Bhuel, cuireadh i gcuimhne dom é le déanaí nuair a bhí orm mo cháin mhótair a athnuachaint. Sea, ceart agat, an diosca chánach mótair.
Tá sé na blianta fada anois ó thug mé fé ndeara ar dtús é. Measaim gur ins na seachtóidí abhí sé. Agus caithfidh mé a rá gur chuir sé ionadh orm ag an am. Is beag rud eile, má bhí rud ann fiú, i saol oifigiúil na hÉireann gur i nGaeilge amháin abhí sé.
Ansan bhuail an smaoineamh mé nárbh gá le Béarla ar bith ar an diosca. Níorbh gá ach an dáta a léamh agus ba leor na huimhreacha amháin dó seo.
Buille ar son na Gaeilge agus é saor in aisce.
Bhí na h-eachtranaigh a raibh aithne agam ortha an-tógtha le seo, na Breatnaigh ach go háirithe.
Ansan bhreathnaíos ar dhiosca reatha. Tá na teidil fós as Gaeilge ach tá an Béarla sleamhnaithe isteach de réir mar a mhéadaigh ar an riachtanas faisnéise. Stádas (sa chás seo PRIVATE), déanamh (OPEL - bhuel níl aon Ghaeilge ar seo cibé ar bith!) agus dath (RED) an ghluaisteáin.
Léiríonn sé poinnte mar sin féin. Tá an Ghaeilge go breá fad is nach bhfuil aon fheidm léi. Má bhíonn tú ag iarraidh dul i gcion ar dhuine, sé an Béarla is gá - nó an Pholainnais, b'fhéidir.
2 comments:
Níor thugas faoi ndeara riamh gur as Gaeige amháin a bhíodar. Nach iontach and rud é agus muid ag lorg dhá-theangachas, ar a laghad, ag an am.
An rud is annamh is iontach.
Post a Comment