Sunday, May 11, 2008

Nuala



Is cuimhin liom go maith Nuala Ó Faoláin. Bhí sí bainteach le gluaiseacht saoirse na mban i gcomhluadar a leithéidí Marian Finucane agus Nell McCafferty. Ach ba údar í leis agus leabhair suimiúla scríte aici le roinnt bliana anuas.

Is cuimhin liom go maith eagrán den Late Late Show ins na hOchtóidí nuair a bhí droch-staid na tíre agus cúrsaí eacnamaíochta agus an fiachas náisiúnta ach go hárithe á bplé.

Bhí barúil ana shimplí ag Nuala:
  • ní raibh sí féin i bhfiaca
  • níor thug sí cead d'éinne an tír a chur i bhfiaca
  • má's rud é go raibheamar i bhfiaca, nach bhféadfaimís iad seo a aisíoc diaidh ar ndiaidh do na Gnomes in Zurich
Dearcadh saonta ciallmhar déarfá.

Ach ní mar sin abhí. Bhí cúrsaí i bhfad níos casta ná sin agus b'fhiú cúpla PhD na freagraí ar a cuid ceisteanna. Mar shampla, ní raibh aon cheist aisíoctha ann ag an am. Bhí an fiachas ag dul i méid ní hamháin i dtéarmaí airgid ach mar chéatadán den olltáirgeacht náisiúnta.

Ag an am gcéanna, ba dhearca réasúnta é dearca Nuala agus b'fhiú go mór é a chur i láthair an phobail ag an am. Ba mhó an gar é seo don Stát thar mar a bhí ar siúl ag Cathal Cam ag an am.

Bhí sí cróga agus an bás ag bagairt uirthi. Bás poiblí abhí aici. B'shin a roghnaigh sí mar gurbh é an pobal a clann agus a muintir i ndeire na dála. Bhí tógáil anróiteach aici féin: ba phótairí iad a beirt tuismitheoir agus fuair beirt deirtheár léí bás den ólachán. Ní haon ionadh gur ghlac sí an pobal chuici féin mar mhuintir uchtaithe.

Dia go deo léí.


1 comment:

Anonymous said...

Bean iontach chróga. Bhí saol an-chruiadh aici le linn a hóige toisg an teaghlach sa bhaile a bheith trí na chéile go mór.

Éacht a rinne sí san méaid ar éirigh léí ar éirigh léí a chur i grích.

Scéal brónach a bhí ann inar slí ar leá sí den tsaol ach bhí uaisleacht á thaispeáint aici go dtí and deireadh.