Wednesday, July 23, 2008

Spíce Spleodrach


Is trua gur tógadh sa chéad áit é, ach más ann dó, tá sé chomh maith é a bheith glan agus na soilsí a bheith ag obair air. Nach Spíce Solais a tugtar air? Agus é ina scathán ar chuid de shaol na cathrach.

Pé scéal é, thar an deireadh seachtaine, agus mé ag trasnú Sráid Uí Chonaill, thug mé faoi ndeara go rabhthas ag glanadh/deisiú an Spíce.



Ní fhaca mé seo cheana agus mar sin ghlac mé roint griangrafanna.





Dúradh liom gan Sarkozy nó Vlad the Impaler a luadh agus ní dhéanfad.

Tá rud amháin cinnte. Ní hionann seo agus Túr Martello. Pianmhar!


5 comments:

Anonymous said...

Pictiúirí deasa. Ach tá cuma na glacaireachta aonair ar an gcéad ceann agus ní chóir é a bheith ar taispeáint roimh 9in.

Anonymous said...

Gabh mo leathscéal, ach is fuath liom an monstrosity sin. Ní thuigim conas a bhféadfaí cead a thabhairt a leitheid a chur in aice leis an GPO - ar shráid stairiúil i lár na príomh cathrach.

Póló said...

Anon: Lán cheart agat. Loiteann sé an tsráid. Bhí Nelson dona go leor. Tháinig feabhas mór ar an sráid tar éis titime dó. Bhí sé de cheart acu í a fhágáil mar sin agus gan an mhéiseáil mhílaoise seo a bhrú orainn.

Vivion said...

Taithnionn an dara griangraf go mor liom.

Póló said...

Main d'oeuvre