Monday, August 22, 2011

Teach an Asail Asbalda - Aguisín


Tháinigh mé ar an leithreas seo thart ar trí bhliain ó shoin. Thugas cuairt ar an láthair arís an deireadh seachtaine seo chaite.


Cuma anois ar an scéal nach leor iad na brístí chun an fear a chur in iúl. Dá bharr sin tá na focail fir agus mná anois greannta ar na híomhánna.



Ní hionann cás an mhíchumasaigh. N'fheadar an é go raibh an íomhá seo soiléir ann féin nó nach raibh an míchumasach in ann teacht ar an íomhá atá ard go leor ar an bhfalla.

Is dócha go n-oirfeadh na híomhánna seo go mór do lucht leithris Chomhdháil Chorp Chríost a bheidh ar siúl i mBleá Cliath an bhliain seo chugainn.



1 comment:

Fearn said...

Ababúna!!

Tá siad ar na comharthaí leithris is maisiúla is is ealaíonta da bhfaca mé riamh.


Fearn