Friday, May 30, 2008

Deas, níos Deise


Tá fhios agam go bhfuil mórán de mhuintir na cathrach gafa leis an Taobh ó Dheas, taobh na galántachta, i gcomparáid leis an Taobh ó Thuaidh, an leataoibh.

Ach bheinn ag súil le níos mó tuisceana ó Bhórd Forbartha Chathair Bhaile Átha Cliath (thuas).

Ní hí seo an chéad uair dom a leithéid a fheiscint.

Seo comhartha abhí ar Thimpeallán Bhóthair Sheáin Uí Mhórdha go dtí le déanaí.



Southside - Land of Opportunity.
Ab ea?

Tuesday, May 13, 2008

CNAG ina chodladh

Nuair a smaoinigh mé ar an dteideal cnagaire don bhlag seo, ní raibh mé ag súil go mbeadh sé ar fáil. Mheas mé go mbeadh sé gafa le fada ag an gConradh. Nach cineál logo é an CnaG féin acu.

Divil a bit.

Ansin d'imigh mé ag cuardach an suíomh gréasáin acu, agus céard a fuaireas? Seo.

Go bhfóire Dia ar ghluaiseacht na gaeilge mar níl ann ach É.


Monday, May 12, 2008

Striapachas Cánach


Creat an Tíogair Cheiltigh ag éag
sa Cheobhrán Cheilteach

Bíonn sé suimiúl amannta na cúiseanna a chuirtear i leith rath an Tíogair Cheiltigh. Ceann acu isea an ráta íseal cánach in Éirinn. Maith go leor. Ach tá dhá ghné de seo gur fiú iad a luadh.

Sa chéad áit is tír bheag í Éire. Má éiríonn léí fiú céatadán an bheag de bhonn cánach an AE a tharraingt chuici féin, trí chomhlachtaí breise a mhealladh isteach sa tír, is ionann seo agus méadú mór sa teacht isteach cánach. Bíonn sé ar a cumas ansan íoc as ard leibhéal seirbhísí poiblí. Ar an mbealach seo tig linn ráta íseal cánach a bheith againn agus soláthar réasúnta ard seirbhísí poiblí ag an am gceanna.

Dá ndéanfadh ceann de na tíortha móra amhlaidh bheadh orthu a gcuid seirbhísí poiblí a laghdú cuid maith toisc go mbeadh titim suntasach san teacht isteach ón gcáin chéanna ainneoin comhluchtaí breise a mhealladh isteach. Is ceist scála í seo.

Ar an mbealach seo táimíd ag goid ónár gcomharsain. Ach caithfidh siad cur suas leis toisc go n-aithníonn siad siúd ár fhlaitheas náisiúnta. Ar bhealach, táimíd ag díol an fhlaithis seo leis na mórchomhlachtaí agus sin é an fáth go n-úsáidim an focal striapachas.

Sa dara háit tá brí eile le ceilteach, áfach, agus baineann seo le rudaí a cheilt nó iad a choinneáil faoi rún. Áis eile é seo a chuirimíd ar fáil do na comhlachtaí céanna.


Íospartaigh an Ghorta Mhóir
os comhair an IFSC


Tá tuarascáil foilsithe le déanaí ag Christian Aid ag iarraidh ar rialtas na hÉireann (agus ar rialtas na Breataine, chomh fada is a bhaineann sé le ceantar airgeadais Londain) éirí as na cleasanna seo mar go bhfuil siad ag cur bac ar fhorbairt gheilleagrach na dtíortha bochta.

Pé dóchas abhí ann go ndéanfaí a leithéid agus an geilleagar ag fás ar nós an diabhail, is beag seans atá ann anois agus an geilleagar céanna ag titim as a chéile (nó ag maolú luas a fháis, mar a deirfeadh an leagan oifigiúil).

A Dhia déan trócaire orainn.


Sunday, May 11, 2008

Nuala



Is cuimhin liom go maith Nuala Ó Faoláin. Bhí sí bainteach le gluaiseacht saoirse na mban i gcomhluadar a leithéidí Marian Finucane agus Nell McCafferty. Ach ba údar í leis agus leabhair suimiúla scríte aici le roinnt bliana anuas.

Is cuimhin liom go maith eagrán den Late Late Show ins na hOchtóidí nuair a bhí droch-staid na tíre agus cúrsaí eacnamaíochta agus an fiachas náisiúnta ach go hárithe á bplé.

Bhí barúil ana shimplí ag Nuala:
  • ní raibh sí féin i bhfiaca
  • níor thug sí cead d'éinne an tír a chur i bhfiaca
  • má's rud é go raibheamar i bhfiaca, nach bhféadfaimís iad seo a aisíoc diaidh ar ndiaidh do na Gnomes in Zurich
Dearcadh saonta ciallmhar déarfá.

Ach ní mar sin abhí. Bhí cúrsaí i bhfad níos casta ná sin agus b'fhiú cúpla PhD na freagraí ar a cuid ceisteanna. Mar shampla, ní raibh aon cheist aisíoctha ann ag an am. Bhí an fiachas ag dul i méid ní hamháin i dtéarmaí airgid ach mar chéatadán den olltáirgeacht náisiúnta.

Ag an am gcéanna, ba dhearca réasúnta é dearca Nuala agus b'fhiú go mór é a chur i láthair an phobail ag an am. Ba mhó an gar é seo don Stát thar mar a bhí ar siúl ag Cathal Cam ag an am.

Bhí sí cróga agus an bás ag bagairt uirthi. Bás poiblí abhí aici. B'shin a roghnaigh sí mar gurbh é an pobal a clann agus a muintir i ndeire na dála. Bhí tógáil anróiteach aici féin: ba phótairí iad a beirt tuismitheoir agus fuair beirt deirtheár léí bás den ólachán. Ní haon ionadh gur ghlac sí an pobal chuici féin mar mhuintir uchtaithe.

Dia go deo léí.


Monday, May 05, 2008

Fear na Sheanaráice


[Fógra: In view of possible wider interest in this post following the death of Seán Cromien (6/8/2018) RIP, I have provided a rough translation in the comments below]


Is cuimhin liom go maith eagrán de "Scrap Saturday" in 1991 nuair a tháinig Bertie isteach sa phost mar Aire Airgeadais. Bhí a cháil cothaithe aige le fada roimhe sin mar "Fhear na Sheanaráice", "de man o' de people", "de Northside ..." pé rud é féin.

Ag an am gcéanna, bhí íomhá "Sir Humphrey" ar an scáileán sa tsraith "Yes Minister".   Sliapaire de Stát Seirbhíseach agus blas na galántachta ag sileadh uaidh.

Bhí an mheas agam ar "Scrap Saturday", agus an cruthú is mó ar chomh héifeachtach agus chomh maith is abhí se ná gur chuir RTÉ deireadh leis.

Ach sa chás seo ba teip náireach í an ceap magaidh a rinneadar de Sheán Cromien, abhí ina Rúnaí ar an Roinn Airgeadais ag an am.

Is ar Bertie abhí an t-Anorak agus ar Sheán an éide galánta, dár leo. B'fhearr le Bertie ceapaire i Fagan's thar lón na n-Uasal san Unicorn. Bhí dul amú mór ar Sheán dá gceapadh sé go mbeadh lámh in uachtar ag an ghalántacht ar ghaois Dhroim Conrach.

Very funny!

Ach ba mhalairt na fírinne é an cur i láthair seo. B'ionann stíl Sheáin agus manaigh na meánaoise: simplí, saor, saonnta; follasach, fiúntach; ciallmhar, coigilteach. Agus Bertie? Agus an t-Anorak agus an PR fágtha ar lár, is mó go mór an stíl agus an éirí inairde abhí ar Bhertie seachas mar abhí ar Sheán.

Is fear umhal daonlaitheach é Seán agus ní bheidh sé pioc sásta leis an méid atá ráite agam. Bíodh sé sin mar atá, is fiú ráite é.

Dúirt Caitríona Crowe le Tom McGurk le déanaí gur fiú go mór "revisionism" toisc gur stair í atá bunaithe ar an fhianaise seachas ar bhaothbhrionglóidí na haoise.

Tá sé in am, má's ea, an babhta Sheáin/Bhertie a thabhairt chun chríche.

A Gerry, a chara, tá sé thar am leithscéal a ghabháil agus an píosa staire grinn seo a hathscríobh faoi dheireadh.


An Gorta Mór ar bhruach na Life

Ní dóigh liom gur gá mórán focal,
cé acu as Gaeilge nó as Béarla,
in éineacht leis na híomhánna cumhachtacha seo.

Dealbhóir: Rowan Gillespie



Cliceáil ar iomhá ar bith le leagan níos mó a fháíl


















I gcuimhne ar íospartaigh an ghorta mhóir
agus a sliocht a rinne an oiread sin
le Ceanada a thógáil.


Jean Chrétien, Príomh Aire Cheanada, 15.6.99




Tá tuilleadh dealbhóireacht sráide anseo agus anseo.

Sunday, May 04, 2008

Tadhg a' dá Thaobh

Tá mé go tréan ar thóir stair mo mhuintire le cúpla bliain anuas. Níl aon teora leis an méid stuife rí-shuimiúil a bhfuil mé ag teacht air. Ach i rith an ama seo bhí mé ag éirí imníoch faoi ghné amháin de shaol mo mhuintire.

D'imigh cuid díobh isteach in arm na Breataine, ar chúis nó ar chúis eile.

Thuigfinn do Thomas Mortimer. Níorbh Éireannach é. Agus fuair sé bás amuigh san Ind ag iarrai comrádaí a shábhailt óna bheith báite.

Bhí John P Dwyer, uncail liom as Béal Átha hAmhnais, ag obair sa Stát Seirbhís i Londain nuair a thosnaigh an céad cogadh domhanda (nó damanta, más mian leat). Cuile sheans gur choinscríobhadh é. Pé scéal é, fuair sé bás in aisce nuair a rinne an t-arm cac mada d'ionsaí ar High Wood ar an Somme i 1916.


Ba thruamhéalach é cás John Burgess. Inscríobhadh san arm é i dteach tábhairne i mBleá Cliath in 1915 agus d'fhág sé bean chéile, abhí ag iompar clainne, agus beirt páiste sa chathair. D'fhág sé gnó a athar (gréasaí) gan oidhre leis. Goineadh sa chogadh é agus nuair a d'fhill sé ar Bhleá Cliath bhí sé dífhostaithe ar feadh tamaill go bhfuair sé obair shealadach mar ghréasaí, agus ina dhiaidh sin mar chléireach sa Chomhlacht Gháis agus sa Chomhairle Cathrach.

Agus bhí mo shean athair, Patrick Mortimer, ag obair d'arm na Breataine sa bhialann i mBearaic Richmond nuair a fuarthas báite é ag Cé Eden i 1918.

Agus an RIC.

Bhí mo shin shean athair, Luke Reilly, san RIC agus mo shean athair, Michael Dwyer, fosta. In 1922, cé go raibh Michael ar scor le deich mblian anuas, níor luadh a ainm i bhfógra bháis a mhic, Paddy Dwyer, mar go raibh fiú iarbhaill den RIC á lámhach ag an am i mBéal Átha hAmhnais, áit a raibh cónaí air, agus i mBéal Átha na Slua, áit a bhfuair a mhac bás. Bhi beirt eile, gurbh muintir liom iad trín bpósadh, san RIC leis.

B'shin triúr in arm na Breataine agus ceathrar san RIC.

Agus préamh poblachtánach ar bith le feiceáil. Mhothaigh mé go rabhthas um shá isteach i gcúinne chuimhthíoch.


Is ag an bpoinnte seo, a bhuíochas le Dia na Glóire, gur tháinig mé ar na Medlars.

Phós PJ deirfiúr mo shean mháthair. B'as Co. Chille Choinnigh dóibh (Paulstown). Má bhi clann ann ariamh a chloígh go docht daingean leis an bPoblachtánachas, b'iad seo iad.

Larry, a daoradh chun báis toisc ruathar a dhein sé ar bhearaic an RIC in Gowran i 1921. Scaoileadh amach é nuair a síníodh an Conradh, ach chaith sé an cuid eile dá shaol i ngéibhinn ag rialtas Chumann na nGaedhael.

Agus Peggy, a dheirfiúr, a gabhadh ag arm an tSaorStáit i 1923 i mBleá Cliath. Kate abhí fíorghníomhach i gCumann na mBan i gCill Choinnigh, agus Máirtín a gabhadh ag arm an tSaorStáit i 1923, a d'imigh ar stailc ocrais, abhí ina rúnaí ar Chumann Fhianna Fáil in Paulstown agus ina Theachta Dála ina dhiaidh san.

Agus Mick Dwyer, uncail liom, abhí mar theachtaire ag Mick Collins i Londain.

Cothromaíocht na Féinne faoi dheireadh.



CUI BONO

Nascanna le saol siamsa na cathrach

Rankin ab ainm dom shin shean mháthair. Bhí cónaí ar mac léí, John Burgess, in uimhir 10 Sráid Cowper i lár thuaisceart na cathrach.

Rankin ab ainm sloinne d'Iris, máthair Bono agus bhí cónaí uirthi in uimhir 8 Sráid Cowper.

Dúirt colceathar amháin liom gur cailín gleoite abhí in Iris agus an tóir ag na buachaillí ar fad uirthi. Ach bhí sí déconseillée do na lads caitiliceacha toisc í bheith ina Protastúnach.

Níorbh constaic ar bith é seo do Bob Hewson, athair Bono, Dia go deo leis.

Fuair mé r-phost le déanaí ó Gary Rankin, Albanach a bhfuil cónaí air i Shasana faoi láthair, ag fíofraí díom an raibh mé gaolta le Bono. Rinne mé an scéal a iniúchadh agus ní dóigh liom go bhfuilim.

Ach, chanas i gCór (Fireann Breathnach) tráth le hathair an Edge as U2. The Llanelli Nightingale a tugtaí air agus an guth chomh binn aige gur eitil sé go himeall na spéire.

Bhí uncail liom abhí tráth i mbun an bheáir san Olympia. Ainmníodh seomra ina onóir san amharclann san “The Kelly Room” nó rud éigin ar an dul sin. Ag an am san, deirtear liom go raibh máthair Sir Bob (Geldof) ag obair sa bheár nó in oifig na dticéad san amharclann chéanna.

Ba shean uncail liom a d'oscail amharclann an Tivoli i Sráid San Proinsiais don chéad uair i 1934. Bhí mac leis pósta le Royalette agus a deirfiúr seo ina Royalette fosta. Bhí mac eile leis pósta le Royalette eile fós. B'shin triúr Royalettes sa chlann.

Agus bí ag caint faoi Shiamsa Tíre, is leor domsa Siamsa Bhleá Cliath agus an pháirt a ghlac mo mhuintir ann.