Monday, October 28, 2019

DÓNALL Ó CONAILL


Tugadh iasacht an leabhair seo dom inniu. Nil ach breac aithne agam ar Dhónall agus ní raibh fhios agam ar chor ar bith gur file é.

Bhí suim agam ann toisc go raibh sé tráth ina phríomhoide i gColáiste Mhuire, áit a raibh mé féin ar scoil ann. Bhí sé ar intinn agam le fada an lá agallamh a chur ar Dhónall faoin dtráth sin dá shaol, agus tá fós.

Ach is faoina shaol phearsanta na dánta sa leabhar bheag seo.



Tá sé chomh maith agam an cur síos (thíos) ar Dhónall ó chúl an leabhair a chur os bhúr gcomhair.
Ciarraíoch é Dónall Ó Conaill a rugadh agus a tógadh i gCathair na Slí, Trá Lí i 1937. Furmhór a shaoil caite aige i mBaile Átha Cliath.

Chaith se seal ins na Bráithre Críostaí. Oileadh é ina bhunmhúinteoir agus bhain se Céim BA, ATO, agus Ard-Teastas sa Ghaeilge amach sna seascaidí.

Chaith sé sé bliana mar phríomhoide i gColáiste Mhuire, Cearnóg Pharnell. Chaith Do­nall a shaol ag saothru ar son na Gaeilge ar choistí éagsúla a bhain le cur chun cinn na Gaeilge agus an Oideachais.

Bhí sé mar Stiurthóir ar Fhoras Pátrúnachta na Scoileanna Lánghaeilge agus tá sé anois ag feidhmiú ar Choiste an Timire agus ar Choiste Tréadach Dheoise Átha Cliath chomh maith le bheith mar bhall de Bhord Stiúrthóirí lontaobhas Scoileanna Éamainn Rís.

Pósta le Bríd le seisear clainne.
Dála an scéil, is as Bhéachán (Bekan) do Bhríd, in aice Béal Átha hAmhnais, áit dhúchasach m'athar. Agus tá Emer, iníon Dhónaill, ina comharsa bhéal dorais agam.

Thaithn an fhilíocht liom agus tá mo rogha dhá dhán thíos.
Oilithreacht

Labhair mé leis an mbás
i gcorp m'athar
ina luí gan chorraí
go docht righin
ina bhuanchodladh.
méara snaidhmthe
le Paidrín Mhuire
sa bhuanchruth,
béal druidte
le beola snoite
sa bhuantost.
Ach labhair cuimhní liom
is thaistil mé siar leo
trí iarthar Chiarraí,
trí Abhainn na Scál is Lios Póil
go Daingean Uí Chúis
is chomh fada le Dún Chaoin.
Chuir mé préamha dúchais ann
is blaisim a dtionchar de shíor.

Mise

ag deireadh thiar thall
tá turas m'óige curtha díom
is seolaim amach ar mhachairí an tsaoil,
ag crosbhothar is cumair uiscí
ag gabhal ar bith
roghnóidh me mo chúrsa féin
feasta,
gan sreang imleacáin mo mháthar am' cheangal,
gan súil m'athar am' bhagairt,
gan laincisí mo mhuintire am' shrianadh.
tabharfad dúshlan an tsaoil
is seasfad an fód im' aonar
faoi bhrat m'oidhreachta is mo thógála.


Arna foilsiú ag Glór na nGael (2013),
Ráth Chairn, Co. na Mí.
www.glornangael.ie






No comments: