Sunday, November 06, 2011

Inscne na Lámh


Bhíos ag léamh alt le Clíona Rattigan san eagrán is déanaí de History Ireland nuair a tháinig me ar an abairt seo. Ag tagairt dá deirfiúr a mharaigh an leanbh, dúirt Cáit

"Thachtaigh sí é lena lámha ar a muinéal"

Rith an smaoineamh liom gurb fhéidir gur léirigh seo gur leanbh baineann abhí ann. Deir an leagan Béarla

"She choked it with her hands on its neck"

Breis saibhris sa leagan Gaeilge toisc idirdhealú inscne in úsáid na haidiachta shealbhaigh?

Foilsíodh an leabhar thuas le Clíona le déanaí ag Irish Academic Press.

1 comment:

Néidí said...

Tá an its gránna ach níor thugas é faoi deara go dtí go dúirt tú é