Showing posts with label Oireachtas na Gaeilge. Show all posts
Showing posts with label Oireachtas na Gaeilge. Show all posts

Tuesday, April 28, 2015

CLO 2015


Comórtais Liteartha an Oireachtais 2015
Cliceál ar íomhá ar bith chun teacht ar leagan níos mó

Tháinig an clár isteach trín bhosca litreach inné. Cuma air go bhfuil sé ag éirí níos tanaí in aghaidh na bliana agus griangraif ann len é a thoirtiú fiú. Ní hionann ar bith é agus an clár toirtiúil a bhíodh ann ins na seachtóidí nuair a chuireas féin isteach ar chúpla comórtas.


Má tá an clár níos tanaí tá an réimse comórtas níos cúng. Mar shampla níl aon comórtas leictreonach ann seachas dráma a scrí don raidió nó scriopt don teilifís agus níl siad siúd leictreonach go fírinneach.

Séard a bhéadh i gceist agam ná blag, suíomh gréasáin nó Facebook, úsáid Twitter ar ócáidí Gaeilge mar a déantar sa Bhéarla. Níl aon chomórtas do chlár raidió nó físeáin ach oiread. Tá fhios agam go bhfuil na Gradaim Chumarsáide ann mar chuid den Oireachtas ach is don lucht proifisiúnta iad siúd.

Níl aon comórtas aistí staire ginearálta nó stair áitiúil, nó aistí ginéalachais ach oiread. Is ábhair iad seo atá ag éirí níos coitianta i measc pobal an Bhéarla na laethanta seo.

Agus níl caint ar bith ar Dheich mBliana na gCuimhneachán.


Tá líon na n-urraí an chúng leis. Cá bhfuil:

Twitter - d'fhéadfaidís siúd comórtas a urrú don úsáid is fearr bainte as Twitter ag imeachtaí Gaeilge, maidir le hathchoimire beo a chraoladh nó/agus ateangaireacht a chur ar fáil, ag baint úsáid as Twitter.

Google - tá siad siúd anois i bhfeighil Blogger agus chomh maith le comórtas blag, d'fhéadfaí comórtas taighde ar líne nó/agus comórtas léarscáilíochta idirghníomhach (ag baint úsáid as Google) a reachtáil. Tá ceanncheathrú Eorpach ag an dream seo i mBleá Cliath anois agus iad fábharach i leith na Gaeilge.

Facebook -leathanaigh scéal pearsanta, eagrais, suiomh gréasáin, blag.

Wordpress - mar an gcéanna.

Comhairlí Cathrach agus Contae - teaspántais ar mórán ábhar a bheadh oiriúnach do na leabharlanna.

Éircom/3 - apps (cláir leictreonacha) Gaeilge do na fóin phóca éagsúla.

Coiste Dheich mBliana na gCuimhneachán - aistí, físeáin, imeachtaí etc.


Ba chóir go mbeadh maoiniú de shaghas éigin le fáil ó na dreamanna thuas do na comórtaisí a luas.


Bheinn ag ceapadh go mbeadh sé mar aidhm ag an Oireachtas daoine a spreagadh le cur chuig na himeachtaí thuas trí mheán na Gaeilge. Is cuid mhór iad de shaol an lae inniu agus tá beag beann á dhéanamh orthu ag an Oireachtas.


Cinnte, dá mbeadh an réimse comórtas á leathnú mar a mholas, bheadh gá le feachtas dáiríre bolscaireachta le lucht iontrála réasúnta mór a mhealladh isteach.

Ach, i ndeireadh na dála, ní bheidh fhios ag an Oireachtas cé chomh mór is fiú seo go dtí go gcuireann siad chuige.

Monday, April 15, 2013

An Peann Luaidhe Abú


Tháinig clár na gComórtas Liteartha tríd an bpost inniu.

Cuma air go bhfuil laghdú tagtha ar líon agus ar réimse na gcomórtas le blianta beaga anuas.

Níl aon chomórtas a bhaineann go speisialta leis an idirlíon/gréasán. Is gné í seo de shaol an lae inniu go bhfuil géar ghá muintir na Gaeilge a spreagadh le bheith páirteach inti.

Tá spéis á cur i stair mhuintire agus stair áitiúil ag daoine i gcoitinne, ach níl aon chomórtas ann len iad a spreagadh chun a gcuid torthaí a chur i láthair trí mhéan na Gaeilge.

Bhíodh a leithéidí ann agus is cruthú é ar a n-éifeacht spreagtha an blag seo féin a theacht ar an saol.

N'fheadar mé cad tá ar siúl anseo ar chor ar bith?

Monday, August 08, 2011

#OireachtasNaGaeilge


Thugas cuairt ar shuíomh idirlín Oireachtas na Gaeilge ag lorg an seoladh Twitter acu. Níor aimsíos faic.

Mheasas go raibh seo ait. Táim díreach tar éis freastal ar Eisteddfod na Breataine Bige. Bhuel, ar bhealach. Bhíos á leanúint le cabhair Twitter agus an haischlib #eisteddfod.


Leanas na himeachtaí go raibh suim agam iontu; chuireas snas ar an bheagán Breatnaise abhí agam tráth; ba ábhar ardú croí é an méid Breatnaise abhí á cur i láthair ag an daoscarslua leis an haischlib #eisteddfod.

Dála an scéal, bhí an sruth tuaoiteachaí dhá theangach. Ní raibh ach an haischlib amháin ann. Níl ach bealach amháin le h-eisteddfod a scrí, as Breatnais nó as Béarla. Seo thíos tuaoit Béarla a chaith mé féin isteach san anraith.



Mheasas mar sin go mbeadh Oireachtas na Gaeilge ar bís leis an rud céanna a bheith ar siúl i rith Oireachtas na Samhna. Luas leo nach raibh mé in ann aon seoladh Twitter a aimsiú ar an suiomh acu. Seo thíos an freagra a fuaireas uatha.

Go raibh maith agat as ucht do theachtaireacht. Níl aon seoladh "twitter" againn agus ní bheimid ag baint úsáid as an tseirbhís úd ag an am seo.

Mór an trua.