Sunday, July 24, 2011

Ciall Cheannaithe


Thugas an cacamas seo faoi deara inniu.

Tá an dá chomhartha os comhair a chéile ag barr na sráide (nó na hÁirse, más mian leat).

Tá an ceann ar barr ceart. Tá fada ar Áirse na gCeannaithe agus níos mó ná duine amháin díobh ann.

Tá an ceann eile mícheart. Tá an fada fágtha ar lár agus níl ach ceannaí amháin ann ach é urraithe go maith.

Tá an Béarla amhlaidh.

Uasdátú : dhá cheann eile ón lá dar gcionn:


Tig libh iad seo a oibriú amach sibh féin.

[Má bhíonn tú riamh in amhras, tabhair cuairt ar shuíomh Sheamais.]


No comments: