Friday, November 03, 2017

Geasa na Gaeilge


Cliceáil ar íomhá ar bith le leagan níos mó a fháil

Bím de shíor ag gearán faoi dhroch-úsáid na Gaeilge.

Bhuel, mheas mé cúpla dea-shampla a lua ina áit san inniu.

Chonac an ceann thuas i leabharlann Ráth Eanaigh roinnt bliain ó shoin. Tá sé thar a bheith cliste ag baint úsáid as an dátheangachas agus macalla "flower power" le dul i bhfeidhm ar dhaoine.



Luaigh mé cheana dea-úsáid na Gaeilge i dtaispeántas Jacob's Biscuits i gCartlann na Cathrach le déanaí.



Chonac seo i leabharlann Ráth Eanaigh inné.



Thaithn an "t-aistriúchán" go mór liom. Níor rinne an t-aistritheoir aon iarracht teacht ar leagan foclóra de "blown away". Glac sí le nath Gaeilge le macalla na Fiannaíochta - "faoi Gheasa".

[B'fhearr liom féin "Imigh" nó "Téir/Téigh" seachas "Bí" ach ní bhaineann seo puinn dem mholadh.]

No comments: