Thursday, July 03, 2008

Schmap!




Fuair mé ríomhphost an taithneamhach tamall ó shoin. Bhí comhlucht treoirleabhar turasóireachta ar líne tar éis griangraf liom a fheicéail ar Flickr agus ba mhaith leo é a úsáid i dtreoirleabhar nua ar Éirinn. An mbeinn toilteanach?

D'imigh mé ag breathnú ar an suíomh gréasáin acu agus bhí sé thar cinn. Bhí treoirleabhair acu do an-chuid mórchaithreacha; bhí cuma snasta ar an cur i láthair; agus d'féadfá do threoirleabhar féin a chumadh ach úsáid a bhaint as an gclár bogearra acu.

Bhí mionsamhail na ngriangrafanna sa leabhar a sheol an léitheoir chuig na griangrafanna móra ar shuíomhanna na ngriangrafadóirí féin ar Flickr.

Bhí mé ag tnúth go mór leis an treoirleabhar nua agus mo ghriangraf féin ann.

Tháinig an lá agus fuair mé ríomhphost eile le URL ann a dhírigh mé chuig mo ghriangraf féin. Bhí mé an mhórtasach as. Mionsamhail agus cúntas beag faoi Thithe an Rialtais i Sráid Mhuirfean Uachtarach.

Ansin bhreathnaigh mé ar na griangrafanna eile den bhfoirgneamh céanna agus thug mé faoi ndeara gur griangraf de na ceithre cúirteanna abhí i gceann acu agus den chaisleán i gceann eile.





Bhí roinnt eile abhí ait chomh maith. Ina measc: griangraf de Mhainistir Naomh Mhuire i mBeann Éadair faoi theideal na Mainistreach i lár na Cathrach.

Freisin, caithfidh mé a rá gur roghnaíodar roinnt fíor dhroch-ghriangrafanna in áiteanna.

Scríobh mé chucu faoi na botúin cúpla uair ach, cé go bhfuair mé freagra, ní raibh aon leigheas ar an scéal ó shoin.

Tá an cuma air, mar sin, go bhfuil droch eagarthóireacht (nó b'fhéidir easpa eagarthóireachta) i gceist, maraon le droch bhainistíocht. Bheinn beagáinín amhrasach faoin gclár ríomhaireachta acu leis. Ní go ró mhaith a réitíonn sé, amannta, leis na cláir eile a bhíonn ar siúl agam de ghnáth.

Chuir sé ionadh orm go raibh léirmheasanna an-mhaith faighte acu óna leithéidi Time Magazine, Washington Post agus International Herald Tribune. B'fhéidir, mar sin, gur ar an leathanach Éireannach amháin atá na lochtanna. Feicimíd.

An t-Eolas is Deireanaí
Tá Tithe an Rialtais socraithe faoi dheireadh (06/08/08) ach maireann na fadhbanna eile.



2 comments:

Anonymous said...

Nach trua nach bhfuil siad níos proifisiunta. Tá an smaoineamh an mhaith agus n'fheadar an bhféadfaí na leathanaigh pearsanta a chóiriú as Gaeilge. Ba mhór an áis é dá bhféadfaí.

Anonymous said...

Tá sé deacair a chreidiúint nach mbeidís ar bís chun a gcuid botún a cheartú!