Friday, December 24, 2010

Nollaig Shona 2010


Séipéal Naomh Assam

Is iarsma anois é an séipéal seo
i lár shráidbhaile Ráth Éanna i mBleá Cliath.
Togadh an fothrach sa phictiúr i 1712,
in áit sean séipéal a tógadh i 1609.
Meastar go raibh lonnaíocht mhanacúil ann tráth.

ó photostream Phóló @ Flickr



6 comments:

Míshásta said...

Pictiúr deas tráthúil.

Nollaig Shona agus go dtaga coscairt gan mhoill chugaibh i mBáC.

Mise Áine said...

Nollaig Shona, a chara.

Póló said...

@Míshásta

Tá sí tagtha faoi dheire, fiú go Bleá Cliath :)

@Mise Áine

GRMA

& Nollaig Shona agus Athbhliain fé mhaise dhaoibh beirt.


Mise Áine said...

Tá Mise Áine curtha faoi ghlas/mhíchumas ag Google, agus tá blag nua cruthaithe agam, a chara.

Sé http://ramhaille.blogspot.com an seoladh nua, más rud go bhfuil uait an nasc, Mise Áine, a nuashonrú ar dheis ansin. GRMA

Póló said...

@Mise Áine

Is trua liom do chás. Abair linn má thagann sé thar nais.

Idir an dá linn, tá an nasc le Mise Áine sa cholún ar dheis athraithe le díriú ar an mblag nua.

Pól

Póló said...

Is breá go bhfuil an sean cheann ar ais.

Nasc sa cholún ar dheis athraithe beagáinín sa bhreis!