Thursday, December 20, 2018

AODH - Oíche Ómóis


D'eagraigh Aontas na Scríobhnóirí, i gcomhar le hAisteoirí Bulfins, oíche ómóis d'Aodh Ó Domhnaill in Áras na Scríobhnóirí (Writers' Centre) i gCearnóg Pharnell ar 26/11/2018. Cailleadh Aodh ar 24/1/2018.

Bhí clár suimiúil leagtha amach ina raibh mé féin fiú páirteach ann.

Bhí an béim go mór ar shaothar Aoidh agus giotaí filíochta, drámaíochta agus ceoil leis fhéin á gcur i láthair. Bhí comhrá beirte aige ar an scáileán mór agus é féin le feiceáil ann. Bhuaigh an comhrá seo duais ar an Oireachtas le déanaí. Chuir Bulfins comhrá beirte eile dá chuid i láthair a bhain le dúnmharú agus le córas uathghuthánach an Garda Síochána. Níorbh PULSE go dtí é.



Cantóirí Bulfins

Chuir Cantóirí Bulfins tús breá bríomhar leis an oíche. Iad eagraithe ag Aoileann Ní Chonchubhair. Léi bhí Gearóid Ó Mórdha, Emer Ní Mhealóid, Louise Fox agus Aoife Glacken Ní Riain.








Mike Donoghue

Bhí Mike i mbun fuaime, mar a bhí agus muid tráth sa Ghearmáin le dráma Aoidh, Mac A'Stanley.



Lisa de Jong

'Sí Lisa oifigeach cumarsáide agus imeachtaí Áras na Scríobhnóirí, agus í anseo ag plé le "cúrsaí tís" - céard a dheinfeá dá raghadh an áit trí thine, agus mar sin de.



Celia de Fréine

Tá Celia ina Cathaoirleach ar Aontas na Scríobhnóirí. Agus í ag labhairt ar son an Aontais, mhol sí saol agus saothair Aoidh agus chuir sí fáilte fial roimh an mhórthinreamh.



Lelia Ní Chinnéide

Bhí Lelia ina Bean an Tí agus choinnigh sí cúrsaí na hoíche ag gluaiseacht ar aghaidh mar ba chóir.



Pádraig Ó Snodaigh

Mhol Pádraig féithe ildánacha Aoidh. Eisean, agus an comhlucht Coiscéim aige, a d'fhoilsigh na trí imleabhair fhilíochta ag Aodh.





Áine Ní Ghloinn

B'iad Áine agus Seán Ó Broin a d'eagraigh an oíche thar ceann Aontas na Scríobhnóirí.



Sinéad Ní Uallacháin

Dúirt Sinéad an píosa filíochta álainn sin ag Aodh Mo Bheirt ar Altram.




Café ar Ais - dreas drámaíochta le hAisteoirí Bulfins. .

Fidelma Ní Ghallchóir a léirigh. Ag aisteoireacht bhí Fidelma, Seán Ó Broin, Justin, Aoileann, Emer agus Elaine








Gearóid Ó Mordha

Gearóid ag glacadh sosa agus é ag dianmhachnamh.


Lelia ag cur síos ar Na hUaisle an grúpa ceoil ag Aodh. Bhuadar duais an Oireachtais in 1971 agus leanadar orthu ag canadh amhráin agóide ar feadh roinnt blianta ina dhiaidh sin.



Pól Ó Duibhir & Colm Mac Séalaigh
Grianghraf: Niall Ó Domhnaill

Chan Colm agus Pól amhrán agóide de chuid Aoidh faoi thruailliú na timpeallachta. 1984 an teideal abhi air.



Comhrá beirte De Vilde Atlantic Vay a bhuaigh duais an Oireachtais le déanaí. Taispeánadh ar an scáileán mór é agus Aodh, a scrí agus a ghlac páirt ann, ar thaobh na láimhe clé anseo.









Tadhg Ó Conchubhair & Mícheál Ó Gruagáin

Comhrá beirte de chuid Aoidh á aithris ag Tadhg agus Micheál. Tadhg ag iarraidh tuarascáil faoi dhúnmharú a chur isteach chuig na Gardaí ar an dteileafón ach an uathchóras sain-sínte ag cur bac air. Más murdar simplí é, brúigh uimhir a haon. Má tá fuil le feiscint brúigh uimhir a dó. Más tú an dúnmhairtheoir brúigh uimhir a trí. Agus mar sin de.









Grianghraf: Niall Ó Domhnaill

Pól agus Colm arís, an t-am seo le EEC.



Cantóírí

An mhír dheiridh, na Cantóirí arís.








AGUISÍN


Luaigh Pól é agus EEC á chur i láthair aige. An lá a dháil Aodh amach fuiscithe te don scuaine leasmuigh den Bhanc Ceannais. Niorbh Euro go dtí é.



Leagan dáiríre d'Aodh leasmuigh dá theach ar an gCarraig Dhubh.



Leagan neamhfhoirmeálta i Ráth Eannaigh.



An cantóir óg agóide ar RTÉ Óró ag canadh Teanga na nGael.



Léiritheoir Mac A'Stanley ag glacadh fag faoin aer i Mulheim na Gearmáine.


Seo ceann de na píosaí scríobhneoireachta is déanaí a scrí Aodh: Agallamh le Muintir Bulfin in COMHAR Márta 2017. (le caoinchead na hIrise tá súil agam!)

Na hAmhráin

1984: Físeán le Colm & Pól ag canadh 1984 ag an oíche ómóis. Na focail anseo.

EEC: Na hUaisle ag canadh EEC in 1971 (Aodh, Nora agus Doiminic). Na focail anseo.

Teanga na nGael: Nora le Pól agus Ken sa Damer. Na focail anseo.

An Clár Raidió

In 1971 bhuaigh Na hUaisle duais an Oireachtais do ghrúpa ceoil le h-amhrán darbh teideal An Banbh.

An bhliain chéanna bhuaigh mé féin an comórtas do chlár raidió. Séard abhí sa chlár ná comparáid idir amhránaíocht agóide in Éirinn agus sa Bhreatain Bhig ag an am, á cur i láthair ag Nóra Ní Dhomhnaill.

Ghlacas Na hUaisle mar shampla den a raibh ar siúl sa tír seo, agus, inste na fírinne, b'iad siúd amháin abhí i mbun amhránaíocht agóide ar bith anseo agus é sin as Gaeilge. Sa Bhreatain Bhig bhí roinnt daoine ina bhun mar abhí Dafydd Iwan, Huw Jones agus Meic Stevens.

Tig leat an clár iomlán a chloisint anseo [26 nóméad] agus an mhír ar leith as an gclár, ina gcuireann Nóra Ní Dhomhnaill agallamh ar Aodh faoin na cúrsaí seo, a chloisint anseo [3 nóméad].

Insan agallamh san, luann Aodh go raibh ar an grúpa cúrsaí agóide a sheachaint agus iad ag canadhh ar RTÉ. B'shin i 1971. Níorbh ionann don scéal cúpla bliain níos déanaí nuair abhí an grúpa páirteach sa tsraith ÓRÓ ar RTÉ. Do b'é Liam Ó Murchú, Dia go deo leis, abhí i gceannas ar an gclár sin agus chuir sé fáilte fial roimh an agóid, ní hamháin i gcás ÓRÓ ach in mórán craoltaí ina dhiaidh sin.


Mír bhlaig faoi chreimeadh Aoidh in Mount Jerome


1 comment:

Unknown said...

Maith thú a Phóil. An-obair ar fad. Chomh fada le mo chuimhne bhuaigh agallamh beirte Aoidh an phríomhdhuais ag an Oireachtas in 2017. Tá áthas orm a rá go raibh mé i láthair. Colm