Showing posts with label gaillimh. Show all posts
Showing posts with label gaillimh. Show all posts

Wednesday, July 20, 2011

Líonta Dé


Táid ag teacht le soilse an lae

Chuir an Chomhdháil Idirnáisiúnta Eochairisteach, a bheidh ar siúl i mBleá Cliath i Mí an Mheithimh 2012, turas a thug mé ar an Spidéal le mo rang scoile na blianta blianta ó shoin i gcuimhne dom.

Níorbh ionann cás don tír ná don Eaglais (RC) ag an am san agus an lá atá inniu ann.

Bhí an tír bocht go maith ach todhchaí saibhir i ndan dí gan mórán moille. Bhí an Eaglais (RC) in uachtar uachtarach i ngnóthaí na tíre gan trácht fiú ar shaol spioradálta na ndaoine.

Ag an am san, ar an Spidéal, bhí lán smacht ag an sagart paróiste ar shaol na ndaoine agus é ag sgagadh na hinsciní fiú laistigh den séipéal féin - fir ar thaobh amháin agus mná ar an dtaobh eile.



Tharla ócáid mhór fad a bhíos ann - cuairt an Chairdinéil Marella




Níos tábhachataí fós, b'fhéidir, in éineacht leis an gCairdinéal bhí Easpag na Gaillimhe féin, Mícheál de Brún, nó Cross Michael, mar a tugtaí air, agus ní gan cúis. Agus féach na mná rialta. An bhfuil an oiread sin ban rialta anois sa tír féin?

Agus na céilithe sin. Céilithe fireann. Buachaillí Ógra Éireann ag rince lena chéile agus gan fiú scáth ghirsigh i ngiorracht scread asail. Cinnte, ní ghlacfaí le sin an lá atá inniu ann.

In 2012 beidh 80 bliain ann ón gComhdháil dheireannach in Éirinn. Tá an tír agus an Eaglais (RC) i ndearg sáin faoi láthair. Táthar ag súil le mór-éachtaí i mórán réimse gan mhoill.

nach críoch ach athfhás?