
Leabhar beag gleoite é seo ó Aodh Ó Domhnaill agus Coiscéim. Seo an chéad leabhar ag Aodh do dhéagóirí óga. Suite i bPáras na Fraince, is cur síos é ar choimhlint chruthaitheach idir Monsieur Doló agus Séimí Francach, iad araon ag scrí leabhar faoina chéile.

Agus na carachtéir eile. Buaileann muid le Fransaí, searc Shéimí, ó mhuintir na bhfrancach faoi thalamh; le Pluba, ceannaire na bhfrancach céanna atá sa tóir ar Shéimí mar sholáthar bia dá chomhluadar; leis an bhFear Mór Gorm, SeaicA; le Mickey/Minnie Mouse;

Feicimíd go bhfuil níos mó ná francaigh faoi thalamh i gceist. Tá fíor uisce faoi thalamh sa scéal seo maraon le huisce truaillaithe.
Tá an stíl scríobhnóireachta díreach, simplí agus saibhir. Tá na léaráidí mothaitheach tarraingteach. Agus tá ardchaighdeán ar an leabhar féin, mar a bheifeá ag súil leis ó Choiscéim.
Ní fúmsa é deireadh an scéil a nochtadh, ach bheinn ag tnúth le mír eile as saol Doló, Séimí agus Fransaí ón údar amach anseo.

1 comment:
Is féidir an leabhar seo a cheannach ar líne ó Litríocht ar €7.50.
Post a Comment