Wednesday, January 15, 2020

KEN MAC DIARMADA


Ken Mac Diarmada

Cuireadh Ken inniu - RIP.

Bhí Ken ins Na hUaisle romham agus níos déanaí in éineacht liom.

Bhí sé sa ghrúpa Tŷ Bach a raibh sé de phribhléid agam céirnín fadseinteach a dhéanamh leo in stiúideo Billy McBurney i mBéal Feirste i gcaitheamh Na Trioblóidí ó thuaidh.



Bhí sé ar an té a b'fhearr dár chuala mé riamh leis na Talking Blues a aithris.

Comhbhrón ó chroí lena mhuintir.

Saturday, December 28, 2019

AODH Ó DOMHNAILL


Clár uair a'chloig ar Raidió na Gaeltachta faoi Aodh Ó Domhnaill a cailleadh ar 24 Eanáir 2018.

Tá moladh mór ag dul do Cholm Mac Séalaigh a rinne an clár.


Tá píosa faoi ghnás na socraide in Mount Jerome le léamh anseo agus faoin Oíche Ómóis in Áras na Scríobhnóirí anseo.

Luaigh Colm Bulfins sa chlár. Seo tuairisc ar alt faoi Bulfins ag Mícheál Ó Gruagáin in COMHAR, Mí na Márta 2017.

Luadh freisin sa chlár an t-aon leabhar a scrí Aodh, Séimí, le Dolo agus tá cur síos air anseo.

Chuala sibh dán faoina bheirt clainne a scrí Aodh, Mo Bheirt ar Altram, a bhfuil téacs de agus aistriúchán (lochtach) air le fáil anseo.

Tá suíomh iomlán idirlíne ag na hUaisle anseo.

Cuireadh mionbheathfhaisnéis Aoidh inairde ar ainm.ie i rith na bliana.

Monday, October 28, 2019

DÓNALL Ó CONAILL


Tugadh iasacht an leabhair seo dom inniu. Nil ach breac aithne agam ar Dhónall agus ní raibh fhios agam ar chor ar bith gur file é.

Bhí suim agam ann toisc go raibh sé tráth ina phríomhoide i gColáiste Mhuire, áit a raibh mé féin ar scoil ann. Bhí sé ar intinn agam le fada an lá agallamh a chur ar Dhónall faoin dtráth sin dá shaol, agus tá fós.

Ach is faoina shaol phearsanta na dánta sa leabhar bheag seo.



Tá sé chomh maith agam an cur síos (thíos) ar Dhónall ó chúl an leabhair a chur os bhúr gcomhair.
Ciarraíoch é Dónall Ó Conaill a rugadh agus a tógadh i gCathair na Slí, Trá Lí i 1937. Furmhór a shaoil caite aige i mBaile Átha Cliath.

Chaith se seal ins na Bráithre Críostaí. Oileadh é ina bhunmhúinteoir agus bhain se Céim BA, ATO, agus Ard-Teastas sa Ghaeilge amach sna seascaidí.

Chaith sé sé bliana mar phríomhoide i gColáiste Mhuire, Cearnóg Pharnell. Chaith Do­nall a shaol ag saothru ar son na Gaeilge ar choistí éagsúla a bhain le cur chun cinn na Gaeilge agus an Oideachais.

Bhí sé mar Stiurthóir ar Fhoras Pátrúnachta na Scoileanna Lánghaeilge agus tá sé anois ag feidhmiú ar Choiste an Timire agus ar Choiste Tréadach Dheoise Átha Cliath chomh maith le bheith mar bhall de Bhord Stiúrthóirí lontaobhas Scoileanna Éamainn Rís.

Pósta le Bríd le seisear clainne.
Dála an scéil, is as Bhéachán (Bekan) do Bhríd, in aice Béal Átha hAmhnais, áit dhúchasach m'athar. Agus tá Emer, iníon Dhónaill, ina comharsa bhéal dorais agam.

Thaithn an fhilíocht liom agus tá mo rogha dhá dhán thíos.
Oilithreacht

Labhair mé leis an mbás
i gcorp m'athar
ina luí gan chorraí
go docht righin
ina bhuanchodladh.
méara snaidhmthe
le Paidrín Mhuire
sa bhuanchruth,
béal druidte
le beola snoite
sa bhuantost.
Ach labhair cuimhní liom
is thaistil mé siar leo
trí iarthar Chiarraí,
trí Abhainn na Scál is Lios Póil
go Daingean Uí Chúis
is chomh fada le Dún Chaoin.
Chuir mé préamha dúchais ann
is blaisim a dtionchar de shíor.

Mise

ag deireadh thiar thall
tá turas m'óige curtha díom
is seolaim amach ar mhachairí an tsaoil,
ag crosbhothar is cumair uiscí
ag gabhal ar bith
roghnóidh me mo chúrsa féin
feasta,
gan sreang imleacáin mo mháthar am' cheangal,
gan súil m'athar am' bhagairt,
gan laincisí mo mhuintire am' shrianadh.
tabharfad dúshlan an tsaoil
is seasfad an fód im' aonar
faoi bhrat m'oidhreachta is mo thógála.


Arna foilsiú ag Glór na nGael (2013),
Ráth Chairn, Co. na Mí.
www.glornangael.ie






Wednesday, January 30, 2019

FLIUCH 2


Cliceáil ar íomhá ar bith le leagan níos mó a fháil

Tá sé fliuch arís agus mé Fliuch báite cheana féin. Drúcht na maighdine, gan amhras.

An tarna eagrán den ghreann-iris-aonlámhach seo ar fáil faoi dheireadh, .

Agus níl trácht ná tuairisc ann ar Pheig bhocht. Farasbarr gnéis aici sa chéad eagrán agus í á tachtadh "ag iarraidh a theanga a lúbadh mórthimpeall séimhiú".

De réir Tuairisc.ie, ní raibh baint ar bith ag Conradh na Gaeilge leis an iris ainneoin a logo siúd do Bhliain na Gaeilge ar chlúdach na h-irise.

Mór an trua. Tá sé am don Chonradh "to get their finger out" (mar a deirtear sa Sacs-Bhéarla) agus tacaíocht a thabhairt don uile ghné de shaol na Gaeilge, agus an litríocht aonlámhach san áireamh. Duais spesialta san Oireachtas bfhéidir?



Tá mír comheasa teanga san eagrán seo agus Buntús Ultaise faoi bhun acu. Thuigfeadh an tAthair Colmán an cur chuige seo go maith.

Caithfidh mé a admháil, áfach, gur thuig mé an Ultais gan aon nod ón Ghaeilge. N'fheadar conus san?



Agus Brexit, nó "bain díot do ghúna, Úna" mar a thugaimís air sna sean laethanta agus muid ag iarraidh an dá chíoch a fhreastail.



Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine agus léiriú breá é an léaráid seo ar chroí-lár na gluaiseachta aonlámhaigh.

Os rud é nach mian liom mo lucht léite a ghríosadh go hiomarcach níl mé chun a thuilleadh íomhánna gáirsiúla a thabhairt díbh. Ach má thagann sibh ar ionad iargúlta cuí, téigí ag léamh an iris gháirsiúl Ghaeilge seo.

Is fiú an tairbhe an trioblóid.

An chéad eagrán



Thursday, December 20, 2018

AODH - Oíche Ómóis


D'eagraigh Aontas na Scríobhnóirí, i gcomhar le hAisteoirí Bulfins, oíche ómóis d'Aodh Ó Domhnaill in Áras na Scríobhnóirí (Writers' Centre) i gCearnóg Pharnell ar 26/11/2018. Cailleadh Aodh ar 24/1/2018.

Bhí clár suimiúil leagtha amach ina raibh mé féin fiú páirteach ann.

Bhí an béim go mór ar shaothar Aoidh agus giotaí filíochta, drámaíochta agus ceoil leis fhéin á gcur i láthair. Bhí comhrá beirte aige ar an scáileán mór agus é féin le feiceáil ann. Bhuaigh an comhrá seo duais ar an Oireachtas le déanaí. Chuir Bulfins comhrá beirte eile dá chuid i láthair a bhain le dúnmharú agus le córas uathghuthánach an Garda Síochána. Níorbh PULSE go dtí é.



Cantóirí Bulfins

Chuir Cantóirí Bulfins tús breá bríomhar leis an oíche. Iad eagraithe ag Aoileann Ní Chonchubhair. Léi bhí Gearóid Ó Mórdha, Emer Ní Mhealóid, Louise Fox agus Aoife Glacken Ní Riain.








Mike Donoghue

Bhí Mike i mbun fuaime, mar a bhí agus muid tráth sa Ghearmáin le dráma Aoidh, Mac A'Stanley.



Lisa de Jong

'Sí Lisa oifigeach cumarsáide agus imeachtaí Áras na Scríobhnóirí, agus í anseo ag plé le "cúrsaí tís" - céard a dheinfeá dá raghadh an áit trí thine, agus mar sin de.



Celia de Fréine

Tá Celia ina Cathaoirleach ar Aontas na Scríobhnóirí. Agus í ag labhairt ar son an Aontais, mhol sí saol agus saothair Aoidh agus chuir sí fáilte fial roimh an mhórthinreamh.



Lelia Ní Chinnéide

Bhí Lelia ina Bean an Tí agus choinnigh sí cúrsaí na hoíche ag gluaiseacht ar aghaidh mar ba chóir.



Pádraig Ó Snodaigh

Mhol Pádraig féithe ildánacha Aoidh. Eisean, agus an comhlucht Coiscéim aige, a d'fhoilsigh na trí imleabhair fhilíochta ag Aodh.





Áine Ní Ghloinn

B'iad Áine agus Seán Ó Broin a d'eagraigh an oíche thar ceann Aontas na Scríobhnóirí.



Sinéad Ní Uallacháin

Dúirt Sinéad an píosa filíochta álainn sin ag Aodh Mo Bheirt ar Altram.




Café ar Ais - dreas drámaíochta le hAisteoirí Bulfins. .

Fidelma Ní Ghallchóir a léirigh. Ag aisteoireacht bhí Fidelma, Seán Ó Broin, Justin, Aoileann, Emer agus Elaine








Gearóid Ó Mordha

Gearóid ag glacadh sosa agus é ag dianmhachnamh.


Lelia ag cur síos ar Na hUaisle an grúpa ceoil ag Aodh. Bhuadar duais an Oireachtais in 1971 agus leanadar orthu ag canadh amhráin agóide ar feadh roinnt blianta ina dhiaidh sin.



Pól Ó Duibhir & Colm Mac Séalaigh
Grianghraf: Niall Ó Domhnaill

Chan Colm agus Pól amhrán agóide de chuid Aoidh faoi thruailliú na timpeallachta. 1984 an teideal abhi air.



Comhrá beirte De Vilde Atlantic Vay a bhuaigh duais an Oireachtais le déanaí. Taispeánadh ar an scáileán mór é agus Aodh, a scrí agus a ghlac páirt ann, ar thaobh na láimhe clé anseo.









Tadhg Ó Conchubhair & Mícheál Ó Gruagáin

Comhrá beirte de chuid Aoidh á aithris ag Tadhg agus Micheál. Tadhg ag iarraidh tuarascáil faoi dhúnmharú a chur isteach chuig na Gardaí ar an dteileafón ach an uathchóras sain-sínte ag cur bac air. Más murdar simplí é, brúigh uimhir a haon. Má tá fuil le feiscint brúigh uimhir a dó. Más tú an dúnmhairtheoir brúigh uimhir a trí. Agus mar sin de.









Grianghraf: Niall Ó Domhnaill

Pól agus Colm arís, an t-am seo le EEC.



Cantóírí

An mhír dheiridh, na Cantóirí arís.








AGUISÍN


Luaigh Pól é agus EEC á chur i láthair aige. An lá a dháil Aodh amach fuiscithe te don scuaine leasmuigh den Bhanc Ceannais. Niorbh Euro go dtí é.



Leagan dáiríre d'Aodh leasmuigh dá theach ar an gCarraig Dhubh.



Leagan neamhfhoirmeálta i Ráth Eannaigh.



An cantóir óg agóide ar RTÉ Óró ag canadh Teanga na nGael.



Léiritheoir Mac A'Stanley ag glacadh fag faoin aer i Mulheim na Gearmáine.


Seo ceann de na píosaí scríobhneoireachta is déanaí a scrí Aodh: Agallamh le Muintir Bulfin in COMHAR Márta 2017. (le caoinchead na hIrise tá súil agam!)

Na hAmhráin

1984: Físeán le Colm & Pól ag canadh 1984 ag an oíche ómóis. Na focail anseo.

EEC: Na hUaisle ag canadh EEC in 1971 (Aodh, Nora agus Doiminic). Na focail anseo.

Teanga na nGael: Nora le Pól agus Ken sa Damer. Na focail anseo.

An Clár Raidió

In 1971 bhuaigh Na hUaisle duais an Oireachtais do ghrúpa ceoil le h-amhrán darbh teideal An Banbh.

An bhliain chéanna bhuaigh mé féin an comórtas do chlár raidió. Séard abhí sa chlár ná comparáid idir amhránaíocht agóide in Éirinn agus sa Bhreatain Bhig ag an am, á cur i láthair ag Nóra Ní Dhomhnaill.

Ghlacas Na hUaisle mar shampla den a raibh ar siúl sa tír seo, agus, inste na fírinne, b'iad siúd amháin abhí i mbun amhránaíocht agóide ar bith anseo agus é sin as Gaeilge. Sa Bhreatain Bhig bhí roinnt daoine ina bhun mar abhí Dafydd Iwan, Huw Jones agus Meic Stevens.

Tig leat an clár iomlán a chloisint anseo [26 nóméad] agus an mhír ar leith as an gclár, ina gcuireann Nóra Ní Dhomhnaill agallamh ar Aodh faoin na cúrsaí seo, a chloisint anseo [3 nóméad].

Insan agallamh san, luann Aodh go raibh ar an grúpa cúrsaí agóide a sheachaint agus iad ag canadhh ar RTÉ. B'shin i 1971. Níorbh ionann don scéal cúpla bliain níos déanaí nuair abhí an grúpa páirteach sa tsraith ÓRÓ ar RTÉ. Do b'é Liam Ó Murchú, Dia go deo leis, abhí i gceannas ar an gclár sin agus chuir sé fáilte fial roimh an agóid, ní hamháin i gcás ÓRÓ ach in mórán craoltaí ina dhiaidh sin.


Mír bhlaig faoi chreimeadh Aoidh in Mount Jerome