Showing posts with label ráth eannaigh. Show all posts
Showing posts with label ráth eannaigh. Show all posts

Sunday, May 12, 2013

MAYWOOD


Tá méis cheart déanta de chuid mhaith de na leaganacha Gaeilge ar ainmchláir shráideanna Bhaile Átha Cliath. Caithfidh nach bhfuil tír eile ar domhan ina bhfuil cruth chomh hainis sin ar leaganacha ainmneacha sráideanna sa chéad teanga ofigiúil. Le blianta fada ní raibh aon chaighdeán i reim ó thaobh leaganacha Gaeilge de na hainmneacha céanna béarla. Tá an litriú ar nós cuma liom. Agus tá an oiread sin baothaistriúcháin ann d'ainmneacha nach raibh Gaeilge riamh ortha agus nár chóir a bheith.

Glac, mar shampla, Maywood i Ráth Eannaigh.

Thugas dhá leagan faoi ndeara ar na hainmchláir, "Coill Mhuire" agus "Bealtaine". Fágann an leagan oifigiúl an focal "Maywood" gan a aistriú.

Ar dtús bhíos féin ag súil le "Coill Mhuire" a mholadh mar is iomaí áit sa Bhéarla ina bhfuil May in áit Mary. Ag an am gcéanna, is iomaí áit le hainm Maywood a thagann ón ainm sloinne "May", go háirithe ins na Stáit. Bhí "Coill na Sceiche Gile" ag Séamas Ó Brógáin ar an bhonn gur ionann iad may, whitethorn agus hawthorn sa Bhéarla. Freisin, ós rud é go luaitear coill, mheas mé féin go mbfhéidir gur ón planda a ainmníodh an eastát.

Ach nuair a d'fhreastail mé ar chaint ag bean ón cheantar sa leabharlann áitiúl tamall ó shoin, fuaireas amach gur ó May Catherwood a thagann an t-ainm sa chás áirithe seo. Msar sin, níl ach an t-aon slí ann an ceann seo a láimhseáil - an t-ainm Béarla a fhágáil mar atá sé.

Agus mé ag siúl na bóithre inniu, tháinig mé are Maywood Lawn agus an leagan Béarla in úsáid anseo. Agus ó mhínigh mé an scéal do Shéamas, isé an leagan seo atá aige i gcás Ráth Eannaigh.


Thursday, March 21, 2013

Criospaí Órga


Cliceáil le híomhá níos mó a fháil

Tháinig mé ar na málaí móra seo san ollmhargadh Supervalu i Ráth Eannaigh inniu. Feicfidh tú gur líon teoranta málaí (limited edition) atá i gceist, fá choinne lá le Pádraig gan dabht.

Tá an cuma ortha gur Gaeilge mhaith líofa atá anseo agus tá siad chomh gleoite, nó bfhéidir níos gleoite ná an leagan Béarla. Ní raibh mé in ann comparáid a dhéanamh mar is málaí Gaeilge amháin abhí sa tsiopa.

Luas le roinnt daoine iad agus ní raibh sé tugtha faoi ndeara ag duine ar bith gur as Gaeilge abhíodar. N'fheadar an rud maith nó rud olc é sin.


Cliceáil le híomhá níos mó a fháil