Sunday, November 27, 2011

Anois teacht na Nollag


Bíonn an-mhargadh tuaithe i Ráth Éanna (BÁC 5) in aghaidh na seachtaine i rith na bliana.

Agus muid anois ag druidim leis an Nollaig táthar ag glacadh órdaithe do photóga agus cístí nollag, píoga mionra agus a leithéidí. Uasphoinnte na bliana, deirfeá.

An tseachtain seo chaite, áfach, bhí comhábhar bunúsach breise sa phota nuair a thug Ard-Mhéara na cathrach cuairt ar an mhargadh agus thug óráid spreagúil uaidh ar bhuanna a leithéid de mhargaí agus ar an mbealach ar a raibh sé féin ag iarraidh ceann a chothú i lár na cathrach.


1 comment:

Míchéal said...

Bhí Máire agus a fear chéile Conn ar chlár TG4 "Mí na Meala" le déanaí.

Ní fhaca mé an clár agus tá an cuma air nach bhfuil sé sa chartlann.

Ach tháinig mé ar na pictiúir seo ar suíomh Flickr TG4: 1 & 2 .