Saturday, April 19, 2008

Slán abhaile


Tharla go raibh mé leasmuigh den Leas Ard-Eaglais i Sráid Mhaolbhríde agus aifreann socraide an Iar-Uachtaráin, Pádraig Ó hIrighile, ar siúl laistigh.

D'fhan mé tamall.

Bhí blas na huaisleachta san aer.

Rinne Paddy a chion ar son muintir na hÉireann. Chosain sé sinn ar morán oilc, cé nach raibh ar a chumas sinn a chosaint ar Chathal Cam.

Tugadh socraid Stáit don Chathal céanna.

Díluacháil uafásach socraide.

Rinne Paddy í a athluacháil an tseachtain seo.

Mór a ghlóir.


Óráid Brian Cowen anseo
Tuilleadh pictiúirí anseo



4 comments:

Anonymous said...

Maith go leor. Óráid bhreá. Ach céard a rinne Biffo díreach ina dhiaidh san.

Chuaigh sé go huaigh CJH le hómós a thabhairt don bhligeárd.

Mo náire. A náire.

Anonymous said...

Is cinnte gur fear deas ionraic a bhí i Paddy Hillery, fear nach raibh aon éirí in áirde ag baint leis riamh.

B'fhéidir nach bhféadfá an rudg céanna a rá fé duine eile a luadh thuas....ach caithfear and dá thaobh a thomhas. Is beag duine a d'oibrigh le Charlie nach raibh meas acu air mar aire.

Bhí Charlie ag iarraidh coimeád suas le bligeárdaí mar François Mitterand ag tréimhse nach raibh mórán á thuilleadh ag polaiteoirí
Éireannacha .

Ní aige féin amháin a raibh baksheesh á fháil aige ag an am, cé go raibh sé níos aiceallaí ná an chuid eile acu.
Agus ar ndó bhí daoine flaithiúil mar Ben Dunne timpeall na háite.
D'fhéadfadh Charlie bheith deas le cáirde agus chabhraigh sé leo nuair a bhi gá leis sin.

De mortuis....

Póló said...

A Spailpín, a chara

Rinne sé rudaí maithe cinnte agus ba Aire maith é in Talmhaíocht, Dlí agus Cirt, agus Airgeadas.

Thug sé an Taj Mahal, Aosdána (ní fios cé chomh dána!), coisgíní ar oideas, agus mórán rudaí eile dúinn.

Ach bhí sé lochtach agus ba mhór an dochar a rinne sé seo do bhuneagar pholaitiúil na tíre.

Bonum dixi sed ...

Anonymous said...

á, mar a deirtear "an té a bhíos thuas buailtear bos air , an té bhíos thíos buailtear cos air"...
Ní deas an rud é anois bheith ag cáineadh mo dhuine fé chré na cille, go mórmhór nuair a chuirtear in áireamh na nithe maithe a rinne sé.

Nuair a fhéacaimíd siar ar an stair ní haon mhaith a bheith ag féachaint air tré spéaclaí an lae inniu.

Bhí an córas pholaitiúil cam go leor ag an am sin agus bhí na páirtithe polaitiula uilig ól as an ngloine céanna....agus bhí an "Coq Hardi" (agus is dócha Terri) costasúil go leor freisin.