Friday, October 19, 2018

OILITHREACHT MHARA


IOMRAMH AN CHAMINO

Bhíos i láthair ag an scannán seo san Pavilion i nDúnlaoghaire tráthnóna Dhomhnaigh (14/10/2018).

Éacht mór isea é. Éacht an iomraimh. Éacht an scannáin.

Oilithreacht mhara ó Chiarraigh go Santiago de Compostela sa Spáinn i naomhóg saindhéanta, Naomhóg na Tinte.

Seo thíos an criú.


Domhnall Mac Síthigh - file 7rl
“Danny was really the one who brought everyone else together, and Danny was always the one who inspired everybody else. Danny was one of those genuine people. It was really great to be around him. It’s a joy to see the film because Danny’s so alive in it.”
Dónal Ó Céileachair


Breandán Ó Beaglaoich - ceoltóir

Ní hamháin ceoltóir ach fealsúnaí, mar is léir sa scannán. Tá aithne ag an saol ar cheol Bhreandáin le fada an lá.



Liam Holden - ealaíontóir

Tá bá mhór ag Liam leis an fharraige agus 'sé féin is Danny a chruthaigh Naomhóg na Tinte. Liam also contributed to the music sessions with his bodhrán.



Brendán-Pháid Ó Muircheartaigh - saor cloiche





Glen Hansard - ceoltóir

Ghlac Glen páirt in áit Bhreandán Ui Mhuircheartaigh nach raibh ar fáil don chuid is mó den triú roinn den turas.

Tá breis eolais faoin chriú le fáil anseo (lth.6).



Comhdháil loingseoireachta le linn an turais



Teacht i dtír i Santiago de Compostela





Dónal Ó Céilleachair - léiritheoir an scannáin

Tá ráiteas Dhónail faoin scannán le fáil anseo (lth.10).

Tá gach eolas ar an scannán féin ar fáil sa Paca Preasa / Press Kit.

Más eol don saol, d'fill Danny agus an bheirt Breandán ar an Spáinn i 2017 agus é ar intinn acu leanúint ag seoladh níos fuide ó dheas. Ghlac Liam Ó Maonlaí agus Pádraig Ó Duinnín páirt sa turas. Ag béal abhainn an Miño, idir an Spáinn agus an Phoirtingéil, bhuail tonn fhánach sheachránach an bád agus cailleadh Danny.



Cliceáil ar an íomhá le leagan inléite a fháil

Smaointe Danny ar iomramh an tsaoil agus é ag macnamh ar fhalla cloiche agus ar an té a thóg é fadó. Sliocht as Allagar na gCloch a foilsíodh ag Púca Press i 2006.



Danny Sheehy (1951 - 2017)
Griangraf: Máire Uí Mhaicín





Iarsmaointe ag eascairt as an scannán


Tá moladh mór ag dul do Phortráidí as ucht an phictiúir thuas de Danny (agus de mórán duine eile i saol na Gaeilge). Tá beathfhaisnéis beacht in éineacht leis na pictiúir.

Tá blaisín den scannán le fáil anseo ach bí cinnte freastal ar an scannán féin má fhaigheann tú seans. Is fiú go mór an tairbhe an trioblóid.

Bhíos féin i mo bhuachaill altóra tráth ach ní fhaca a leithéid seo riamh.
Scléip eaglasta in Santiago de Campostela


Bhí an-agallamh ar Raidió na Gaeltachta le triúr as an gcriú ar 21/5/15 agus Amhrán an Chamino le Aodh Ó Domhnaill á chanadh ag Páidí Mac Gearailt. Ag an am san bhíodar ar tí imeacht ar an dara roinn den turas - cósta na Fraince.

Bliain dár gcionn (18/5/18), bhí agallamh eile acu agus iad ar tí tabhairt faoin roinn deiridh - cósta na Spáinne go Santiago de Campostela féin.

Agus iad ag leanúint cósta na Fraince ó dheas d'imíodar thar shráidbhaile St. Brévin l'Océan, áit ina raibh mé féin i mo bhuachaill au pair i 1963. Is trua nach i 2015 abhí sé agus é ar mo chumas iad a spreagadh ar aghaidh ón trá. Ach, mar a tharla, ní raibh aon ganntanas tacaíochta orthu ó mhuintir cheilteach na Fraince.







COMÓRADH DANNY

Bhí comóradh in ómós do Danny in Séipéal na Mairnéalach, nó Músaem na Mara mar a tugtar anois air, i nDúnlaoghaire, ar 16/10/2018.

Tá naisc thíos le hábhar in Tuairisc a chlúdaíonn an ócáid ina iomlán, ach ba mhaith liom anseo m'aire a dhíriú ar dhá mhír a d'imigh i bhfeidhm go mór orm.


Bhí an ceol ag Breandán Beaglaoich an chorraitheach. Chonac é ar an gCamino sa scannán dhá lá roimhré, i gcomhluadar Danny agus iad araon beo beathach.

Anois, as an mbeirt is eisean amháin atá fágtha. Agus bhi faobhar foghach sa cheol aige, fearg fhollasach agus caoine cáinteach, dar liom. Nó b'fhéidir gur ionam féin abhí na mothúcháin sin.



Agus an léitheoireacht aige, cuirfeadh sé ag gol thú.



D'aithris Fionn Ó Gráda, deartháir céile Danny, Margaí Falsa le fuinneamh is le brí agus tuiscint mhaith aige ar a raibh i gceist ag Danny.



Caithfidh gurbh ócáid chorraitheach í seo do Mháire, céile Danny. Caithfidh gur bhraith sí uaithi é ach ag an am gcéanna gurbh mór an sólás di an meas a léirigh an slua air - fili, ceoltóirí, comharsain, lucht seoil, agus mórán eile nach iad.

De réir mar a chualas, tá a cion féin déanta ag Máire ar son na teangan agus ar mhaithe leis an bpobal sa chomharsanacht agus sa saol mór.



Sliocht as Sranntarnach le Danny. Sliocht sleachta dáiríre mar séard atá sa leabhrán seo ná sleachta as Iomramh Bhréanainn MMXI - ón Daingn go hÍoslainn le Danny.

Dála an scéil, tá an dá leabhrán ónar bhain mé na sleachta sa phost seo curtha i gcló in fíor letterpress ag Púca/Ponc Press ar an Daingean. Moladh mór leo.

Fear a bheadh i láthair ar an gComóradh seo, ach go bhfuair sé féin bás ag tús na bliana, ná Aodh Ó Domhnaill.

Bhí Aodh i láthair ag comóradh Danny an bhliain seo chaite agus caoine scríofa in ómós do Danny aige. Dúirt Mossie (Muiris) Ó Scannláin é ar an ócáid sin.

Tá an céad véarsa thíos agus tig leat na focail ar fad a léamh anseo.
TONN NA POIRTINGÉILE

Éistígí liom, a chairde, éistígí liom go ciúin,
Má’s fad’ an saol ag éinne againn, is baol nach mbeidh sin buan,
Mar tá Danny Sheehy sínte ‘s is deacair é a chreidiúint
Gurbh é Tonn na Poirtingéile a scuaib ár laoch chun siúil ...

an-léirmheas ar an gcomóradh ag Máirín Nic Eoin in Tuairisc agus an-phichtiúir ag Seán Ó Mainnín san eagrán céanna.

Agus alt ómóis i dTuairisc ag Daithí Ó Mordha ag an am ar cailleadh Danny.




AN CRIÚ AR AN LATE LATE

Bhí an criú ar an Late Late (RTÉ 1, 16/11/2018) agus Máire sa lucht féachana.








5 comments:

An Grádach said...

Nár laga Dia an Cnagaire!
An Grádach

Unknown said...

Is iontach an cuntas atá ag Póló ar Danny - idir ócáidí agus foilseacháin. Táimíd fíorbhuíoch do. Is cinnte go mbeadh iontas ar Danny ag an meas atá ar a chuid saothair! Tugann sé sólás dúinn. Ana chairde ab ea Danny agus Aodh. Bhí cónaí orthu in aice le chéile i mBaile Eaglaise. Is deacair a chreidiúint go bhfuil an bheirt acu imithe uainn in am ana ghairid.

Unknown said...

Seo Máire anseo i mBaile Eaglaise

Póló said...

Máire

Gura maith agat as na focail sin. Onóir mhór agam é a bheith ar mo chumas cur leis an gcuimhneadh ar Danny. Níor bhualas leis ach an t-aon uair amháin ach bhí saghas aithne agam air ó na scéalta ó Mhuintir Uí Ghráda agus tuairiscí eile.

Is breá liom gur thaithn an mhír thuas leat. Bhí sé deas bualadh leat i nDúnlaoghaire agus gura maith agat as an ngriangraf a ghlacas.

Unknown said...

GMA Pól as do thuairiscí. Idir an dá Linn, tá na léirmheastóirí ar aon intinn gur scannán ar leith é The Camino
Voyage/Camino na Sáile. An Cnagaire abú.