Monday, August 08, 2011

#OireachtasNaGaeilge


Thugas cuairt ar shuíomh idirlín Oireachtas na Gaeilge ag lorg an seoladh Twitter acu. Níor aimsíos faic.

Mheasas go raibh seo ait. Táim díreach tar éis freastal ar Eisteddfod na Breataine Bige. Bhuel, ar bhealach. Bhíos á leanúint le cabhair Twitter agus an haischlib #eisteddfod.


Leanas na himeachtaí go raibh suim agam iontu; chuireas snas ar an bheagán Breatnaise abhí agam tráth; ba ábhar ardú croí é an méid Breatnaise abhí á cur i láthair ag an daoscarslua leis an haischlib #eisteddfod.

Dála an scéal, bhí an sruth tuaoiteachaí dhá theangach. Ní raibh ach an haischlib amháin ann. Níl ach bealach amháin le h-eisteddfod a scrí, as Breatnais nó as Béarla. Seo thíos tuaoit Béarla a chaith mé féin isteach san anraith.



Mheasas mar sin go mbeadh Oireachtas na Gaeilge ar bís leis an rud céanna a bheith ar siúl i rith Oireachtas na Samhna. Luas leo nach raibh mé in ann aon seoladh Twitter a aimsiú ar an suiomh acu. Seo thíos an freagra a fuaireas uatha.

Go raibh maith agat as ucht do theachtaireacht. Níl aon seoladh "twitter" againn agus ní bheimid ag baint úsáid as an tseirbhís úd ag an am seo.

Mór an trua.






1 comment:

Póló said...

Cuma air gur fiú tabhairt faoi dhaoine áirithe amantaí.

Tá seoladh Twitter anois ag Oireachtas na Gaeilge.

Tá nasc ar an suíomh baile acu atá lochtach áfach.

.