Wednesday, July 20, 2011

Líonta Dé


Táid ag teacht le soilse an lae

Chuir an Chomhdháil Idirnáisiúnta Eochairisteach, a bheidh ar siúl i mBleá Cliath i Mí an Mheithimh 2012, turas a thug mé ar an Spidéal le mo rang scoile na blianta blianta ó shoin i gcuimhne dom.

Níorbh ionann cás don tír ná don Eaglais (RC) ag an am san agus an lá atá inniu ann.

Bhí an tír bocht go maith ach todhchaí saibhir i ndan dí gan mórán moille. Bhí an Eaglais (RC) in uachtar uachtarach i ngnóthaí na tíre gan trácht fiú ar shaol spioradálta na ndaoine.

Ag an am san, ar an Spidéal, bhí lán smacht ag an sagart paróiste ar shaol na ndaoine agus é ag sgagadh na hinsciní fiú laistigh den séipéal féin - fir ar thaobh amháin agus mná ar an dtaobh eile.



Tharla ócáid mhór fad a bhíos ann - cuairt an Chairdinéil Marella




Níos tábhachataí fós, b'fhéidir, in éineacht leis an gCairdinéal bhí Easpag na Gaillimhe féin, Mícheál de Brún, nó Cross Michael, mar a tugtaí air, agus ní gan cúis. Agus féach na mná rialta. An bhfuil an oiread sin ban rialta anois sa tír féin?

Agus na céilithe sin. Céilithe fireann. Buachaillí Ógra Éireann ag rince lena chéile agus gan fiú scáth ghirsigh i ngiorracht scread asail. Cinnte, ní ghlacfaí le sin an lá atá inniu ann.

In 2012 beidh 80 bliain ann ón gComhdháil dheireannach in Éirinn. Tá an tír agus an Eaglais (RC) i ndearg sáin faoi láthair. Táthar ag súil le mór-éachtaí i mórán réimse gan mhoill.

nach críoch ach athfhás?



7 comments:

aonghus said...

Táim ag ceapadh go bhfuil líonta De níos éifeachtaí anois ná mar a bhí an uair úd. Ní dhearna sé leas na hEaglaise, ná an Phobail, na an Stáit iad a bheith chomh fite fuata le chéile.

Anonymous said...

Tá tú ag labhairt fá leathchéid ó shoin , nach ea? Nó níos fuide siar? Saol eile ar fad.

Cogar ar dhódh amaid fad is a bhí tú ann?

Póló said...

@aonghus

N'fheadar mé. Tá lofacht fós le loscadh in oiread sin réimsí den saol.

@anonymous

Thart are 1960 measaim. Ach fágann Dul faoi Láimh Easbuigh séala nó marc spioradálta ina dhiaidh go buan, nó, b'shin a dúradh sa teagasc críostaí ag an am.

Dódh, Oíche Shean Sheáin, ar fud an chósta.


aonghus said...

An cogal agus an cruithneacht, Póló; mar a bhí riamh. Ach bhí an Eaglais abhus geal le plúchta le cogal. Tá sin ag athrú. (Ce go n-aontaím le Vincent Twomey go mba cheart gortghlanadh iomlán a dhéanamh i measc na nEaspag)

Póló said...

@aonghus

Smaoineamh maith, ach nach trua gurb é Vincent Twomey a dúirt.

aonghus said...

Tuige? (Is tacaí de chuid an Phápa mise freisin, dar ndóigh. Mar sin, ní chuireann sé ionadh orm gurbh eisean seachas aoinne eile a dúirt).

Póló said...

@aonghus

Beidh sé fós ina Easbog ar ais nó ar éigean.