Saturday, October 15, 2011

Blagadóireacht


[ó chlé go deas: Alex Hijmans - iriseoir,
Alison Ní Dhorchaidhe - file,
Máire Burns - riarthóir ghrúpa Facebook,
Aonghus Ó hAlmhain - innealtóir bogearraí,
Scott de Buitléir - craoltóir agus fear a' tí.]

Tá sraith imeachtaí are siúl i rith na seachtaine ag IMRAM mar chuid d'Fhéile Litríochta Gaeilge. Ba é seo an chéad imeacht, in City Arts, ar Ché an Bhaitsiléara sa Phríomhchathair.

Bhí an cur i láthair agus an comhrá bríomhar. Agus an toradh? Tá todhchaí fónta i ndan don bhlagadóireacht as Gaeilge ach cur chuige i gceart agus lucht na Gaeilge a spreagadh agus a nascadh le chéile ar an idirlíon.

Ghlac Alex páirt sa díospóireacht agus é sa Bhreasail. Sin ar an scáileán thuas é. Nach iontach an ní é Skype? Blagadóirí cruthanta iad siúd ar fad sa phictiúr, ar ndóigh.

Tá clár na seachtaine ar fáil anseo.


No comments: