Showing posts with label comhartha bóthair. Show all posts
Showing posts with label comhartha bóthair. Show all posts

Tuesday, February 16, 2010

Dún Mé


Scéal suimiúil anseo.

De réir dealraimh cuireadh an comhartha bóthair poiblí in airde i dtosach (féach an ceann gorm thuas).

Ghoid na háithreabhaigh an chuid sin den téarma a fhreagair d'Ennafort gan bacaint leis an ngramadach.

Mar sin fuaireamar Dhún Éanna.


Níos déanaí chuireadar comhartha ceart inairde treasna an bhóthair agus fuaireamar Dún Éanna.


Ach níor bhaineadar an comhartha lochtach.


Dia idir sinn agus an t-olc.

Sunday, March 30, 2008

I gCónaí Ariamh!


De gnáth bíonn an leagan Gaeilge níos fuide ná an leagan Béarla.

Seo sampla dá mhalairt. Is trua gur loiteadh leis an droch litriú é.

Tá mórán ráite agam faoin droch-chomharthaíocht cheana.

Agus mé fós tuisceanach ar na deacrachtaí.