ghlacadar leis an deis an athchóiriú lochtach ag bun an staighre a dheisiú.

Ach níl aon athrú fós ar na Piarsaigh bheaga.
.



Labels: , , ,

Tuairimí: 10

Dúirt Blogger aonghus, ag 8:55 a.m., Lúnasa 19, 2011

Bhí an débhrí sin riamh ann, cé acu duine nó beirt Piarsach atá i gceist. Bhfuil fógra áit éigin maidir leis an ainm? B'fhiú labhairt le Iarnród Éireann faoi.

 
Dúirt Blogger Póló, ag 10:35 a.m., Lúnasa 19, 2011

@aonghus

Stáisiún na bPiarsach atá ar an gcomhartha oifigiúil. Níl aon débhríochas ag baint le sin.

"Athainmníodh stáisiún iarnróid na bPiarsach i Rae an Iarthair i ndiaidh an bheirt dearthár in 1966."
Roinn an Taoisigh

Is le Pádraig amháin an tsráid.




 
Dúirt Blogger aonghus, ag 10:38 a.m., Lúnasa 19, 2011

Litir chucu mar sin!

 
Dúirt Blogger Póló, ag 10:52 a.m., Lúnasa 19, 2011

Tweetlitir seolta.




 
Dúirt Anonymous Mícheál, ag 7:37 a.m., Lúnasa 21, 2011

Tá an scéal seo casta go leor, ach bhí sé de cheart at Iarnród Éireann an t-ainm a mhíniú don aistritheoir.

Léiríonn an eachtra seo cé chomh beag is atá an teanga i mbéal na ndaoine. Dá mba as Béarla a bhí an botún bheadh sé tugtha faoi ndeara in am.

 
Dúirt Blogger aonghus, ag 7:15 p.m., Meán Fómhair 10, 2011

Níl freagra seolta ach neachtar acu - an oifigeach Gaeilge ná info@ chugam fós.

Meas tú bhfuil siad ag fanacht go mbeidh an rud ar fad ina cheart?

 
Dúirt Blogger Póló, ag 8:11 p.m., Meán Fómhair 10, 2011

@aonghus

N'fheadar an mbeidh sé ina cheart choíche.

Beidh an stáisiún athchóirithe faoin am san.

Freagra ar bith faighte agamsa ach oiread.

 
Dúirt Blogger Póló, ag 8:24 p.m., Nollaig 25, 2011

23 Nollaig 2011

An cló beag fós gan cheartú.




 
Dúirt Anonymous Anonymous, ag 2:02 a.m., Nollaig 26, 2011

Na Piarsaigh bheaga - séimhiú!

 
Dúirt Blogger Póló, ag 7:59 a.m., Nollaig 26, 2011

@anonymous

Oops! Míle buíochas. Ceartaithe. Gurb amhlaidh d'fhógra an Iarnróid san athbhliain.




 


Seol Tuairim


Cláraigh chun na Fothaí a fháil [Atom]


Naisc leis an bpost seo

Nasc leis an bpost seo

<< Abhaile