Wednesday, July 30, 2008

Ná caith tobac


Tá oibilisc bheag ar bharr chnoc Chill Iníon Léinín maraon leis an bpríomh oibilisc agus an leac mhéine.

Tógadh an phríomhoibilisc in 1742 le fostaíocht a sholáthar do na boicht i rith na drochbhliana sin. Rinneadh í a athnuachaint in 1840, b'fhéidir ar an fath céanna. Tógadh an leac méine in 1852.

Ní fios cathain nó cén fath ar tógadh an oibilisc bheag, nó ar baineadh aon úsáid ar leith aisti. Is ceann de bhailiúchán WL Lawrence an grianghraf thuas. Measaim gur roimh 1882 a tógadh é.

Tá dhá fhógra ar an oibilisc bheag sa ghrianghraf. Iarann an ceann amháin ar chuairteoirí aire a thabhairt don láthair atá ann chun go mbainfaidís féin sólás as. Cuireann an ceann eile dianthoirmeasc ar chaitheamh tobac.

Tá sé soiléir uaidh seo go raibh eagla ar an Uasal Warren, arbh leis an cnoc ag an am sin, go raibh baol ann go gcuirfí tré thine é le caitheamh míchúramach toitíní.

Ghlac Comhairle Ceantair Baile Chill Iníon Léinín agus an Bhaile Bhric seilbh ar an gcnoc sa bhliain 1891 agus fiche bliain ina dhiaidh sin chruthaíodar go raibh an ceart aige.

Thug an Rí Seoirse V cuairt ar Éireann i mí Iúil 1911. D'eagraigh an Chomhairle Ceantair Baile taispeántas tinte ealaíne ar bharr chnoc Chill Iníon Léinín in onóir na cuairte. Bhí go maith agus ní raibh go holc go dtí thart ar mhéanóiche. Bhí an taispeántas lán críochnaithe nuair a phléasc roint tinte ealaíne a thit chun talaimh i measc an fhásra níos luaithe san oíche agus d'imigh barr an chnoic go hiomlán tré thine.

Ba mhó go mór an taispeántas seo thar mar abhí beartaithe.



Thug me cuairt ar an áit le déanaí agus cé go bhfuil an rabhadh imithe, tá radharc deas fós ar an gcuan.

Agus muid ag caint faoi dhó, áfach, nach trua go bhfuil an plainéad féin á dhó againn agus sinn ag caitheamh breosla neamh-inathnuaite ar nós na gaoithe.   ;-)


Wednesday, July 23, 2008

Spíce Spleodrach


Is trua gur tógadh sa chéad áit é, ach más ann dó, tá sé chomh maith é a bheith glan agus na soilsí a bheith ag obair air. Nach Spíce Solais a tugtar air? Agus é ina scathán ar chuid de shaol na cathrach.

Pé scéal é, thar an deireadh seachtaine, agus mé ag trasnú Sráid Uí Chonaill, thug mé faoi ndeara go rabhthas ag glanadh/deisiú an Spíce.



Ní fhaca mé seo cheana agus mar sin ghlac mé roint griangrafanna.





Dúradh liom gan Sarkozy nó Vlad the Impaler a luadh agus ní dhéanfad.

Tá rud amháin cinnte. Ní hionann seo agus Túr Martello. Pianmhar!


Friday, July 18, 2008

La Poupée qui Fait Non!


C'est une poupée qui fait non, non, non, non
Toute la journée elle fait non, non, non, non
Personne ne lui a jamais appris
Qu'on pouvait dire oui

Focail an chéad diosca ag Michel Polnareff i 1966.

Chan an Polnareff céanna ag ceolchoirm ollmhór ar an Champ de Mars, i bPáras na Fraince, ar an 14ú Iúil 2007, in onóir Uachtaráin nua na Fraince, Nicolas Sarkozy.

Tá an t-Uachtarán céanna, atá faoi láthair ina Chathaoirleach ar Chomhairle an AE, ag teacht go hÉirinn chun béasa na Fraince, agus an AE, b'fhéidir, a chur ar mhuintir na hÉireann.

Roimh an reifreann, bhagair Aire Gnóthaí Eachtreacha na Fraince díoltas ar mhuintir na hÉireann dá gcaithfeadh siad vóta diúltach. Anois tá Uachtarán na Fraince ag "ordú" dúinn an reifreann a rith athuair agus vóta deimhneach a chaitheamh, nó ... !

Ach fan neomat. Bhíothas ag súil le ruathar na Fraince cheana féin, thart ar 1804 nó mar sin, agus rinneadh mórullmhúcháin fána choinne. Tógadh Túir Martello thart ar chósta na hÉireann, agus go háirithe i gCuan Átha Cliath, agus laistigh de sin i mBá Chill Iníon Léinín.


Bhuel. Tá athchóiriú curtha ar cheann de na Túir seo le déanaí. N'fheadar an rabhthas ag súil le hionradh nua seo na Fraince. Pé scéal é, is obair éachtach í a cuireadh i gcrích thar cúpla bliain. Níall Ua Donnchadha is cúis leis. Ba leis siúd an smaoineamh agus is eisean a mhaoinigh an tionscnamh agus a chuir i gcrích é.


Seoladh é ar an 12ú Iúil 2008 ag searmanas ildaite glórach i gCill Iníon Léinín ar a bhfuil cuntas níos iomláine le fáil anseo. Bainigí taithneamh as na pictiúir, agus ná bac leis an gcladhaire thíos.


Críochnóidh mé le focail Michel Polnareff ag deireadh na hócáide thuas:

Alors, monsieur le Président je vous dis merde et on ira tous au paradis.

Díreach é a Mhichíl!






Wednesday, July 09, 2008

Decco - aguisín



Mar a dúras sa chéad phost ar an ábhar seo, léas le déanaí go raibh an phluais druidte agus mheas mé gur bhain sé seo leis an bpríomhbhealach isteach agus go raibh an pasáiste cúng fós oscailte. Tá an dá bhealach isteach le feiceál sa phictiúr thuas, an pasáiste ar clé agus an príomhbhealach druidte ar dheis.

Ní raibh ach bealach amháin fios a chur ar an scéal. Isteach liom trín phasáiste. Nuair a bhíos ann leathchéad bliain ó shoin ní raibh mé in ann dul thar an bpointe thíos gan titim isteach i bpoll ollmhor. Níorbh ionam ach páiste ag an am.


Ach bhí an scéal réitithe ó shoin ag an lucht taiscéalaithe pluaise. Bhí coinnle, rópaí agus droichead beag fiú. Ní raibh a leithéid ann leathchéad bliain ó shoin.




Cinnte, bhí áiteanna, mar an ceann thíos, abhí in ainm is a bheith dúnta don phobal, ach ní bheadh mórán iarrachta ag teastáil leis an constaic seo a shárú.


Pé scéal é bhí fios fátha an scéil anois agam agus bhí sé in am teacht amach arís trín bpasáiste cúng.


Solas an lae. Slán amach.






Chomh fada is a bhaineann sé le Cill Iníon Léinín féin, tá macalla an mhianaigh fós in ainm sráide "Glenalua" atá coitianta go maith thart ar an sráidbhaile.




Tá leagan Béarla le fáil anseo. There is an English language version of this post here.


Thursday, July 03, 2008

Schmap!




Fuair mé ríomhphost an taithneamhach tamall ó shoin. Bhí comhlucht treoirleabhar turasóireachta ar líne tar éis griangraf liom a fheicéail ar Flickr agus ba mhaith leo é a úsáid i dtreoirleabhar nua ar Éirinn. An mbeinn toilteanach?

D'imigh mé ag breathnú ar an suíomh gréasáin acu agus bhí sé thar cinn. Bhí treoirleabhair acu do an-chuid mórchaithreacha; bhí cuma snasta ar an cur i láthair; agus d'féadfá do threoirleabhar féin a chumadh ach úsáid a bhaint as an gclár bogearra acu.

Bhí mionsamhail na ngriangrafanna sa leabhar a sheol an léitheoir chuig na griangrafanna móra ar shuíomhanna na ngriangrafadóirí féin ar Flickr.

Bhí mé ag tnúth go mór leis an treoirleabhar nua agus mo ghriangraf féin ann.

Tháinig an lá agus fuair mé ríomhphost eile le URL ann a dhírigh mé chuig mo ghriangraf féin. Bhí mé an mhórtasach as. Mionsamhail agus cúntas beag faoi Thithe an Rialtais i Sráid Mhuirfean Uachtarach.

Ansin bhreathnaigh mé ar na griangrafanna eile den bhfoirgneamh céanna agus thug mé faoi ndeara gur griangraf de na ceithre cúirteanna abhí i gceann acu agus den chaisleán i gceann eile.





Bhí roinnt eile abhí ait chomh maith. Ina measc: griangraf de Mhainistir Naomh Mhuire i mBeann Éadair faoi theideal na Mainistreach i lár na Cathrach.

Freisin, caithfidh mé a rá gur roghnaíodar roinnt fíor dhroch-ghriangrafanna in áiteanna.

Scríobh mé chucu faoi na botúin cúpla uair ach, cé go bhfuair mé freagra, ní raibh aon leigheas ar an scéal ó shoin.

Tá an cuma air, mar sin, go bhfuil droch eagarthóireacht (nó b'fhéidir easpa eagarthóireachta) i gceist, maraon le droch bhainistíocht. Bheinn beagáinín amhrasach faoin gclár ríomhaireachta acu leis. Ní go ró mhaith a réitíonn sé, amannta, leis na cláir eile a bhíonn ar siúl agam de ghnáth.

Chuir sé ionadh orm go raibh léirmheasanna an-mhaith faighte acu óna leithéidi Time Magazine, Washington Post agus International Herald Tribune. B'fhéidir, mar sin, gur ar an leathanach Éireannach amháin atá na lochtanna. Feicimíd.

An t-Eolas is Deireanaí
Tá Tithe an Rialtais socraithe faoi dheireadh (06/08/08) ach maireann na fadhbanna eile.