Showing posts with label smelter. Show all posts
Showing posts with label smelter. Show all posts

Wednesday, July 09, 2008

Decco - aguisín



Mar a dúras sa chéad phost ar an ábhar seo, léas le déanaí go raibh an phluais druidte agus mheas mé gur bhain sé seo leis an bpríomhbhealach isteach agus go raibh an pasáiste cúng fós oscailte. Tá an dá bhealach isteach le feiceál sa phictiúr thuas, an pasáiste ar clé agus an príomhbhealach druidte ar dheis.

Ní raibh ach bealach amháin fios a chur ar an scéal. Isteach liom trín phasáiste. Nuair a bhíos ann leathchéad bliain ó shoin ní raibh mé in ann dul thar an bpointe thíos gan titim isteach i bpoll ollmhor. Níorbh ionam ach páiste ag an am.


Ach bhí an scéal réitithe ó shoin ag an lucht taiscéalaithe pluaise. Bhí coinnle, rópaí agus droichead beag fiú. Ní raibh a leithéid ann leathchéad bliain ó shoin.




Cinnte, bhí áiteanna, mar an ceann thíos, abhí in ainm is a bheith dúnta don phobal, ach ní bheadh mórán iarrachta ag teastáil leis an constaic seo a shárú.


Pé scéal é bhí fios fátha an scéil anois agam agus bhí sé in am teacht amach arís trín bpasáiste cúng.


Solas an lae. Slán amach.






Chomh fada is a bhaineann sé le Cill Iníon Léinín féin, tá macalla an mhianaigh fós in ainm sráide "Glenalua" atá coitianta go maith thart ar an sráidbhaile.




Tá leagan Béarla le fáil anseo. There is an English language version of this post here.


Monday, June 30, 2008

Pluais Dhecco


Thugas cuaird ar Chill Iníon Léinín thar an deireadh seachtaine le Pluais Dhecco a iniúchadh fá choinne léacht staire sa bhFómhar. Deirtear go bhfuair an phluais an t-ainm seo ó Iodálach a bhi ina chónaí ann tráth.

Bealach isteach chuig mianach luaidhe abhí ann thart ar 1751. Chuirtí an luaidhe ar bord bháirse ar an láthair len í a easportáil go Sasana. Ní ró fhada a mhair an mianach ag obair áfach.


Mheas mé fhéin nach mbeadh an phluais ann a thuilleadh. Bhínn féin ag súgradh ann agus mé óg agus bhí seomra ollmhór ann, ar cúl phasáiste cúng íseal, a bhí thar a bheith dáinséarach.

Ach bhí an phluais fós ann agus í lán oscailte.


Seo thíos an pásáiste cúng íseal agus é fós ar oscailt.


Léas le déanaí go raibh an phluais druidte ach tá mé ag ceapadh gurbh tagairt é seo don phríomh bhealach isteach agus bhí sé seo druidte cheana féin agus mé ag súgradh ann ins na naoi déag caogaidí. Tá an dá bhealach isteach le feiceál sa phictiúr thíos, an pasáiste ar clé agus an príomhbhealach druidte ar dheis.



Dála an scéil, léas gurbh ionad dídine í an phluais seo do Molloy abhí ina charachtar i scéalta Samuel Beckett.

[Uasdátú 23/4/2016: Ach bhíos ag caint le déanaí le saineolaí ar shaothar Beckett agus dealraíonn sé nach bhfuil seo fíor agus gur dóichí gur i bhfad níos fuide ó dheas abhí an phluais a luaitear sa scéal san.]






Ach níorbh é seo an príomh ionad luaidhe sa cheantar. Bhíodh mianach agus bruithneoir i mBaile Mhic Fheorais (Ballycorus) i lár an naoú céad déag. Seans go n-aithneodh duine an simléar (thuas) a bhain leis an bhruithneoir seo ar shliabh Katty Gollagher, 900 troigh os cionn na farraige.

Tá mion cur síos ar an mhianach agus ar an bhruithneoir seo ag Sir Robert Kane ina leabhar The Industrial Resources of Ireland (1845).


Bhínn féin ag súgradh anseo leis agus seo (thuas) griangraf a thógas ó bharr an staighre agus mé ag breathnú anuas ar chara liom ar an dtalamh thíos.

Féach an aguisín chun an scéal a chríochnú.


Tá leagan Béarla le fáil anseo. There is an English language version of this post here.