Monday, April 15, 2013

An Peann Luaidhe Abú


Tháinig clár na gComórtas Liteartha tríd an bpost inniu.

Cuma air go bhfuil laghdú tagtha ar líon agus ar réimse na gcomórtas le blianta beaga anuas.

Níl aon chomórtas a bhaineann go speisialta leis an idirlíon/gréasán. Is gné í seo de shaol an lae inniu go bhfuil géar ghá muintir na Gaeilge a spreagadh le bheith páirteach inti.

Tá spéis á cur i stair mhuintire agus stair áitiúil ag daoine i gcoitinne, ach níl aon chomórtas ann len iad a spreagadh chun a gcuid torthaí a chur i láthair trí mhéan na Gaeilge.

Bhíodh a leithéidí ann agus is cruthú é ar a n-éifeacht spreagtha an blag seo féin a theacht ar an saol.

N'fheadar mé cad tá ar siúl anseo ar chor ar bith?

2 comments:

Réaltán Ní Leannáin said...

thug mé an rud céanna faoi deara nuair a léigh mé an clár. N'fheadar nach bhfuil siad in ann teacht ar chomhlacht nó ar roinn coláiste tríú leibhéil le duais do na meáin leictreonacha a chur ar fáil, nó an é nach gcreideann siad go bhfuil aon ghá leis? Cinnte go bhfuil airgead maoinithe amuigh ansin ag coláiste éigin leis an duais a chur ar fáil, agus breithimh leis, ar mhaithe le poiblíocht a fháil d'fheabhas a gcuid cúrsaí? Cibé is cúis leis, céim ar gcúl is ea é gan aitheantas a thabhairt do na meáin nua atá ag teacht i réim chomh gasta sin.

Póló said...

@Réaltán

Dochreidte.