Thursday, March 21, 2013

Criospaí Órga


Cliceáil le híomhá níos mó a fháil

Tháinig mé ar na málaí móra seo san ollmhargadh Supervalu i Ráth Eannaigh inniu. Feicfidh tú gur líon teoranta málaí (limited edition) atá i gceist, fá choinne lá le Pádraig gan dabht.

Tá an cuma ortha gur Gaeilge mhaith líofa atá anseo agus tá siad chomh gleoite, nó bfhéidir níos gleoite ná an leagan Béarla. Ní raibh mé in ann comparáid a dhéanamh mar is málaí Gaeilge amháin abhí sa tsiopa.

Luas le roinnt daoine iad agus ní raibh sé tugtha faoi ndeara ag duine ar bith gur as Gaeilge abhíodar. N'fheadar an rud maith nó rud olc é sin.


Cliceáil le híomhá níos mó a fháil

3 comments:

An Gradach said...

An rud is annamh is iontach. Cen Ghaeilge ata ar 'Collector's Item'?!

Póló said...

Taise a thabharfainn air mé féin agus é chomh hannamh is chomh hiontach is atá. :)

Réaltán Ní Leannáin said...

níl siad tagtha go Leamhcán. comhartha maith,déarfainn, nár thug éinne faoi dear gur i nGaeilge a bhí siad - do lucht Tayto ar scor ar bith. Róthógtha leis na criospaí agus nach cuma sa tsioc cén teanga ina mbínomnomnomnomnom...