Tuesday, December 04, 2018

PORTRÁIDÍ


Ochtar nua in 2018
Cliceáil ar íomhá ar bith le leagan níos mó a fháil

Tionscnamh iontach isea Portráidí agus é ann le roinnt bliain anois. Tá gach eolas faoi le fáil ar an idirlin maraon leis na portráidí féin.

Mar a deir Liam Mac Amhlaigh, Eagarthóir Portráidí,
Anuas ar phortráid agus ar bheathaisnéis de 107 de na beoscríbhneoirí a shaothraigh i nGaeilge faoi 2013 i gCéim 1 den togra, agus ábhar sa bhreis ar an láithreán gréasáin seo, cuirfear baisceanna eile phortráidí leis seo go bliantúil i gCéim 2. Is chun treise na litríochta an tionscadal leanúnach comhpháirtíochta atá bunaithe idir Foras na Gaeilge agus COMHAR leis na spriocanna seo a bhaint amach. Tá sé dhuine dhéag eile nua anois sa chartlann, agus leis an bhfochnuasach de phortráidí Bhord na Gaeilge ó 1980í curtha isteach sa chartlann againn freisin, tógtar chomh fada le 136 scríbhneoir muid, le fáil ar an dara portráid i rogha áirithe iontrálacha.


Cormac Breathnach

Chuir Cormac fáilte romhainn chuig Foras na Gaeilge agus an bhfoirgneamh nua slachtmhar acu i Sráid Amiens.



Pól Ó Gallchóir

Mhínigh Pól, atá ina Chathaoirleach ar an bhForas, céard abhí i gceist leis an oíche féin. 'Sé sin ochtar breise a chur leis an gcnuasach i mbliana agus ochtar breise fós a fhógairt do 2019.



Mhol sé an tionscnamh agus chuir sé i láthair an ceathrar den ochtar nua abhí ann ar an oíche. Bhron sé cóip dá bportráid féin ar gach duine acu.



Póilín Ní Chiaráin



Tadhg Mac Dhonnagáin



Cathal Ó Háinle



Pádraic Breathnach



Liam Ó Muirthile

Luaigh sé freisin an cnuasach portráidí a rinne Bill Doyle do Bhord na Gailge atá anois á chur leis an mbailiúchán. Bhí sampla de Liam Ó Muirithe (thuas) agus Aodh Ó Domhnaill (thíos ag a' bun) le feiceáil ar an scáileán.



Labhair Padraic ar a son siúd de na scríobhnóirí ar glacadh leo i mbliana. Thug sé cuntas gearr grinn ar a shaol scríobhnóireachta féin.



Bhí sé suimiúil go raibh Póilín san ochtar i mbliana. Dúirt sí gurbh onóir é seo nach raibh sí ag súil leis toisc gurbh iad scríobhnóirí "cruthaitheacha" ar fad iad an dream portráidí go nuige seo.



Bhuel is breá liom féin í a fheiceáil ina measc. Tig leis an iriseoireacht a bheith ina ghairm chruthaitheach leis.



Seán Ó Mainínn

Agus Seán ag labhairt ar son na grianghrafadóirí.



Liam Mac Amhlaigh

Thug Liam cuntas cuimsitheach ar an dtionscnamh agus luaigh sé ochtar na bliana seo maraon leo siúd atá le teacht in 2019.
Is iad na scríbhneoirí Pádraigín Riggs, Cathal Ó Háinle, Póilín Ní Chiaráin, Pádraic Breathnach, Doireann Ní Ghríofa, Ruairí Ó hUiginn, Siobhán Parkinson agus Tadhg Mac Dhonnagáin (portráidí 2018). Alex Hijmans, Catherine Foley, Derry O’Sullivan, Liam P. Ó Murchú, Máire Zepf, Pádraig Ó Baoighill, Réaltán Ní Leannáin agus Úna Nic Éinrí a fógraíodh do phortráidí 2019


Agus seo arís an ceathrar abhí i láthair as ochtar na bliana seo.



Réaltán Ní Leannáin

Tá sé thar a bheith suimiúil go bhfuil Réaltán ar liosta 2019 mar is blagaire ise agus tá sé soiléir go bhfuil an brí le scríobhnóir á lealthnú agus í féin agus Póilín a bheith san áireamh.



Éadaoin Ní Mhaicín agus Conor Leavy

B'iad Éadaoin agus Conor a sholáithrigh an-cheol dúinn i rith na hoíche.



Daoine abhí i láthair






Anna Davitt



Bill Donoghue



Paula Ní Shlatarra



Celia de Fréine & Lelia Ní Chinnéide



? & Orna Ní Choileáin



Orna Ní Choileáin



Mé Féin le Paula
Grianghraf: Seán Ó Mainnín




Bill Doyle

Tá cáil ar Bill Doyle mar ghriangrafadóir agus réimse leathan ábhar glactha aige. Ach is iad a chuid portráidí a ghlac sé do Bhord na Gaeilge atá i gceist anseo. Tá siad á gcur leis an gcnuasach - cuid acu ag breith daoine nua leo, cuid mar dhara ghrianghraf de dhaoine atá ann cheana.



Aodh Ó Domhnaill le Bill Doyle

Seo an dara ghrianghraf d'Aodh Ó Domhnaill. (Tá sé sa chnuasach cheana féin i ngrianghraf de chuid Máire Uí Mhaicín.) Agus nach ait an portráid é.

Tá a fhios againn go raibh féith an ghrinn dhuibh in Aodh agus is grianghraf é seo as sraith a ghlac Bill mar léiriú ar dhán Aoidh dár teideal "Tomadh Gotach" san imleabhar filíochta "Feic" aige.



Seo an ceann a ghabhann le Tomadh Gotach in FEIC



Tig leat breathnú ar na portráidí ar fad anseo.

Agus ar ghrianghrafanna Sheán Uí Mhainnín de sheoladh 2018 anseo.

No comments: