Sunday, March 30, 2008

I gCónaí Ariamh!


De gnáth bíonn an leagan Gaeilge níos fuide ná an leagan Béarla.

Seo sampla dá mhalairt. Is trua gur loiteadh leis an droch litriú é.

Tá mórán ráite agam faoin droch-chomharthaíocht cheana.

Agus mé fós tuisceanach ar na deacrachtaí.

Vótáil as Gaeilge



Agus mé i mbun taighde i leith stair mo mhuintir, bhí mé ag breathnú ar mhiontuaraiscí Bhardas Átha Cliath i rith Cogadh na Saoirse.

Bhí na poblachtánaigh agus na náisiúntóirí tar éis móramh a bhaint amach ar an mBardas agus bhí na poblachtánaigh de réir a chéile ag caitheamh a gcuid vótaí as Gaeilge.

Ní raibh an Rúnaí sásta na vótaí seo a chlárú mar vótaí dleathacha toisc nach raibh aon fhoráil sa reachtaíocht a cheadódh a leithéid.

B'ionann seo agus an bua a thabhairt do na hAondachtóirí i ngach babhta vótála agus níorbh fhéidir leis na poblachtánaigh ná na náisiúntóirí glacadh le seo ar chor ar bith.

Mar sin, bhriseadar an Rúnaí agus d'órdaigh don Leas Rúnaí glacadh leis na vótaí a chaitheadh as Gaeilge. Dhiúltaigh seisean agus briseadh é.

Ansan cheap na baill duine dá gcuid féin mar rúnaí agus leanadh leis an obair.

Cé nár thaithn seo leis na hÚdaráis níor fhéad siad mórán a dhéanamh faoi.

Bhí an Bardas ag troid leo faoi chúrsaí eile agus rinne na hÚdaráis iarracht a chuid airgid a choinneál ón mBardas agus iad a thabhairt os comhair na cúirte.

Ach mar a thárla, síníodh an Conradh le Rialtas na Breataine, agus b'shin réiteach ar an scéal sin, cé gur lean cúrsaí achrainn eile idir an Bhardas agus Rialtas nua na hÉireann. Ach sin scéal eile.


Friday, March 21, 2008

Gaeilge amháin?

Dá gcuirfí ceist ort cén fógra oifigiúil a foilsíodh tráth i nGaeilge agus i nGaeilge amháin, an mbeadh a fhios agat?

Bhuel, cuireadh i gcuimhne dom é le déanaí nuair a bhí orm mo cháin mhótair a athnuachaint. Sea, ceart agat, an diosca chánach mótair.

Tá sé na blianta fada anois ó thug mé fé ndeara ar dtús é. Measaim gur ins na seachtóidí abhí sé. Agus caithfidh mé a rá gur chuir sé ionadh orm ag an am. Is beag rud eile, má bhí rud ann fiú, i saol oifigiúil na hÉireann gur i nGaeilge amháin abhí sé.

Ansan bhuail an smaoineamh mé nárbh gá le Béarla ar bith ar an diosca. Níorbh gá ach an dáta a léamh agus ba leor na huimhreacha amháin dó seo.

Buille ar son na Gaeilge agus é saor in aisce.

Bhí na h-eachtranaigh a raibh aithne agam ortha an-tógtha le seo, na Breatnaigh ach go háirithe.

Ansan bhreathnaíos ar dhiosca reatha. Tá na teidil fós as Gaeilge ach tá an Béarla sleamhnaithe isteach de réir mar a mhéadaigh ar an riachtanas faisnéise. Stádas (sa chás seo PRIVATE), déanamh (OPEL - bhuel níl aon Ghaeilge ar seo cibé ar bith!) agus dath (RED) an ghluaisteáin.

Léiríonn sé poinnte mar sin féin. Tá an Ghaeilge go breá fad is nach bhfuil aon fheidm léi. Má bhíonn tú ag iarraidh dul i gcion ar dhuine, sé an Béarla is gá - nó an Pholainnais, b'fhéidir.


Monday, March 17, 2008

Lá Fhéile Pádraig

Is cuimhin liom go maith bliain Phádraig.

Is dóigh liom gur i 1961 nó 1962 abhí sé. Cheannaíomarna daltaí cóipeanna speisialta den Lúireach a cuireadh i gcló don ócáid.

Faighmse amach anois go bhfuil a mhachsamhal ag na Navajo.

Tá an-dhán ag Nuala Ní Dhomhnaill dár teideal dó Aistear a scrí sí do Lá 'le Pádraig 1997.

Dán deimhneach dóchasach isea é agus is fiú go mór é a léamh ar an lá seo.

Sunday, March 16, 2008

An Sceachín i mBéal Bearna

Tá sé anois cúig bliana ó thug an Sceachín Aoibhinn ruathar faoin Iaráic agus é ag gníomhú, dar leis féin, ar son na sibhialtachta. Féach an méis a rinne sé in ár n-ainm.

Tamall gairid roimh dó seo a dhéanamh bhí léirsithe móra ar fud an domhain ag cur ina choinne. Bhí thart ar 30 milliún duine ar na sráideanna. Bhí léirsiú mór i mBleá Cliath leis. Bhí idir dóchas agus éadóchas i gCearnóg Pharnell an lá sin. Ach bhí slua mór ann agus iad glórach go maith.

Ní fhaca mé ach an t-aon phóstaer i nGaeilge agus bhí sé sin bog béasach nó an searbhas abhí i gceist.

Bhí léirsiú eile ann inné. Ní raibh ach thart ar 400-500 duine air agus iad uilig fliuch báite. Bhí cuma na tuirse ortha agus gan mórán dóchas acu go bhféadfaí aon fheabhas a chur ar chúrsaí. Tá an damáiste déanta agus an domhan ina chíréip ag an Sceachín Aobhinn. Tá an foréigean imithe i dtreise sa Mheán Oirthear agus é á scaipeadh ar na ceithre hairde mar fhreagra ar shainnt na bPoncán agus a gcáirde.

Arís ní raibh ach an t-aon fhógra as Gaeilge.

An amhlaidh nach bhfuil suim ag muintir na Gaeilge ach i gcúis na Gaeilge féin?

Caithfear a rá, mar sin féin, go raibh Micheal D ann agus é dílis don dá chúis i gcónaí.

Cnag cnag




As seo amach tá mé chun mo phostáil as Ghaeilge a dhéanamh faoin lipéad seo.

Ag cnagadh ar dhoras an tsaoil a bhéas mé go dtí go n-osclófar dom é agus go bhfaighe mé freagraí ar mo chuid ceisteanna.

Beidh mé ag cnagadh freisin ar dhoras na Gaeilge féachaint céard atá i ndan di agus cé tá ag baint úsáid aisti ar mhaithe leo féin.

Beidh mé ag cnagadh leis ar dhoras na staire ag tochailt na préamhacha dom de réir mar a oireann.

Bígí liom.