Wednesday, January 30, 2019

FLIUCH 2


Cliceáil ar íomhá ar bith le leagan níos mó a fháil

Tá sé fliuch arís agus mé Fliuch báite cheana féin. Drúcht na maighdine, gan amhras.

An tarna eagrán den ghreann-iris-aonlámhach seo ar fáil faoi dheireadh, .

Agus níl trácht ná tuairisc ann ar Pheig bhocht. Farasbarr gnéis aici sa chéad eagrán agus í á tachtadh "ag iarraidh a theanga a lúbadh mórthimpeall séimhiú".

De réir Tuairisc.ie, ní raibh baint ar bith ag Conradh na Gaeilge leis an iris ainneoin a logo siúd do Bhliain na Gaeilge ar chlúdach na h-irise.

Mór an trua. Tá sé am don Chonradh "to get their finger out" (mar a deirtear sa Sacs-Bhéarla) agus tacaíocht a thabhairt don uile ghné de shaol na Gaeilge, agus an litríocht aonlámhach san áireamh. Duais spesialta san Oireachtas bfhéidir?



Tá mír comheasa teanga san eagrán seo agus Buntús Ultaise faoi bhun acu. Thuigfeadh an tAthair Colmán an cur chuige seo go maith.

Caithfidh mé a admháil, áfach, gur thuig mé an Ultais gan aon nod ón Ghaeilge. N'fheadar conus san?



Agus Brexit, nó "bain díot do ghúna, Úna" mar a thugaimís air sna sean laethanta agus muid ag iarraidh an dá chíoch a fhreastail.



Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine agus léiriú breá é an léaráid seo ar chroí-lár na gluaiseachta aonlámhaigh.

Os rud é nach mian liom mo lucht léite a ghríosadh go hiomarcach níl mé chun a thuilleadh íomhánna gáirsiúla a thabhairt díbh. Ach má thagann sibh ar ionad iargúlta cuí, téigí ag léamh an iris gháirsiúl Ghaeilge seo.

Is fiú an tairbhe an trioblóid.

An chéad eagrán



No comments: