Dé Sathairn, Eanáir 23, 2010

Gaeilge ar an LUAS


Bhí mé ag éirí bréan den Ghaeilge fhíorchiotach ar an bhfuaimrian ar an LUAS le fada an lá.

Bhí mé ar an LUAS inné agus ...

GAEILGE BHLASTA.

Comhgháirdeachas leis an gcomhlacht.


Labels: , ,

Déardaoin, Eanáir 14, 2010

Ní coir go CÓIR


Iarsma fheachtas Liospóin i bPáirc Belmont, Ráth Éanna, 13 Eanáir 2010.

An é go rabhthas ag súil le Liospóin III?

Pé scéal é, tá sé seo in aghaidh an dlí.


Labels: , , , ,

Déardaoin, Nollaig 24, 2009

Nollaig Shona 2009




Labels: ,

Dé Sathairn, Nollaig 05, 2009

Éalú Aeráide


Tesco, Clare Hall, BÁC 5

Fear sneachta ag éalú ón athrú aeráide i dtuaisceart na cathrach. N'fheadar an dtiocfaidh leis gan leá ar an dtaobh ó dheas.

Labels: , , , ,

Déardaoin, Samhain 26, 2009

Féasta Fíorúil


Tháinig an scéal grinn seo chugam ar an bhfóram bhreá sin Acmhainn. Bhaineas an sult as.

Téann fear isteach i mbialann agus tugtar suíochán dó ag bord gar don fhuinneog.

Tar éis tamall a chaitheamh ag breathnú ar an mbiachlár, glaonn sé ar an bhfreastalaí teacht trasna chun an t-ordú a thógáil.

'Anois, a dhuine uasail,' a deir an freastalaí, 'céard a bheidh agat?'

'Beidh na botúin ghramadaí agam!' a d'fhreagair mo dhuine.

D'fhéach an freastalaí ar an bhfear le hionadh. 'Níl aon ní mar sin againn,' a dúirt sé.

'Cén fáth a bhfuil siad ar an mbiachlár mar sin!'


Agus sinn ag plé cúrsaí biachlár, seo sampla suimiúil eile a tharla dom féin.


Labels: , , ,

Dé Máirt, Samhain 24, 2009

Nutley Nothaile

Labels: , , ,

Dé Céadaoin, Deireadh Fómhair 28, 2009

Oíche Shamhna Shona


Léiriú fuinneoige, Tempted, Ráth Éanna, D.Fómhair 2009


Labels: , ,

Déardaoin, Deireadh Fómhair 15, 2009

An t-Athrú Aeráide






Seo thuas scéim nua i mBleá Cliath a chabhróidh le cur i gcoinne athrú aeráide - rothair ar cíos i lár na cathrach.

Seo thíos cúpla nasc a chabhróidh le tuiscint ar iarmhairtí athrú aeráide agus conus cur ina choinne.

Iarmhairtí an Athrú Aeráide

Bealaí chun cuidiú le h-athrú aeráide a sheachaint.

Cuirigí chuige.

Tugaigí faoi.

Glac páirt in Blog Action Day.


Labels: , ,

Dé Sathairn, Meán Fómhair 19, 2009

Suthphráta ?

Labels: , ,

Dé hAoine, Meán Fómhair 04, 2009

Couscous à la Parisienne



Leabhar beag gleoite é seo ó Aodh Ó Domhnaill agus Coiscéim. Seo an chéad leabhar ag Aodh do dhéagóirí óga. Suite i bPáras na Fraince, is cur síos é ar choimhlint chruthaitheach idir Monsieur Doló agus Séimí Francach, iad araon ag scrí leabhar faoina chéile.

Tá Doló ag súil carn airgid a ghnóthú as an leabhar faoi Shéimí, agus ar an mbealach seo, díoltas a bhaint amach as loit na leabhar luachmhar aige a bhíonn á gcogaint ag Séimí. Agus tá Séimí ag iarraidh cor éigin spéisiúil a chur i saol leamh ciúin Doló. Ach tuigeann tú, de réir mar a théann na scéalta seo ar aghaidh, go bhfuil an dá leabhar, móide an dá shaol, ag druidim le chéile.

Agus na carachtéir eile. Buaileann muid le Fransaí, searc Shéimí, ó mhuintir na bhfrancach faoi thalamh; le Pluba, ceannaire na bhfrancach céanna atá sa tóir ar Shéimí mar sholáthar bia dá chomhluadar; leis an bhFear Mór Gorm, SeaicA; le Mickey/Minnie Mouse; agus le hAhmed bin Ahmed, bainisteoir an Chaifé Couscous béal dorais.

Feicimíd go bhfuil níos mó ná francaigh faoi thalamh i gceist. Tá fíor uisce faoi thalamh sa scéal seo maraon le huisce truaillaithe.

Tá an stíl scríobhnóireachta díreach, simplí agus saibhir. Tá na léaráidí mothaitheach tarraingteach. Agus tá ardchaighdeán ar an leabhar féin, mar a bheifeá ag súil leis ó Choiscéim.

Ní fúmsa é deireadh an scéil a nochtadh, ach bheinn ag tnúth le mír eile as saol Doló, Séimí agus Fransaí ón údar amach anseo.





Labels: , , , ,

Dé hAoine, Lúnasa 28, 2009

Gúgal Google





Tá Google anois in ann aistriúchán a dhéanamh go Gaeilge agus ón Ghaeilge amach. Tá mórfháilte le cur roimh an áis seo, ach, innste na fírinne, is leagan Beta fós atá ann. Tig leat an dá bhealach seo, breathnú ar shuíomh baile Google féin, a chur i gcomparáid:

Seo é Google.ie as béarla:



Seo é an t-aistriúchán ón úirlis nua:



Seo é Google nuair a roghnaíonn tú an leagan Gaeilge:



Seachas cúrsaí gramadaí, bíonn deacrachtaí ag baint le cora cainte agus le húsáid agus litriú neamh-chaigdeánach. Tiocfaidh feabhas ar na gnéithe seo le himeacht ama. Idir an dá linn, tugann an t-aistriúchán bunchiall an ábhair duit agus tá seo le moladh.

Míbhuntáiste (beag?) a thagann chugam. An mbeidh brú anois ar lucht ghreasán na Gaeilge cloí go docht le leaganacha caighdeánacha den uile ní.

Ba thrua mhór é dá mbeadh.

Bhí lán ár ndóthain den chineál seo ruda againn le litreoirí Meiriceánacha Microsoft.


Labels: , , , ,

Dé Luain, Aibreán 13, 2009

Susac


Bhí sé ar intinn agam gan filleadh ar an gceist seo arís. Tá sé thar a bheith pléite ar mo shuíomh gréasáin agam.

Ach mheas mé go mbfhiú an ceann seo a chur os bhúr gcomhair. Plonkers.


Labels: , , , ,

Dé hAoine, Márta 13, 2009

Lá le Pádraig 2009



Ullmhúchán i gCearnóg Mhuirfean fá choinne Lá le Pádraig i mbliana. Mar is gnách tá roth mór an tsaoil á thógáil, ach feidhm breise leis i mbliana, b'fhéidir?

Roth na cinniúna don lucht baincéireachta, os comhair an Oireachtais, Oifig an Ard-Aighne agus na Roinne Airgeadais. I ngiorracht scread asail d'Anglo Irish fosta.

Amen.


Labels: , , , , ,

Dé Sathairn, Eanáir 17, 2009

Tóin Poill in Arda na Spéire



Is breá liom go bhfuil feidhm faighte faoi dheireadh don Spíce Spleodrach.

Comhgháirdeas libh, a mhuintir Guinness.

Go maire sibh an dara thráth: 1759-2009-2259.

Cúlra breise.


Labels: , , , , ,

Dé Máirt, Samhain 11, 2008

An Chailleach Dhearg



Chaith mé Poppy istigh sa Chlub (Uimh.6) ar an Satharn.

Tá mé fós beo.

Éire Nua!


Labels: , , , ,

Dé Céadaoin, Deireadh Fómhair 15, 2008

Blagáil i gcoinne an Bhochtanais



An ionann lucht an airgid agus locht an airgid?

Ní haon bhaothcheist í seo.

Sí aidhm an airgid ná a chur ar chumas daoine a gcuid táirgiúlacht a mhéadú agus a roinnt ar mhaithe le caighdeán beatha níos aoirde do chách.

Ach ní mar sin a tharla, áfach.

Ghoid lucht foghlaerachta táirgíocht na ndaoine agus ritheadar leo.

Tá mé ag súil le díoltas de shaghas éigin an tseachtain seo nuair a léireofar scéim tarrthála na mbanc.

Nó, aisíoc, b'fhéidir.

Smaoineamh fánach?

Feicimíd.




Labels: , , , , , ,

Dé hAoine, Meán Fómhair 26, 2008

COMHAR

Athsheoladh Lón Intinne

Athsheoladh COMHAR aréir.

Tá Uaitéar Ó Ciaruáin ina chathaoirleach ar an bhord nua stiúrtha. Thug sé creidiúint d'Fhoras na Gaeilge as an maoiniú méadaithe a chuireadar ar fáil don iris. B'ait an rud é tar éis don Fhoras deireadh a chur leis an deontas don iris an bhliain seo chaite. D'admhaigh sé, áfach, go raibh lochtaí ar an iris, mar abhí sí, ach dúirt, nuair a cuireadh plean gnó nua os a chomhair, go raibh an Foras sásta deontas méadaithe a chur ar fáil. Thug sé ómós do na scríobhnóirí, na heagarthóirí, agus na léithoirí a thacaigh leis an irish thar na blianta.

Agus eagrán Dheireadh Fómhair 2008 den iris aiséirithe á sheoladh aige, mheabhraigh an Dr. Louis de Paor na dúbhshláin abhí fós le sárú ag an iris. Bhí sár-fhoireann agus buan-mhaoiniú anois in áit. Mealladh léitheoirí an céad mhír eile sa scéal. Chuige seo caithfidh COMHAR a chur ina luí ar dhaoine go bhfuil dearca ar leith ag baint leis an iris, nó go bhfuil ábhar ar fáil inti nach bhfuil in aon áit eile. Thraoslaigh sé leis an eagarthóir as an eagrán nua, a chuir tús le ré nua don iris.

Cuireadh fáilte roimh an eagarthóir nua, Aindrias Ó Cathasaigh, a dúirt go raibh sé tábhachtach go mbeadh cnuasach sríobhnóirí urnua óga ag plé le COMHAR agus go raibh fáilte roimh ábhar ón bpobal mór freisin. Bhí cuid maith ábhar faighte aige cheana féin do na heagráin atá le teacht. Thug sé moladh le Mhícheál Ó hUanacháin, abhí mar eagarthóir le roint blianta anuas. Murach é bheadh COMHAR i nguais níos géire ná mar abhí.


Glacadh leis an ócáid seo le h-ómós a chur in iúl do Mhícheál Ó hUanacháin abhí ina eagarthóir le blianta beaga anuas. Choinnigh Micheál an iris ar siúl, le h-ard léibhéal ábhair, ó 2001 i leith, agus tá buíochas mór ag dul dó dá réir.

Ní raibh Micheál pioc sásta leis an mbealach inar cuireadh deireadh obann leis an deontas. Agus níor aontaigh sé gur cóir dul go hiomlán i muinín an mhargaidh maidir le líon na léitheoirí. Dar leis, go n-íoctar deontas d'irisí, nó do thionscnaimh ar bith mar seo, toisc easpa léitheoirí agus mar chúiteamh ar an oibligeáid phoiblí abhíonn mar gheis ar na tograí seo. Ceart aige go bunúsach, ach tá ábhar díospóireachta fós ann maidir le fhorfheidhmiú an phrionsabail galánta seo.

Pé scéal é, bhí oíche bhreá fhónta againn uile, agus tá mé anois ag súil le tuilleadh gaile is gaisce ón iris nua-sheolta seo.

Bíodh a fhios agaibh go bhfuil plé suimiúil san eagrán nua ar chonus is féidir neamhspleáchas irise a ráthú nuair a bhíonn an iris fhéin ag brath ar rialtas na linne.

Agus tá athdhearú suntasach á dhéanamh ar shuíomh ghréasáin na hirise. [Tarlaíonn go bhfuil fadhb ag an suíomh faoi láthair. Súil agam go dtiocfar ar réiteach go luath.]

Go maire sí.

Mar sin, ceannaigh í.

Iarscríobhainn: Tá sé soiléir anois go bhfuil fadhbanna suntasacha ag COMHAR nua cheana féin. Post ag iGaeilge (3/11/2008) anseo agus cur síos fada ar chúrsaí ag Lorraine Nic Eachmharcaigh (30/01/2009) anseo.


Labels: , , ,

Déardaoin, Meán Fómhair 11, 2008

Milleán na Méise



Cé ar a raibh an milleán as toradh an reifrinn ar Chonradh Liospóin. B'shin ceist agam i mo phost díreach i ndiaidh fógairt na dtorthaí.

Tá sé anois soiléir, de réir an suirbhé is déanaí, gurb é an rialtas, agus maithe agus móruaisle an fheachtais i bhfábhar an conartha, atá freagrach as an dtoradh.

Go maithe Dia dóibh é.

Is futhu siúd anois é réiteach na ceiste.


Labels: , , , , , ,

Dé Luain, Meán Fómhair 01, 2008

Staid Stádais


D'imigh mé thar oifigí an Choimisiúin Eorpaigh cúpla lá ó shoin. Bhuail an smaoineamh mé narbh ró-oiriúnach í an rogha chló acu don bhfógra thuas.

Níl aon idirdhealú idir an ponc agus an fada os cionn an litir "i" sa chló seo. Níl sé in oiriúint ach do theangacha nach mbíonn "í" (fada) iontu. Measann tú go bhfuil fada ar gach "i" sa chló seo.

Ní go dtí gur thosnaigh mé ar an bpost seo a chur le chéile a thug mé faoi ndeara go raibh litriú an fhocail "ionadaíocht" mícheart fiú. B'fhéidir gur "aoidheach" abhí in aigne an té a scrí.

Stádas ina stad cheana féin?

Fáilte go Liospóin!


Labels: , , , , , ,

Dé Domhnaigh, Lúnasa 24, 2008

Lá Breá


Nuair a chonac seo ar dtús, i Sráid na Mainistreach, i mBaile Átha Cliath, cheap mé go raibh Arnotts imithe le Gaeilge.

Ach is fada ón bhfada abhíodar sa chás seo.

Léiriú eile ar thábhacht an fhada sa Ghaeilge.

Bíodh buenos días agaibh uilig.


Labels: , ,

Dé Céadaoin, Iúil 30, 2008

Ná caith tobac


Tá oibilisc bheag ar bharr chnoc Chill Iníon Léinín maraon leis an bpríomh oibilisc agus an leac mhéine.

Tógadh an phríomhoibilisc in 1742 le fostaíocht a sholáthar do na boicht i rith na drochbhliana sin. Rinneadh í a athnuachaint in 1840, b'fhéidir ar an fath céanna. Tógadh an leac méine in 1852.

Ní fios cathain nó cén fath ar tógadh an oibilisc bheag, nó ar baineadh aon úsáid ar leith aisti. Is ceann de bhailiúchán WL Lawrence an grianghraf thuas. Measaim gur roimh 1882 a tógadh é.

Tá dhá fhógra ar an oibilisc bheag sa ghrianghraf. Iarann an ceann amháin ar chuairteoirí aire a thabhairt don láthair atá ann chun go mbainfaidís féin sólás as. Cuireann an ceann eile dianthoirmeasc ar chaitheamh tobac.

Tá sé soiléir uaidh seo go raibh eagla ar an Uasal Warren, arbh leis an cnoc ag an am sin, go raibh baol ann go gcuirfí tré thine é le caitheamh míchúramach toitíní.

Ghlac Comhairle Ceantair Baile Chill Iníon Léinín agus an Bhaile Bhric seilbh ar an gcnoc sa bhliain 1891 agus fiche bliain ina dhiaidh sin chruthaíodar go raibh an ceart aige.

Thug an Rí Seoirse V cuairt ar Éireann i mí Iúil 1911. D'eagraigh an Chomhairle Ceantair Baile taispeántas tinte ealaíne ar bharr chnoc Chill Iníon Léinín in onóir na cuairte. Bhí go maith agus ní raibh go holc go dtí thart ar mhéanóiche. Bhí an taispeántas lán críochnaithe nuair a phléasc roint tinte ealaíne a thit chun talaimh i measc an fhásra níos luaithe san oíche agus d'imigh barr an chnoic go hiomlán tré thine.

Ba mhó go mór an taispeántas seo thar mar abhí beartaithe.



Thug me cuairt ar an áit le déanaí agus cé go bhfuil an rabhadh imithe, tá radharc deas fós ar an gcuan.

Agus muid ag caint faoi dhó, áfach, nach trua go bhfuil an plainéad féin á dhó againn agus sinn ag caitheamh breosla neamh-inathnuaite ar nós na gaoithe.   ;-)


Labels: , , , , , , , , , , ,

Dé Céadaoin, Iúil 23, 2008

Spíce Spleodrach


Is trua gur tógadh sa chéad áit é, ach más ann dó, tá sé chomh maith é a bheith glan agus na soilsí a bheith ag obair air. Nach Spíce Solais a tugtar air? Agus é ina scathán ar chuid de shaol na cathrach.

Pé scéal é, thar an deireadh seachtaine, agus mé ag trasnú Sráid Uí Chonaill, thug mé faoi ndeara go rabhthas ag glanadh/deisiú an Spíce.



Ní fhaca mé seo cheana agus mar sin ghlac mé roint griangrafanna.





Dúradh liom gan Sarkozy nó Vlad the Impaler a luadh agus ní dhéanfad.

Tá rud amháin cinnte. Ní hionann seo agus Túr Martello. Pianmhar!


Labels: , ,

Dé hAoine, Iúil 18, 2008

La Poupée qui Fait Non!


C'est une poupée qui fait non, non, non, non
Toute la journée elle fait non, non, non, non
Personne ne lui a jamais appris
Qu'on pouvait dire oui

Focail an chéad diosca ag Michel Polnareff i 1966.

Chan an Polnareff céanna ag ceolchoirm ollmhór ar an Champ de Mars, i bPáras na Fraince, ar an 14ú Iúil 2007, in onóir Uachtaráin nua na Fraince, Nicolas Sarkozy.

Tá an t-Uachtarán céanna, atá faoi láthair ina Chathaoirleach ar Chomhairle an AE, ag teacht go hÉirinn chun béasa na Fraince, agus an AE, b'fhéidir, a chur ar mhuintir na hÉireann.

Roimh an reifreann, bhagair Aire Gnóthaí Eachtreacha na Fraince díoltas ar mhuintir na hÉireann dá gcaithfeadh siad vóta diúltach. Anois tá Uachtarán na Fraince ag "ordú" dúinn an reifreann a rith athuair agus vóta deimhneach a chaitheamh, nó ... !

Ach fan neomat. Bhíothas ag súil le ruathar na Fraince cheana féin, thart ar 1804 nó mar sin, agus rinneadh mórullmhúcháin fána choinne. Tógadh Túir Martello thart ar chósta na hÉireann, agus go háirithe i gCuan Átha Cliath, agus laistigh de sin i mBá Chill Iníon Léinín.


Bhuel. Tá athchóiriú curtha ar cheann de na Túir seo le déanaí. N'fheadar an rabhthas ag súil le hionradh nua seo na Fraince. Pé scéal é, is obair éachtach í a cuireadh i gcrích thar cúpla bliain. Níall Ua Donnchadha is cúis leis. Ba leis siúd an smaoineamh agus is eisean a mhaoinigh an tionscnamh agus a chuir i gcrích é.


Seoladh é ar an 12ú Iúil 2008 ag searmanas ildaite glórach i gCill Iníon Léinín ar a bhfuil cuntas níos iomláine le fáil anseo. Bainigí taithneamh as na pictiúir, agus ná bac leis an gcladhaire thíos.


Críochnóidh mé le focail Michel Polnareff ag deireadh na hócáide thuas:

Alors, monsieur le Président je vous dis merde et on ira tous au paradis.

Díreach é a Mhichíl!






Labels: , , , , , , , ,

Dé Céadaoin, Iúil 09, 2008

Decco - aguisín



Mar a dúras sa chéad phost ar an ábhar seo, léas le déanaí go raibh an phluais druidte agus mheas mé gur bhain sé seo leis an bpríomhbhealach isteach agus go raibh an pasáiste cúng fós oscailte. Tá an dá bhealach isteach le feiceál sa phictiúr thuas, an pasáiste ar clé agus an príomhbhealach druidte ar dheis.

Ní raibh ach bealach amháin fios a chur ar an scéal. Isteach liom trín phasáiste. Nuair a bhíos ann leathchéad bliain ó shoin ní raibh mé in ann dul thar an bpointe thíos gan titim isteach i bpoll ollmhor. Níorbh ionam ach páiste ag an am.


Ach bhí an scéal réitithe ó shoin ag an lucht taiscéalaithe pluaise. Bhí coinnle, rópaí agus droichead beag fiú. Ní raibh a leithéid ann leathchéad bliain ó shoin.




Cinnte, bhí áiteanna, mar an ceann thíos, abhí in ainm is a bheith dúnta don phobal, ach ní bheadh mórán iarrachta ag teastáil leis an constaic seo a shárú.


Pé scéal é bhí fios fátha an scéil anois agam agus bhí sé in am teacht amach arís trín bpasáiste cúng.


Solas an lae. Slán amach.






Chomh fada is a bhaineann sé le Cill Iníon Léinín féin, tá macalla an mhianaigh fós in ainm sráide "Glenalua" atá coitianta go maith thart ar an sráidbhaile.




Labels: , , , , , , , , , ,

Déardaoin, Iúil 03, 2008

Schmap!




Fuair mé ríomhphost an taithneamhach tamall ó shoin. Bhí comhlucht treoirleabhar turasóireachta ar líne tar éis griangraf liom a fheicéail ar Flickr agus ba mhaith leo é a úsáid i dtreoirleabhar nua ar Éirinn. An mbeinn toilteanach?

D'imigh mé ag breathnú ar an suíomh gréasáin acu agus bhí sé thar cinn. Bhí treoirleabhair acu do an-chuid mórchaithreacha; bhí cuma snasta ar an cur i láthair; agus d'féadfá do threoirleabhar féin a chumadh ach úsáid a bhaint as an gclár bogearra acu.

Bhí mionsamhail na ngriangrafanna sa leabhar a sheol an léitheoir chuig na griangrafanna móra ar shuíomhanna na ngriangrafadóirí féin ar Flickr.

Bhí mé ag tnúth go mór leis an treoirleabhar nua agus mo ghriangraf féin ann.

Tháinig an lá agus fuair mé ríomhphost eile le URL ann a dhírigh mé chuig mo ghriangraf féin. Bhí mé an mhórtasach as. Mionsamhail agus cúntas beag faoi Thithe an Rialtais i Sráid Mhuirfean Uachtarach.

Ansin bhreathnaigh mé ar na griangrafanna eile den bhfoirgneamh céanna agus thug mé faoi ndeara gur griangraf de na ceithre cúirteanna abhí i gceann acu agus den chaisleán i gceann eile.





Bhí roinnt eile abhí ait chomh maith. Ina measc: griangraf de Mhainistir Naomh Mhuire i mBeann Éadair faoi theideal na Mainistreach i lár na Cathrach.

Freisin, caithfidh mé a rá gur roghnaíodar roinnt fíor dhroch-ghriangrafanna in áiteanna.

Scríobh mé chucu faoi na botúin cúpla uair ach, cé go bhfuair mé freagra, ní raibh aon leigheas ar an scéal ó shoin.

Tá an cuma air, mar sin, go bhfuil droch eagarthóireacht (nó b'fhéidir easpa eagarthóireachta) i gceist, maraon le droch bhainistíocht. Bheinn beagáinín amhrasach faoin gclár ríomhaireachta acu leis. Ní go ró mhaith a réitíonn sé, amannta, leis na cláir eile a bhíonn ar siúl agam de ghnáth.

Chuir sé ionadh orm go raibh léirmheasanna an-mhaith faighte acu óna leithéidi Time Magazine, Washington Post agus International Herald Tribune. B'fhéidir, mar sin, gur ar an leathanach Éireannach amháin atá na lochtanna. Feicimíd.

An t-Eolas is Deireanaí
Tá Tithe an Rialtais socraithe faoi dheireadh (06/08/08) ach maireann na fadhbanna eile.



Labels: , , , ,

Dé Luain, Meitheamh 30, 2008

Pluais Dhecco


Thugas cuaird ar Chill Iníon Léinín thar an deireadh seachtaine le Pluais Dhecco a iniúchadh fá choinne léacht staire sa bhFómhar. Deirtear go bhfuair an phluais an t-ainm seo ó Iodálach a bhi ina chónaí ann tráth.

Bealach isteach chuig mianach luaidhe abhí ann thart ar 1751. Chuirtí an luaidhe ar bord bháirse ar an láthair len í a easportáil go Sasana. Ní ró fhada a mhair an mianach ag obair áfach.


Mheas mé fhéin nach mbeadh an phluais ann a thuilleadh. Bhínn féin ag súgradh ann agus mé óg agus bhí seomra ollmhór ann, ar cúl phasáiste cúng íseal, a bhí thar a bheith dáinséarach.

Ach bhí an phluais fós ann agus í lán oscailte.


Seo thíos an pásáiste cúng íseal agus é fós ar oscailt.


Léas le déanaí go raibh an phluais druidte ach tá mé ag ceapadh gurbh tagairt é seo don phríomh bhealach isteach agus bhí sé seo druidte cheana féin agus mé ag súgradh ann ins na naoi déag caogaidí. Tá an dá bhealach isteach le feiceál sa phictiúr thíos, an pasáiste ar clé agus an príomhbhealach druidte ar dheis.



Dála an scéil, léas gurbh ionad dídine í an phluais seo do Molloy abhí ina charachtar i scéalta Samuel Beckett.





Ach níorbh é seo an príomh ionad luaidhe sa cheantar. Bhíodh mianach agus bruithneoir i mBaile Mhic Fheorais (Ballycorus) i lár an naoú céad déag. Seans go n-aithneodh duine an simléar (thuas) a bhain leis an bhruithneoir seo ar shliabh Katty Gollagher, 900 troigh os cionn na farraige.

Tá mion cur síos ar an mhianach agus ar an bhruithneoir seo ag Sir Robert Kane ina leabhar The Industrial Resources of Ireland (1845).


Bhínn féin ag súgradh anseo leis agus seo (thuas) griangraf a thógas ó bharr an staighre agus mé ag breathnú anuas ar chara liom ar an dtalamh thíos.

Féach an aguisín chun an scéal a chríochnú.


Labels: , , , , , , , , , ,

Cairde na Cruite


Bhí mé i gcathair Brugge (Bruges) na Beilge an tseachtain seo chaite. Agus mé ag dul thar an conservatoire chonaic mé an lead seo a chuir Brian Bóramha i gcuimhne dom.

Chuala mé cheana faoi Cruit Bhriain Bóramha agus bhí fhios agam gurbh siombal náisiúnta againn í. Bhí a fhios agam leis nach raibh aon bhaint ag an mBrianach céanna leis an gcruit a ghlach a ainm. Is ón gceathrú céad déag, nó mar sin, a dtáinig an cruit fhéin anuas chugainn. Mar sin féin ba thréan an rud í an tsamhlaíocht agus an íomhá chuí os mo chomhair.


Tá cóipcheart na cruite sin anois ag an Stát agus bíonn sí ar ár gcuid airgid agus ar bhratacha áirithe náisiúnta mar mheirge an Uachtaráin.


Eisceacht thábhachtach isea an cruit ag Uncle Arthur. Ghlac Guinness le seo mar logo in 1862 roimh bhunú an Stáit agus tá a haghaidh ar malart treo le cruit an Stáit.




Bhí mé in Powerscourt le déanaí agus chonaic mé an leagan nua-aimsearach seo. An chliste. Tá uisce ann in áit na gnáth sreanganna agus frithchaitheann sé seo an solas ar dhóigh an taithneamhach.

Is breá an cúpla iad an samhlaíocht agus an teicneolaíocht in éineacht lena chéile.



Labels: , , , , ,

Teach an Asail Asbalda

Scríobh mé faoi chúrsaí leithris in áit eile agus faoi chomharthaí a bheith as alt, mí-chuí agus neamh-ghramadúil.

Ach thaithn na comharthaí seo liom ar an leithreas san ionad páirceála i gCill Iníon Léinín in aice leis an sean eaglais (6ú céad).







Comhgháirdeas ó chroí le Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin a léirigh féith an ghrinn agus tuiscint ar an oidhreacht san aon áit chuí amháin!



Labels: , , , , , ,

Dé Céadaoin, Meitheamh 25, 2008

Nos y Gwawrio?


Môn agus Leithinis Llyn
(ó EI 639)

Agus mé ag filleadh ó Brugge (Bruges) na Beilge, Dé Luain seo chaite, tháinig mé ar cheartlár na Breatnaise ag dul faoi na gréine.

Tá tábhacht ar leith ag baint le cúrsaí teanga i gcathair Bhrugge. Nuair a bhíos i mo chónaí ansan i 1967-1968 bhí an chathair mar iarsma Francach in aigéan na Pléimeannaise.

Is seoid chultúrtha Phléimeannaise agus turasóireachta anois í agus lánmhuinín aici aisti féin i bhFlóndras an lae inniu.

Chuir an radharc os mo chomhair ag smaoineamh ar thodhchaí na Breatnaise mé.

Dul faoi na gréine, mar abhí le feiceáil thíos fúm, nó fáinne geal an lae, agus mé imithe thairsti?


Labels: , , , , , ,

Déardaoin, Meitheamh 19, 2008

Buíochas


Buíochas le Nóra a rinne athdhearadh ar an bhlag seo tamaillín ó shoin.




Labels: , ,

An Fód a Sheasamh



Neiptiún, faoi bhrat an Aontais agus ar dhíon an Roinn Reifrinn (Teach an Chustaim), ag seasamh an fód ar son chearta na hÉireann.


Labels: , , ,

Dé hAoine, Meitheamh 13, 2008

Lispin Liospóin




Labhair Muintir na hÉireann. "NÍL" adúradar.

Ach, cad é nach bhfuil? Sin í an cheist, agus dá mbeadh an cheist curtha níos soiléire, chuile sheans gur "TÁ" an fhreagra a bheadh againn inniu.

Cé ar a bhfuil milleán na méise?

Mo léan gur líonmhaire iad seo ná na réalta ar bhratach na hEorpa féin.

Is leor cúpla sampla:

Rinne an Rialtas, agus a lucht tacaíochta sa chás seo, éacht san idirbheartaíocht Eorpach. Céard a rinne siad leis an bua mór seo? Cheileadar é. Chuireadar i dtaisce é. Agus nuair a bhí ortha é a nochtadh i ndeire na dála mar chosaint in aghaidh bréaga na bhfrithchonrathóirí bhí cuma giobalach gránna air. Bhi sé smálaithe ag fíricí na mbinsí fiosrúcháin, ag na bréaga abhí á hinsint ag polaiteoirí áirithe, agus ag aineolas lucht tacaíochta an chonartha faoina raibh ann.

Le fada an lá cuireadh an AE os comhair mhuintir na hÉireann mar tálaí airgid gan aon tagairt ná míniú ar chuspóirí an Aontais nó ar a raibh bainte amach aige sa chomhthéacs Eorpach agus domhanda go nuige seo. Ní haon ionadh mar sin nuair nach raibh breis airgid i gceist gur dhiúltaigh muintir na hÉireann don togra.

D'innis an lucht frithchonarthach glan bréaga, faoi chúrsaí mar cáin, ginmhilleadh, míleatachas agus neodracht. Scaoileadh leo agus d'éirigh leo toisc nach bhfuil a thuilleadh iontaoibhe ag muintir na hÉireann as a gcuid polaiteorí ná as an gcliarlathas. Agus an cliarlathas á luadh agam, ba chúis náire í acu siúd ligean don iris ainspianta úd "Alive" a theacht amach as mhainistir na nDoiminiceach.

Bertie Ahern, Dick Roche, Manuel Barroso, Valerie Giscard d'Estaing agus a thuilleadh mar iad as a ndearg díomas i leith mhuintir na hÉireann agus muintir na hEorpa uile. Bhí sé de dhualgas, dar leis an dream seo, ar an daoscarshlua vótáil ar son ruda nár thuigeadar agus ba hábhar tréasa agus gealtachta é cur in aghaidh an chonartha seo, dar leo. Bhí mé féin ag beartú vótáil ina choinne de bharr an chineál seo cacamais ach vótáil mé ar a shon ar deireadh mar mheas mé go raibh seo ar leas na hÉireann agus na hEorpa. Coinneoidh mé mo chic sa tóin don dream seo go hócáid cuí eile.

N'fheadar cad a thiocfaidh as an NÍL seo. Ní chuirfidh sé le héifeacht na hÉireann san Eoraip ná le héifeacht na hEorpa féin. Tá mórán measa agus tionchair cailte againn san AE agus is sinne a bhéas thíos leis.

Tá rud amháin cinnte, tá Stádas anois ina lán Stad, agus n'fheadar cé mhéad Gaeilgeoir a smaoinigh ar seo agus iad ag caitheamh vóta.


Labels: , , , , , , , ,

Déardaoin, Meitheamh 12, 2008

Ar Faosamh na Faoistine


Bím ag coinneáil súil ar Clerical Whispers ó am go ham. Blag é seo ag sagart Éireannach Caitiliceach a nochtann an nuacht is déanaí "ón dtaobh istigh".

Baineann ceann de na postanna is déanaí aige le cúpla a bhí i mbun comhriachtana sa bhosca faoistine i séipéal san Íodáil, agus seo le linn don Aifreann a bheith ar siúl leasmuigh.

Is cosúil gur óladar iomarca an oíche roimh ré agus go rabhadar fós faoi anál an bhiotálaigh an mhaidin dár gcionn. Tá leithscéal gafa anois acu agus chuile shórt ina cheart, de réir dealraimh.

Cur i láthair nua ar fad é seo ar fhaoiseamh na faoistine. Tá súil agam go raibh coisgíní in úsáid acu (bhuel, ba leor ceann amháin, is dócha).

Ní haon ghiniúint gan smál a fhéadfadh a theacht as a leithéid ina n-éagmais siúd.


Labels: , , , , ,

Dé Luain, Meitheamh 02, 2008

Frig ...

Múineadh domsa ar scoil gur labhair an Pápa go do-earráideach nuair a d'fhógair sé faoi chursaí creidimh agus moráltachta, agus nuair a dhearbhaigh sé an fógra a theacht "ex Cathedra".

Ní minic a tharla seo, agus má tharla, is faoi chúrsaí neamh-ábhardha breac-spioradálta a tharla, mar shampla faoi Ghiniúint gan Smál na Maighdine Muire nó faoina Deastógáil ar Neamh.

Mheas mé i gcónaí go raibh sé seo ciallmhar. Ní fhéadfaí iad seo a bhréagnú riamh agus chuir sé blas do-earráideach ar mórán fógra eile agus choinnigh sé deis séantachta i gcónaí dá mba gá a mhalairt a theagasc sa todhchaí.

Mheas mé i gcónaí gur mar seo a bhí i gcás "Humanae Vitae". Ní raibh sé "ex Cathedra" ach bhí blas do-earráide air.

Faighim amach anois go bhfuil dream tábhachtach diagairí ann a mheasann gur "ex Cathedra" a tháínig "Humanae Vitae".

De réir na haragóna seo, bíonn an Pápa ag labhairt "ex Cathedra" nuair a bhíonn críoch aragóna á fhógairt aige i leith cúrsaí creidimh agus moráltachta, fiú nuair nach luaitear an Cathedra.

Ní gá ach oiread gur faoi "Fhoilsiú Dé" ábhar an fhógra. Fad is a bhaineann sé leis an réimse sin fo-fhíricí gur gá iad a chreidiúint chun corpas bhunfhíricí na hEaglaise a chaomhnú, is leor san.

Tá mion chur i láthair na haragóna sin le fáil anseo.

Táim ag tagairt don ábhar seo anois toisc go bhfuil dachad bliain ann ó foilsíodh "Humanae Vitae". Ba cháipéis thábhachtach í do mhórán dem chomhaoisigh, ar chúis nó ar chúis eile, agus ba thrua an ócáid a ligean thart gan tagairt de shaghas éigin a dhéanamh di.

Fáilte roimh tuairimí.

Idir an dá linn, féach anseo.


Labels: , , , , ,

Dé hAoine, Bealtaine 30, 2008

Deas, níos Deise


Tá fhios agam go bhfuil mórán de mhuintir na cathrach gafa leis an Taobh ó Dheas, taobh na galántachta, i gcomparáid leis an Taobh ó Thuaidh, an leataoibh.

Ach bheinn ag súil le níos mó tuisceana ó Bhórd Forbartha Chathair Bhaile Átha Cliath (thuas).

Ní hí seo an chéad uair dom a leithéid a fheiscint.

Seo comhartha abhí ar Thimpeallán Bhóthair Sheáin Uí Mhórdha go dtí le déanaí.



Southside - Land of Opportunity.
Ab ea?

Labels: , , ,

Dé Máirt, Bealtaine 13, 2008

CNAG ina chodladh

Nuair a smaoinigh mé ar an dteideal cnagaire don bhlag seo, ní raibh mé ag súil go mbeadh sé ar fáil. Mheas mé go mbeadh sé gafa le fada ag an gConradh. Nach cineál logo é an CnaG féin acu.

Divil a bit.

Ansin d'imigh mé ag cuardach an suíomh gréasáin acu, agus céard a fuaireas? Seo.

Go bhfóire Dia ar ghluaiseacht na gaeilge mar níl ann ach É.


Labels: , , ,

Dé Luain, Bealtaine 12, 2008

Striapachas Cánach


Creat an Tíogair Cheiltigh ag éag
sa Cheobhrán Cheilteach

Bíonn sé suimiúl amannta na cúiseanna a chuirtear i leith rath an Tíogair Cheiltigh. Ceann acu isea an ráta íseal cánach in Éirinn. Maith go leor. Ach tá dhá ghné de seo gur fiú iad a luadh.

Sa chéad áit is tír bheag í Éire. Má éiríonn léí fiú céatadán an bheag de bhonn cánach an AE a tharraingt chuici féin, trí chomhlachtaí breise a mhealladh isteach sa tír, is ionann seo agus méadú mór sa teacht isteach cánach. Bíonn sé ar a cumas ansan íoc as ard leibhéal seirbhísí poiblí. Ar an mbealach seo tig linn ráta íseal cánach a bheith againn agus soláthar réasúnta ard seirbhísí poiblí ag an am gceanna.

Dá ndéanfadh ceann de na tíortha móra amhlaidh bheadh orthu a gcuid seirbhísí poiblí a laghdú cuid maith toisc go mbeadh titim suntasach san teacht isteach ón gcáin chéanna ainneoin comhluchtaí breise a mhealladh isteach. Is ceist scála í seo.

Ar an mbealach seo táimíd ag goid ónár gcomharsain. Ach caithfidh siad cur suas leis toisc go n-aithníonn siad siúd ár fhlaitheas náisiúnta. Ar bhealach, táimíd ag díol an fhlaithis seo leis na mórchomhlachtaí agus sin é an fáth go n-úsáidim an focal striapachas.

Sa dara háit tá brí eile le ceilteach, áfach, agus baineann seo le rudaí a cheilt nó iad a choinneáil faoi rún. Áis eile é seo a chuirimíd ar fáil do na comhlachtaí céanna.


Íospartaigh an Ghorta Mhóir
os comhair an IFSC


Tá tuarascáil foilsithe le déanaí ag Christian Aid ag iarraidh ar rialtas na hÉireann (agus ar rialtas na Breataine, chomh fada is a bhaineann sé le ceantar airgeadais Londain) éirí as na cleasanna seo mar go bhfuil siad ag cur bac ar fhorbairt gheilleagrach na dtíortha bochta.

Pé dóchas abhí ann go ndéanfaí a leithéid agus an geilleagar ag fás ar nós an diabhail, is beag seans atá ann anois agus an geilleagar céanna ag titim as a chéile (nó ag maolú luas a fháis, mar a deirfeadh an leagan oifigiúil).

A Dhia déan trócaire orainn.


Labels: , , , , ,

Dé Domhnaigh, Bealtaine 11, 2008

Nuala



Is cuimhin liom go maith Nuala Ó Faoláin. Bhí sí bainteach le gluaiseacht saoirse na mban i gcomhluadar a leithéidí Marian Finucane agus Nell McCafferty. Ach ba údar í leis agus leabhair suimiúla scríte aici le roinnt bliana anuas.

Is cuimhin liom go maith eagrán den Late Late Show ins na hOchtóidí nuair a bhí droch-staid na tíre agus cúrsaí eacnamaíochta agus an fiachas náisiúnta ach go hárithe á bplé.

Bhí barúil ana shimplí ag Nuala:
  • ní raibh sí féin i bhfiaca
  • níor thug sí cead d'éinne an tír a chur i bhfiaca
  • má's rud é go raibheamar i bhfiaca, nach bhféadfaimís iad seo a aisíoc diaidh ar ndiaidh do na Gnomes in Zurich
Dearcadh saonta ciallmhar déarfá.

Ach ní mar sin abhí. Bhí cúrsaí i bhfad níos casta ná sin agus b'fhiú cúpla PhD na freagraí ar a cuid ceisteanna. Mar shampla, ní raibh aon cheist aisíoctha ann ag an am. Bhí an fiachas ag dul i méid ní hamháin i dtéarmaí airgid ach mar chéatadán den olltáirgeacht náisiúnta.

Ag an am gcéanna, ba dhearca réasúnta é dearca Nuala agus b'fhiú go mór é a chur i láthair an phobail ag an am. Ba mhó an gar é seo don Stát thar mar a bhí ar siúl ag Cathal Cam ag an am.

Bhí sí cróga agus an bás ag bagairt uirthi. Bás poiblí abhí aici. B'shin a roghnaigh sí mar gurbh é an pobal a clann agus a muintir i ndeire na dála. Bhí tógáil anróiteach aici féin: ba phótairí iad a beirt tuismitheoir agus fuair beirt deirtheár léí bás den ólachán. Ní haon ionadh gur ghlac sí an pobal chuici féin mar mhuintir uchtaithe.

Dia go deo léí.


Labels: , , , , ,

Dé Luain, Bealtaine 05, 2008

Fear na Sheanaráice


Is cuimhin liom go maith eagrán de "Scrap Saturday" in 1991 nuair a tháinig Bertie isteach sa phost mar Aire Airgeadais. Bhí a cháil cothaithe aige le fada roimhe sin mar "Fhear na Sheanaráice", "de man o' de people", "de Northside ..." pé rud é féin.

Ag an am gcéanna, bhí íomhá "Sir Humphrey" ar an scáileán sa tsraith "Yes Minister". Sliapaire de Stát Seirbhíseach agus blas na galántachta ag sileadh uaidh.

Bhí an mheas agam ar "Scrap Saturday", agus an cruthú is mó ar chomh héifeachtach agus chomh maith is abhí se ná gur chuir RTÉ deireadh leis.

Ach sa chás seo ba teip náireach í an ceap magaidh a rinneadar de Sheán Cromien, abhí ina Rúnaí ar an Roinn Airgeadais ag an am.

Is ar Bertie abhí an t-Anorak agus ar Sheán an éide galánta, dár leo. B'fhearr le Bertie ceapaire i Fagan's thar lón na n-Uasal san Unicorn. Bhí dul amú mór ar Sheán dá gceapadh sé go go mbeadh lámh in uachtar ag an ghalántacht ar ghaois Dhroim Conrach.

Very funny!

Ach ba mhalairt na fírinne é an cur i láthair seo. B'ionann stíl Sheáin agus manaigh na meánaoise: simplí, saor, saonnta; follasach, fiúntach; ciallmhar, coigilteach. Agus Bertie? Agus an t-Anorak agus an PR fágtha ar lár, is mó go mór an stíl agus an éirí inairde abhí ar Bhertie seachas mar abhí ar Sheán.

Is fear umhal daonlaitheach é Seán agus ní bheidh sé pioc sásta leis an méid atá ráite agam. Bíodh sé sin mar atá, is fiú ráite é.

Dúirt Catherine Crowe le Tom McGurk le déanaí gur fiú go mór "revisionism" toisc gur stair í atá bunaithe ar an fhianaise seachas ar bhaothbhrionglóidí na haoise.

Tá sé in am, má's ea, an babhta Sheáin/Bhertie a thabhairt chun chríche.

A Gerry, a chara, tá sé thar am leithscéal a ghabháil agus an píosa staire grinn seo a hathscríobh faoi dheireadh.



Labels: , , , , ,

An Gorta Mór ar bhruach na Life

Ní dóigh liom gur gá mórán focal,
cé acu as Gaeilge nó as Béarla,
in éineacht leis na híomhánna cumhachtacha seo.





















I gcuimhne ar íospartaigh an ghorta mhóir
agus a sliocht a rinne an oiread sin
le Ceanada a thógáil.


Jean Chrétien, Príomh Aire Cheanada, 15.6.99




Tá tuilleadh dealbhóireacht sráide anseo agus anseo.



Labels: , , , ,

Dé Domhnaigh, Bealtaine 04, 2008

Tadhg a' dá Thaobh

Tá mé go tréan ar thóir stair mo mhuintire le cúpla bliain anuas. Níl aon teora leis an méid stuife rí-shuimiúil a bhfuil mé ag teacht air. Ach i rith an ama seo bhí mé ag éirí imníoch faoi ghné amháin de shaol mo mhuintire.

D'imigh cuid díobh isteach in arm na Breataine, ar chúis nó ar chúis eile.

Thuigfinn do Thomas Mortimer. Níorbh Éireannach é. Agus fuair sé bás amuigh san Ind ag iarrai comrádaí a shábhailt óna bheith báite.

Bhí John P Dwyer, uncail liom as Béal Átha hAmhnais, ag obair sa Stát Seirbhís i Londain nuair a thosnaigh an céad cogadh domhanda (nó damanta, más mian leat). Cuile sheans gur choinscríobhadh é. Pé scéal é, fuair sé bás in aisce nuair a rinne an t-arm cac mada d'ionsaí ar High Wood ar an Somme i 1916.


Ba thruamhéalach é cás John Burgess. Inscríobhadh san arm é i dteach tábhairne i mBleá Cliath in 1915 agus d'fhág sé bean chéile, abhí ag iompar clainne, agus beirt páiste sa chathair. D'fhág sé gnó a athar (gréasaí) gan oidhre leis. Goineadh sa chogadh é agus nuair a d'fhill sé ar Bhleá Cliath bhí sé dífhostaithe ar feadh tamaill go bhfuair sé obair shealadach mar ghréasaí, agus ina dhiaidh sin mar chléireach sa Chomhlacht Gháis agus sa Chomhairle Cathrach.

Agus bhí mo shean athair, Patrick Mortimer, ag obair d'arm na Breataine sa bhialann i mBearaic Richmond nuair a fuarthas báite é ag Cé Eden i 1918.

Agus an RIC.

Bhí mo shin shean athair, Luke Reilly, san RIC agus mo shean athair, Michael Dwyer, fosta. In 1922, cé go raibh Michael ar scor le deich mblian anuas, níor luadh a ainm i bhfógra bháis a mhic, Paddy Dwyer, mar go raibh fiú iarbhaill den RIC á lámhach ag an am i mBéal Átha hAmhnais, áit a raibh cónaí air, agus i mBéal Átha na Slua, áit a bhfuair a mhac bás. Bhi beirt eile, gurbh muintir liom iad trín bpósadh, san RIC leis.

B'shin triúr in arm na Breataine agus ceathrar san RIC.

Agus préamh poblachtánach ar bith le feiceáil. Mhothaigh mé go rabhthas um shá isteach i gcúinne chuimhthíoch.


Is ag an bpoinnte seo, a bhuíochas le Dia na Glóire, gur tháinig mé ar na Medlars.

Phós PJ deirfiúr mo shean mháthair. B'as Co. Chille Choinnigh dóibh (Paulstown). Má bhi clann ann ariamh a chloígh go docht daingean leis an bPoblachtánachas, b'iad seo iad.

Larry, a daoradh chun báis toisc ruathar a dhein sé ar bhearaic an RIC in Gowran i 1921. Scaoileadh amach é nuair a síníodh an Conradh, ach chaith sé an cuid eile dá shaol i ngéibhinn ag rialtas Chumann na nGaedhael.

Agus Peggy, a dheirfiúr, a gabhadh ag arm an tSaorStáit i 1923 i mBleá Cliath. Kate abhí fíorghníomhach i gCumann na mBan i gCill Choinnigh, agus Máirtín a gabhadh ag arm an tSaorStáit i 1923, a d'imigh ar stailc ocrais, abhí ina rúnaí ar Chumann Fhianna Fáil in Paulstown agus ina Theachta Dála ina dhiaidh san.

Agus Mick Dwyer, uncail liom, abhí mar theachtaire ag Mick Collins i Londain.

Cothromaíocht na Féinne faoi dheireadh.



Labels: , , , , , , , , , ,

CUI BONO

Nascanna le saol siamsa na cathrach

Rankin ab ainm dom shin shean mháthair. Bhí cónaí ar mac léí, John Burgess, in uimhir 10 Sráid Cowper i lár thuaisceart na cathrach.

Rankin ab ainm sloinne d'Iris, máthair Bono agus bhí cónaí uirthi in uimhir 8 Sráid Cowper.

Dúirt colceathar amháin liom gur cailín gleoite abhí in Iris agus an tóir ag na buachaillí ar fad uirthi. Ach bhí sí déconseillée do na lads caitiliceacha toisc í bheith ina Protastúnach.

Níorbh constaic ar bith é seo do Bob Hewson, athair Bono, Dia go deo leis.

Fuair mé r-phost le déanaí ó Gary Rankin, Albanach a bhfuil cónaí air i Shasana faoi láthair, ag fíofraí díom an raibh mé gaolta le Bono. Rinne mé an scéal a iniúchadh agus ní dóigh liom go bhfuilim.

Ach, chanas i gCór (Fireann Breathnach) tráth le hathair an Edge as U2. The Llanelli Nightingale a tugtaí air agus an guth chomh binn aige gur eitil sé go himeall na spéire.

Bhí uncail liom abhí tráth i mbun an bheáir san Olympia. Ainmníodh seomra ina onóir san amharclann san “The Kelly Room” nó rud éigin ar an dul sin. Ag an am san, deirtear liom go raibh máthair Sir Bob (Geldof) ag obair sa bheár nó in oifig na dticéad san amharclann chéanna.

Ba shean uncail liom a d'oscail amharclann an Tivoli i Sráid San Proinsiais don chéad uair i 1934. Bhí mac leis pósta le Royalette agus a deirfiúr seo ina Royalette fosta. Bhí mac eile leis pósta le Royalette eile fós. B'shin triúr Royalettes sa chlann.

Agus bí ag caint faoi Shiamsa Tíre, is leor domsa Siamsa Bhleá Cliath agus an pháirt a ghlac mo mhuintir ann.



Labels: , , , , , , , , ,

Dé Sathairn, Aibreán 19, 2008

Slán abhaile


Tharla go raibh mé leasmuigh den Leas Ard-Eaglais i Sráid Mhaolbhríde agus aifreann socraide an Iar-Uachtaráin, Pádraig Ó hIrighile, ar siúl laistigh.

D'fhan mé tamall.

Bhí blas na huaisleachta san aer.

Rinne Paddy a chion ar son muintir na hÉireann. Chosain sé sinn ar morán oilc, cé nach raibh ar a chumas sinn a chosaint ar Chathal Cam.

Tugadh socraid Stáit don Chathal céanna.

Díluacháil uafásach socraide.

Rinne Paddy í a athluacháil an tseachtain seo.

Mór a ghlóir.


Óráid Brian Cowen anseo
Tuilleadh pictiúirí anseo



Labels: , , ,

Dé Domhnaigh, Márta 30, 2008

I gCónaí Ariamh!


De gnáth bíonn an leagan Gaeilge níos fuide ná an leagan Béarla.

Seo sampla dá mhalairt. Is trua gur loiteadh leis an droch litriú é.

Tá mórán ráite agam faoin droch-chomharthaíocht cheana.

Agus mé fós tuisceanach ar na deacrachtaí.

Labels: , ,

Vótáil as Gaeilge



Agus mé i mbun taighde i leith stair mo mhuintir, bhí mé ag breathnú ar mhiontuaraiscí Bhardas Átha Cliath i rith Cogadh na Saoirse.

Bhí na poblachtánaigh agus na náisiúntóirí tar éis móramh a bhaint amach ar an mBardas agus bhí na poblachtánaigh de réir a chéile ag caitheamh a gcuid vótaí as Gaeilge.

Ní raibh an Rúnaí sásta na vótaí seo a chlárú mar vótaí dleathacha toisc nach raibh aon fhoráil sa reachtaíocht a cheadódh a leithéid.

B'ionann seo agus an bua a thabhairt do na hAondachtóirí i ngach babhta vótála agus níorbh fhéidir leis na poblachtánaigh ná na náisiúntóirí glacadh le seo ar chor ar bith.

Mar sin, bhriseadar an Rúnaí agus d'órdaigh don Leas Rúnaí glacadh leis na vótaí a chaitheadh as Gaeilge. Dhiúltaigh seisean agus briseadh é.

Ansan cheap na baill duine dá gcuid féin mar rúnaí agus leanadh leis an obair.

Cé nár thaithn seo leis na hÚdaráis níor fhéad siad mórán a dhéanamh faoi.

Bhí an Bardas ag troid leo faoi chúrsaí eile agus rinne na hÚdaráis iarracht a chuid airgid a choinneál ón mBardas agus iad a thabhairt os comhair na cúirte.

Ach mar a thárla, síníodh an Conradh le Rialtas na Breataine, agus b'shin réiteach ar an scéal sin, cé gur lean cúrsaí achrainn eile idir an Bhardas agus Rialtas nua na hÉireann. Ach sin scéal eile.


Labels: , , , ,

Dé hAoine, Márta 21, 2008

Gaeilge amháin?

Dá gcuirfí ceist ort cén fógra oifigiúil a foilsíodh tráth i nGaeilge agus i nGaeilge amháin, an mbeadh a fhios agat?

Bhuel, cuireadh i gcuimhne dom é le déanaí nuair a bhí orm mo cháin mhótair a athnuachaint. Sea, ceart agat, an diosca chánach mótair.

Tá sé na blianta fada anois ó thug mé fé ndeara ar dtús é. Measaim gur ins na seachtóidí abhí sé. Agus caithfidh mé a rá gur chuir sé ionadh orm ag an am. Is beag rud eile, má bhí rud ann fiú, i saol oifigiúil na hÉireann gur i nGaeilge amháin abhí sé.

Ansan bhuail an smaoineamh mé nárbh gá le Béarla ar bith ar an diosca. Níorbh gá ach an dáta a léamh agus ba leor na huimhreacha amháin dó seo.

Buille ar son na Gaeilge agus é saor in aisce.

Bhí na h-eachtranaigh a raibh aithne agam ortha an-tógtha le seo, na Breatnaigh ach go háirithe.

Ansan bhreathnaíos ar dhiosca reatha. Tá na teidil fós as Gaeilge ach tá an Béarla sleamhnaithe isteach de réir mar a mhéadaigh ar an riachtanas faisnéise. Stádas (sa chás seo PRIVATE), déanamh (OPEL - bhuel níl aon Ghaeilge ar seo cibé ar bith!) agus dath (RED) an ghluaisteáin.

Léiríonn sé poinnte mar sin féin. Tá an Ghaeilge go breá fad is nach bhfuil aon fheidm léi. Má bhíonn tú ag iarraidh dul i gcion ar dhuine, sé an Béarla is gá - nó an Pholainnais, b'fhéidir.


Labels: , , ,

Dé Luain, Márta 17, 2008

Lá Fhéile Pádraig

Is cuimhin liom go maith bliain Phádraig.

Is dóigh liom gur i 1961 nó 1962 abhí sé. Cheannaíomarna daltaí cóipeanna speisialta den Lúireach a cuireadh i gcló don ócáid.

Faighmse amach anois go bhfuil a mhachsamhal ag na Navajo.

Tá an-dhán ag Nuala Ní Dhomhnaill dár teideal dó Aistear a scrí sí do Lá 'le Pádraig 1997.

Dán deimhneach dóchasach isea é agus is fiú go mór é a léamh ar an lá seo.

Labels: , , ,

Dé Domhnaigh, Márta 16, 2008

An Sceachín i mBéal Bearna

Tá sé anois cúig bliana ó thug an Sceachín Aoibhinn ruathar faoin Iaráic agus é ag gníomhú, dar leis féin, ar son na sibhialtachta. Féach an méis a rinne sé in ár n-ainm.

Tamall gairid roimh dó seo a dhéanamh bhí léirsithe móra ar fud an domhain ag cur ina choinne. Bhí thart ar 30 milliún duine ar na sráideanna. Bhí léirsiú mór i mBleá Cliath leis. Bhí idir dóchas agus éadóchas i gCearnóg Pharnell an lá sin. Ach bhí slua mór ann agus iad glórach go maith.

Ní fhaca mé ach an t-aon phóstaer i nGaeilge agus bhí sé sin bog béasach nó an searbhas abhí i gceist.

Bhí léirsiú eile ann inné. Ní raibh ach thart ar 400-500 duine air agus iad uilig fliuch báite. Bhí cuma na tuirse ortha agus gan mórán dóchas acu go bhféadfaí aon fheabhas a chur ar chúrsaí. Tá an damáiste déanta agus an domhan ina chíréip ag an Sceachín Aobhinn. Tá an foréigean imithe i dtreise sa Mheán Oirthear agus é á scaipeadh ar na ceithre hairde mar fhreagra ar shainnt na bPoncán agus a gcáirde.

Arís ní raibh ach an t-aon fhógra as Gaeilge.

An amhlaidh nach bhfuil suim ag muintir na Gaeilge ach i gcúis na Gaeilge féin?

Caithfear a rá, mar sin féin, go raibh Micheal D ann agus é dílis don dá chúis i gcónaí.

Labels: , , ,

Cnag cnag




As seo amach tá mé chun mo phostáil as Ghaeilge a dhéanamh faoin lipéad seo.

Ag cnagadh ar dhoras an tsaoil a bhéas mé go dtí go n-osclófar dom é agus go bhfaighe mé freagraí ar mo chuid ceisteanna.

Beidh mé ag cnagadh freisin ar dhoras na Gaeilge féachaint céard atá i ndan di agus cé tá ag baint úsáid aisti ar mhaithe leo féin.

Beidh mé ag cnagadh leis ar dhoras na staire ag tochailt na préamhacha dom de réir mar a oireann.

Bígí liom.

Labels: , , ,