Sunday, March 30, 2008

Vótáil as Gaeilge



Agus mé i mbun taighde i leith stair mo mhuintir, bhí mé ag breathnú ar mhiontuaraiscí Bhardas Átha Cliath i rith Cogadh na Saoirse.

Bhí na poblachtánaigh agus na náisiúntóirí tar éis móramh a bhaint amach ar an mBardas agus bhí na poblachtánaigh de réir a chéile ag caitheamh a gcuid vótaí as Gaeilge.

Ní raibh an Rúnaí sásta na vótaí seo a chlárú mar vótaí dleathacha toisc nach raibh aon fhoráil sa reachtaíocht a cheadódh a leithéid.

B'ionann seo agus an bua a thabhairt do na hAondachtóirí i ngach babhta vótála agus níorbh fhéidir leis na poblachtánaigh ná na náisiúntóirí glacadh le seo ar chor ar bith.

Mar sin, bhriseadar an Rúnaí agus d'órdaigh don Leas Rúnaí glacadh leis na vótaí a chaitheadh as Gaeilge. Dhiúltaigh seisean agus briseadh é.

Ansan cheap na baill duine dá gcuid féin mar rúnaí agus leanadh leis an obair.

Cé nár thaithn seo leis na hÚdaráis níor fhéad siad mórán a dhéanamh faoi.

Bhí an Bardas ag troid leo faoi chúrsaí eile agus rinne na hÚdaráis iarracht a chuid airgid a choinneál ón mBardas agus iad a thabhairt os comhair na cúirte.

Ach mar a thárla, síníodh an Conradh le Rialtas na Breataine, agus b'shin réiteach ar an scéal sin, cé gur lean cúrsaí achrainn eile idir an Bhardas agus Rialtas nua na hÉireann. Ach sin scéal eile.


No comments: