Showing posts with label Sir Michael O'Dwyer. Show all posts
Showing posts with label Sir Michael O'Dwyer. Show all posts

Thursday, November 29, 2012

An Prionsa Beag

Tá sé linn faoi dheireadh. Scríobhadh é i 1942, díreach 70 bliain ó shoin. Aistríodh isteach in 250 teanga agus canúint é. Tá díolachán iomlán domhanda 200 miliún cóip air. Agus, buíochas leis an Monsignor Breandán Ó Doibhlin, tá sé anois i nGaeilge againn.

Agus tá stíl na Gaeilge ann díreach agus simplí, mar atá an Fhraincís sa bhun leagan. Tá an t-eagrán seo anois curtha agam leis na leaganacha eile den scéilín gleoite seo im' bhailiúchán.

Bhí an leabhar ar fáil ón Siopa Leabhar in Uimhir 6, nó ó Hodges Figgis i Sráid Dawson,(déan seiceáil) nó go díreach ón bhfoilsitheoir Read Ireland ar €10 agus is fiú gach phingin é. Deir an foilsitheoir liom nach bhfuil ach beagán cóip fágtha agus nach bhfuil aon athchló i gceist.

Sa ghriangraf thíos tá an Monsignor Breandán Ó Doibhlin in éineacht le mo cholcheathar Mícheál Ó Duibhir, agus Mícheál á intsealbhú mar Chevalier de l'Ordre des Palmes académiques ag Rialtas na Fraince, mí na Nollag 2010.

Griangraf le Ebony & Pearl .

Léarmheas ag Amazon anseo.