Tuesday, March 13, 2012

Crua-Shaol na Gaeilge


Fuaireas cóip de Chlár an Oireachtais (2012) do na comórtais liteartha sa phost ar maidin.

Ag breathnú dom ar a raibh istigh ann bhuail an smaoineamh mé nach raibh faic ann a bhain leis an idirlíon. Cuma ar an scéal go bhfuil deireadh iomlán leis an gcomórtas blagadóireachta agus faic na ngrást ann faoi shuíomhanna gréasáin, Facebook nó Twitter. Tá a fhios agam go dtugtar comórtais liteartha orthu, ach ní fheadar cá háit eile a mbeadh caoi cur isteach ar chomórtas meáin leictreonach as Gaeilge.

Tá comórtais ann do scrioptanna don raidio is don teilifís ach níl aon cheann ann do chlár críochnaithe raidió nó teilifíse.

Is trua go bhfuil an clár chomh traidisiúnta sin agus é teoranta don scriobhnóireacht chruachóipe.

Ní bheadh Bertie pioc sásta leis an gcineál seo peannluaidheachas.

1 comment:

Póló said...

Tá a fhios agam go bhfuil na media awards á reachtáil ag Gala agus Oireachtaws na Gaeilge ach ní sin díreach an cineál ruda abhí i gceist agam.

Bhíos ag smaoineamh ar chomórtais d'amataerigh.

.