Tuesday, April 28, 2015

CLO 2015


Comórtais Liteartha an Oireachtais 2015
Cliceál ar íomhá ar bith chun teacht ar leagan níos mó

Tháinig an clár isteach trín bhosca litreach inné. Cuma air go bhfuil sé ag éirí níos tanaí in aghaidh na bliana agus griangraif ann len é a thoirtiú fiú. Ní hionann ar bith é agus an clár toirtiúil a bhíodh ann ins na seachtóidí nuair a chuireas féin isteach ar chúpla comórtas.


Má tá an clár níos tanaí tá an réimse comórtas níos cúng. Mar shampla níl aon comórtas leictreonach ann seachas dráma a scrí don raidió nó scriopt don teilifís agus níl siad siúd leictreonach go fírinneach.

Séard a bhéadh i gceist agam ná blag, suíomh gréasáin nó Facebook, úsáid Twitter ar ócáidí Gaeilge mar a déantar sa Bhéarla. Níl aon chomórtas do chlár raidió nó físeáin ach oiread. Tá fhios agam go bhfuil na Gradaim Chumarsáide ann mar chuid den Oireachtas ach is don lucht proifisiúnta iad siúd.

Níl aon comórtas aistí staire ginearálta nó stair áitiúil, nó aistí ginéalachais ach oiread. Is ábhair iad seo atá ag éirí níos coitianta i measc pobal an Bhéarla na laethanta seo.

Agus níl caint ar bith ar Dheich mBliana na gCuimhneachán.


Tá líon na n-urraí an chúng leis. Cá bhfuil:

Twitter - d'fhéadfaidís siúd comórtas a urrú don úsáid is fearr bainte as Twitter ag imeachtaí Gaeilge, maidir le hathchoimire beo a chraoladh nó/agus ateangaireacht a chur ar fáil, ag baint úsáid as Twitter.

Google - tá siad siúd anois i bhfeighil Blogger agus chomh maith le comórtas blag, d'fhéadfaí comórtas taighde ar líne nó/agus comórtas léarscáilíochta idirghníomhach (ag baint úsáid as Google) a reachtáil. Tá ceanncheathrú Eorpach ag an dream seo i mBleá Cliath anois agus iad fábharach i leith na Gaeilge.

Facebook -leathanaigh scéal pearsanta, eagrais, suiomh gréasáin, blag.

Wordpress - mar an gcéanna.

Comhairlí Cathrach agus Contae - teaspántais ar mórán ábhar a bheadh oiriúnach do na leabharlanna.

Éircom/3 - apps (cláir leictreonacha) Gaeilge do na fóin phóca éagsúla.

Coiste Dheich mBliana na gCuimhneachán - aistí, físeáin, imeachtaí etc.


Ba chóir go mbeadh maoiniú de shaghas éigin le fáil ó na dreamanna thuas do na comórtaisí a luas.


Bheinn ag ceapadh go mbeadh sé mar aidhm ag an Oireachtas daoine a spreagadh le cur chuig na himeachtaí thuas trí mheán na Gaeilge. Is cuid mhór iad de shaol an lae inniu agus tá beag beann á dhéanamh orthu ag an Oireachtas.


Cinnte, dá mbeadh an réimse comórtas á leathnú mar a mholas, bheadh gá le feachtas dáiríre bolscaireachta le lucht iontrála réasúnta mór a mhealladh isteach.

Ach, i ndeireadh na dála, ní bheidh fhios ag an Oireachtas cé chomh mór is fiú seo go dtí go gcuireann siad chuige.

1 comment:

Réaltán Ní Leannáin said...

aontaím leat go hiomlán. An réimse ábhar tanaí agus coimeadach, easpa urraíochta agus na táillí daor! Muna gcuirtear na meáin leictreonacha isteach - scríobh, raidió agus físeáin - fágfaidh siad go leor de lucht na Gaeilge sa lá atá inniu ann ina ndiaidh.