Showing posts with label Corcaigh. Show all posts
Showing posts with label Corcaigh. Show all posts

Thursday, May 09, 2013

Ceannaircigh Chorcaigh


Tá pas ar leith eisithe ag Corcaigh do Thóstal 2013.

Bhí an céad leagan den phas seo, a seoladh mar réamhphoiblíocht chuig Morning Ireland RTÉ, bacach béarlach (féach thuas). Ach níor thug éinne seo faoi ndeara agus chuir RTÉ sa timpeall ar Twitter é.


Am éigin idir sin agus seo, thug duine éigin an botún faoi ndeara agus tá sé anois ceartaithe, mar a léiritear thuas.


Bígí Ann


Wednesday, May 25, 2011

Sráid Phádraig Naomhtha

Cliceáil le híomhá níos mó a fháil

Tá sé deas leagan éagsúil a fheiscint ó am go ham.

Níl aon rud cearr leis an mbunfhógra, ach ní fhaca lucht a athphéinteála ceann ar bith de na trí bhuailtí agus d'fhágadar gan péint iad.

Sráid Phádraig i gCathair Chorcaí atá i gceist.

Tá na buailtí péinteálta sa cheann thíos cé nach ionann an leagan Corcaíoch agus an leagan Bleá Chiathach den ainm sráide seo.

Cliceáil le híomhá níos mó a fháil