Thursday, June 19, 2008

An Fód a Sheasamh



Neiptiún, faoi bhrat an Aontais agus ar dhíon an Roinn Reifrinn (Teach an Chustaim), ag seasamh an fód ar son chearta na hÉireann.


4 comments:

aonghus said...

Mar aon le siombail eile an meirdrí ar mian le an fharraige a rialú!

Anonymous said...

B'fhéidir gurbh ag Dominick Behan abhí an ceart leis an amhrán cáiliúil sin agus teideal uisciúil Béarla air.

Anonymous said...

Cad tá á dhéanamh ag mo dhuine thuas ansin gan bhríste agus bata de shaghas éigin ina láimh ???

Caithfidh go mbíonn sé fuar le linn an Gheimhridh.

Póló said...

Tá sé ag fanacht leis an Life a éirí chomh h-ard leis an díon agus ansan beidh sé in ann snámh abhaile go pé áit óna dtáinig sé.

Is dócha gur gheallearbaigh sé na brístí leis an cíos a íoc le Pee Flynn fadó.

Bhí uncail liom tráth ina gheallearbóir timpeall an chúinne. B'fhéidir gur íoc an Neiptiún céanna as mo chuid scolaíochta.

Cloisim go mbíonn brístí fada ar na fearaibh thar leár:-0