Sunday, May 04, 2008

CUI BONO

Nascanna le saol siamsa na cathrach

Rankin ab ainm dom shin shean mháthair. Bhí cónaí ar mac léí, John Burgess, in uimhir 10 Sráid Cowper i lár thuaisceart na cathrach.

Rankin ab ainm sloinne d'Iris, máthair Bono agus bhí cónaí uirthi in uimhir 8 Sráid Cowper.

Dúirt colceathar amháin liom gur cailín gleoite abhí in Iris agus an tóir ag na buachaillí ar fad uirthi. Ach bhí sí déconseillée do na lads caitiliceacha toisc í bheith ina Protastúnach.

Níorbh constaic ar bith é seo do Bob Hewson, athair Bono, Dia go deo leis.

Fuair mé r-phost le déanaí ó Gary Rankin, Albanach a bhfuil cónaí air i Shasana faoi láthair, ag fíofraí díom an raibh mé gaolta le Bono. Rinne mé an scéal a iniúchadh agus ní dóigh liom go bhfuilim.

Ach, chanas i gCór (Fireann Breathnach) tráth le hathair an Edge as U2. The Llanelli Nightingale a tugtaí air agus an guth chomh binn aige gur eitil sé go himeall na spéire.

Bhí uncail liom abhí tráth i mbun an bheáir san Olympia. Ainmníodh seomra ina onóir san amharclann san “The Kelly Room” nó rud éigin ar an dul sin. Ag an am san, deirtear liom go raibh máthair Sir Bob (Geldof) ag obair sa bheár nó in oifig na dticéad san amharclann chéanna.

Ba shean uncail liom a d'oscail amharclann an Tivoli i Sráid San Proinsiais don chéad uair i 1934. Bhí mac leis pósta le Royalette agus a deirfiúr seo ina Royalette fosta. Bhí mac eile leis pósta le Royalette eile fós. B'shin triúr Royalettes sa chlann.

Agus bí ag caint faoi Shiamsa Tíre, is leor domsa Siamsa Bhleá Cliath agus an pháirt a ghlac mo mhuintir ann.



5 comments:

Anonymous said...

Céard a rinne Bono riamh ar son na Gaeilge, nó ar son na hÉireann fiú?
Níl puinn suime aige ina phréamhacha féin

Anonymous said...

"nó ar son na hÉireann fiú?"

Bhuel, le bheith féaráilte doibh, tá job maith déanta ag U2 chun cáil a tharraingt ar 'talent' na nÉireannach! Ach b'fhearr le Bono bheith ag crochadh thart le GW agus muintir an G8 seachas aon rud eile ...

Póló said...

Tuige a mbíonn shades á chaitheamh aige fiú i ndoircheacht na hoíche.

Ní bhíonn an cineál sin geaitíochta ar siúl fiú ag GW.

Agus Bono anois ar tí a bheith ina dheoraí cánach.

Tírghrá? Féinghrá a thugaimse air.

Anonymous said...

De réir deallraimh tá Póló ana chulánta mar gheall ar an bhféith cheoil atá ann féin ...b'fhearr i bhfad liom é a chloisint ag casadh "Myvanwy" nó "Llellywn" ná aon rud riamh a chas an Bono úd. Ach sin mar a bhíonn an saol...mar adeirtear i Yorkshire i mBéarla..áit a mbíonn an clábar bíonn an t-airgead !!!

Anonymous said...

Is fíor dhuit.

Cé hé an bonovox céanna?