Monday, September 01, 2008

Staid Stádais


D'imigh mé thar oifigí an Choimisiúin Eorpaigh cúpla lá ó shoin. Bhuail an smaoineamh mé narbh ró-oiriúnach í an rogha chló acu don bhfógra thuas.

Níl aon idirdhealú idir an ponc agus an fada os cionn an litir "i" sa chló seo. Níl sé in oiriúint ach do theangacha nach mbíonn "í" (fada) iontu. Measann tú go bhfuil fada ar gach "i" sa chló seo.

Ní go dtí gur thosnaigh mé ar an bpost seo a chur le chéile a thug mé faoi ndeara go raibh litriú an fhocail "ionadaíocht" mícheart fiú. B'fhéidir gur "aoidheach" abhí in aigne an té a scrí.

Stádas ina stad cheana féin?

Fáilte go Liospóin!


3 comments:

Anonymous said...

Cad is brí le h"ionadaíocht"?

An ionad atá i gceist acu?

Póló said...

"Representation" atá i gceist. Is ionann é agus cineál ambasáid. Bureauspeak isea é. Níl sé ag an Dónallach ná ag an Duinníneach.

Cineál oifig as baile isea é. Tá ceann againn féin sa Bhruiséil chun plé leis an EU.

Póló said...

Tá an comhartha seo bainte ó shoin.