Friday, May 25, 2012

Banba



Ar an lá seo, 91 bliain ó shoin, maraíodh Stiofán Ó Raghallaigh, nuair a thug Arm na Poblachta (IRA) faoi Theach an Chustaim a chur tré thine i rith Cogadh na Saoirse. Maraíodh cúigear ball d'Arm na Poblachta san eachtara sin an lá sin, agus Stiofán (leifteanant) agus a dheartháir Pádraig (captaen) ina measc.


"Banba" an t-ainm cleite abhí ar Stiofán agus ba chara mór é le Peggy Medlar, múinteoir rince de bhunadh poblachtánach ó Chontae Chill Choinnigh. Ba ghaol liom í Peggy agus tháinig mé ar an griangraf thuas agus mé ag iniúchadh stair mhuintir Medlar sa Chartlann Mhíleata.

Gabhadh Peggy ag Forsaí an tSaorstáit i rith Cogadh na gCarad (18 Feabhra 1923) agus coigistíodh gach griangraf dá cairde fireann, ina measc an ceann thuas.


"Do chara, Stiophán S Ó Raghallaigh ("Banba")" a scrí Stiofán ar an ngriangraf.


Seo Peggy thuas lena deartháir Padraic, abhí ar fhoireann Cheanncheathrún an IRA i mBleá Cliath i rith Cogadh na Saoirse.

Ná déanfaimís dearmad ar Stiofán, ar an lá seo.
RIP



No comments: