Saturday, October 15, 2011

An Fiannachtach

Ba é seo and dara imeacht ar chlár IMRAM na seachtaine. Oíche ómóis in onóir an Monsignor Pádraig Ó Fiannachta. Ní ghá mórán a rá faoin bhfear uasal seo. Tá aithne air abhus is i gcéin i measc gaelgeoirí.

Rinne sé aistriúchán ar an mBíobla agus bhí sé ag plé le PONC i bhfad roimh theacht an idirlín.

An tAthair Pádraig, Cathal Póirtéir, agus
Ceaití Ní Bheildiúin, ag bronnadh an Festschrift

Bhí séipéal an Damer lán go doras leis na hoilithrigh ar fad. Bhí focail mholta ann agus ceol agus filíocht. I ndeire na hoíche bronnadh Festschrift ar Phádraig mar chomhartha buíochais as an saol a chaith sé ar son leas na ndaoine.

An cór Breatnach ag léiriú ómóis as Gaeilge.

Tá cáil ar an Athair Pádraig chomh fada siar i gcéin leis an mBreatain Bheag, agus bhí Côr Meibion Cymry Dulyn i láthair leis an nasc seo a chomóradh. "I Bob Un syn Ffydlon" agus "Myfanwy" a chanadar, as Breatnais, ar ndóigh. Bhíos féin páirteach sa chór céanna seo tráth dá raibh.

Tá clár na seachtaine ar fáil anseo.



No comments: